An chéad ‘Pop-up Gaeltacht’ riamh ag cluiche CLG

Beidh ‘Pop-up Gaeltacht’ ar siúl ag an chluiche sraithe Allianz idir Muineachán agus Dún na nGall an mhí seo

An chéad ‘Pop-up Gaeltacht’ riamh ag cluiche CLG

Beidh an chéad ‘Pop-up Gaeltacht’ riamh ag cluiche CLG ar siúl ag an chluiche sraithe Allianz idir Muineachán agus Dún na nGall ar an Domhnach tar éis na Féile Pádraig.

Tabharfar tús áite ag an gcluiche don Ghaeilge agus beidh spás lán-Ghaeilge curtha ar leataobh ar chúl Ardán Gerry Arthur i bPáirc Naomh Tighearnach, Muineachán, roimh an gcluiche agus ina dhiaidh, le haghaidh cainteoirí Gaeilge, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa.

Is é Coiste Cultúir agus Gaeilge CLG Chontae Mhuineacháin atá ag eagrú an ‘Pop Up’ tá súil ag an gcoiste go gcruthófar “timpeallacht lán-Ghaeilge” i bPáirc Naomh Tighearnach.

Beidh na fógraí uilig as Gaeilge ag an gcluiche, beidh puball lán-Ghaeilge ar chúl an ardáin agus gealltar go mbeidh Gaeilge le feiceáil ar fud na páirce. Anuas air sin, beidh ceol traidisiúnta, tae agus caife, agus neart rudaí eile saor in aisce á dtabhairt amach sa phuball.

Baineann an ócáid seo le clár Choiste Chontae Mhuineacháin do Bhliain na Gaeilge 2018, ach táthar ag súil go mbeidh i bhfad níos mó deiseanna á gcur ar fáil do phobal na Gaeilge ag cluichí Chumann Lúthchleas Gael amach anseo.

Cá bhfios, b’fhéidir go bhfeicfí Pop-up Gaeltachtaí eile ag cluichí craoibhe móra an tsamhraidh?

Fág freagra ar 'An chéad ‘Pop-up Gaeltacht’ riamh ag cluiche CLG'

  • Mánus

    Tá airgead ag an GAA. Tá Gaeil óga nach bhfuil in acmhainn tithe a cheannacht ná cíos a íoc. Dá dtacódh an GAA le Gaeil óga comharchumann tithíochta a bhunú bheadh Pobal LánGhaeilge i gcathair mhór in Éirinn ar nós cathair na Gaillimhe. Theastódh úinéireacht roinnte mar a bhíonn in árasáin sa tSualainn le go mbeadh an comharchumann in an scar (teach no árasá) a dhíol le Gaeilgeoir. Bíonn socraithe mar sin i Meirceá. Ní féidir leis an túinéir an t-árasán a dhíol le duine ar bith beo mar is é an comharchumann a roghnaíonn an duine a cheannaíonn árasáin sa mbloc-árasáin.