An chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge le 60 bliain anuas curtha chuig na clódóirí

1,800 leathanach atá sa Concise English-Irish Dictionary a bhfuiltear ag súil lena sheoladh an fómhar seo

An chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge le 60 bliain anuas curtha chuig na clódóirí

Tá an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua le breis is 60 bliain seolta chuig na clódóirí.

1,800 leathanach atá sa Concise English-Irish Dictionary a bhfuiltear ag súil lena sheoladh an fómhar seo.

30,000 ceannfocal atá san fhoclóir nua a bhfuil Pádraig Ó Mianáin, scoláire Gaeilge as Doire, ina Phríomh-Eagarthóir air.

Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir ar líne atá áirithe ar cheann de na tograí Gaeilge is uaillmhianaí agus is tábhachtaí dá raibh ann le fada.

48,000 ceannfhocal atá sa bhfoclóir ar líne ach ar ndóigh ba ghá ciorruithe a dhéanamh don leagan clóite.

1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus beidh 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann.

Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe i 1959.

8,000 cóip den fhoclóir nua atá le foilsiú agus comhlacht Éireannach atá lonnaithe san Iodáil a chuirfidh i gcló é.

Táthar ag súil an foclóir nua a sheoladh ag tús na scoilbhliana nua mí Mheán Fómhair.

Dúirt Bainisteoir Thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Cormac Breathnach, le Tuairisc.ie gur údar mór sásaimh d’fhoireann an fhoclóra gur éirigh leo an beart a dhéanamh agus an saothar a chur díobh tráth a bhfuil deacrachtaí go leor le sárú ag daoine de bharr na paindéime.

“Cúis áthais dúinn go léir gur cuireadh an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge go dtí na clódóirí Dé Luain. Bhí deacrachtaí suntasacha gan choinne le sárú i gcéimeanna deiridh an fhoclóra de bharr na mbeartas atá i bhfeidhm ar fud na tíre le tamall,” arsa Cormac Breathnach.

Dúirt Breathnach go bhfuiltear lán dóchais go n-éireoidh le lucht an fhoclóra a sprioc a bhaint amach agus an Concise English-Irish Dictionary a sheoladh ag deireadh an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'An chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge le 60 bliain anuas curtha chuig na clódóirí'

  • Niall Comer

    Comhghairdeas ó chroí le foireann an fhoclóra agus le Pádraig Ó Mianáin ach go háirithe as an éacht seo.

  • Seán

    Uisce le mo chár ag dúil le d’fhoclóir a Phádraig. Bulaí fir. Buíochas na nGael tuillte agat féin agus ag do mheitheal!

  • Mairéad Ní Fhathaigh

    Tógáil croí an dea-scéala seo a chluinstin. Ardmholadh agus buíochas tuillte agaibh uilig. Maith sibh. Mairéad

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Mo cheol thú a Phádraig!
    Moladh leat agus leis an bhfoireann go léir.

  • Eilís Ui Bhriain

    Dea-scéal cinnte, tréaslaím leat a Phádraig…

  • Ríona de Búrca

    Comhghairdeas ó chroí Le Cormac Breathnach agus foireann an fhoclóra nua. Éacht ollmhór atá i gceist agus táimid go léir ag Súil Lena sheoladh.

  • Éamonn Ó Gribín

    Ní raibh mé riamh i bhfabhar cóip chrua a fhoilsiú … cur amú airgid, nuair atá cúrsaí níos práinní ann! ( Trua nach raibh an deis tugtha don earnáil phríobháideach leagan clóite a sholáthar!)

    Cá fhad a chaithfimid fanacht le foclóir Gaeilge-Gaeilge do dhaoine fásta?

    Cá fhad a chaithfimid fanacht le foclóir Gaeilge Gaeilge a fhreastalódh ar riachtanais na n-aoiseanna seo a leanas mar shampla;
    Mar shampla;
    1. Foclóir ar líne le léaráidí agus fuaimeanna don aoisghrúpa 7-9, foclóir cosúil leis an ‘An Foclóir Beag’ atá ann cheana féin ach é a bheith nuashonraithe go leanúnach agus comhaid fuaime curtha leis.
    2. Foclóir Gaeilge -Gaeilge Scoile ar-líne, ar chaighdeán cosúil leis an Oxford School Dictionary ISBN 978-0-19-274710-5.
    3. Foclóir Gaeilge-Béarla (clóite), ar chaighdeán an Oxford Childrens Welsh-English Visual Dictionary/dp/0192735632 ?

    Ar scor ar bith, gabhaimid buíochas le Pádraig Ó Mianáin agus iad siúd go léir a d’oibrigh / atá fós ag obair ar an tionscadal inmholta seo.

  • Éamonn Ó Gribín

    Mea culpa!

    Feicim gur scríobh me “Ní raibh sé riamh i bhfabhar cóip chrua a fhoilsiú …”, in áit “Ní raibh mé riamh i bhfabhar cóip chrua a fhoilsiú”.

    Ceartaigh m’ earráid le do thoil.