An chéad chorn ó Ráth Chairn tugtha leo ag Naomh Anna, foirne na Mí san iomaíocht agus tuilleadh le bronnadh

Tá súil le coimhlintí maithe i Ráth Chairn tráthnóna, go háirithe i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na bhFear idir Bhulf Tón agus An Tearmann

An chéad chorn ó Ráth Chairn tugtha leo ag Naomh Anna, foirne na Mí san iomaíocht agus tuilleadh le bronnadh

Pictiúr: Joe Conlon

Beidh neart suime ag muintir na háite i gcluichí ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta inniu agus trí cinn d’fhoirne ó Ghaeltacht na Mí san iomaíocht do choirn i Ráth Chairn.

Imreoidh an fhoireann bhaile, Clann na nGael, in aghaidh Naomh Náille ag 2.00pm i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir na bhFear, agus beidh mná agus fir Bhulf Tón ag imirt i gcluichí móra chomh maith agus mná an chumainn ag tabhairt aghaidh ar Naomh Columba i gCraobh Shóisir na mBan (10.00am) agus na fir ag imirt in aghaidh dream eile as Dún na nGall, An Tearmann, i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na bhFear (4.00pm).

Tá Bhulf Tón ag iarraidh Corn an Aire a thabhairt leo den tríú huair agus áit i gcluiche ceannais an Luain bainte amach acu tar éis dóibh Cill na Martra a shárú oíche aréir, 2-14 in aghaidh 0-19. Bhí cuma na maitheasa ar fhir Bhaile Ghib agus iad aon phointe dhéag chun tosaigh agus níos lú ná deich nóiméad fágtha ach ba bheag nár éirigh le Cill na Martra teacht ar ais ar comhscór.

D’aimsigh Maidhc Ó Duinnín (0-3), Antaine Ó Loingsigh (0-6), Ciarán Ó Fóirréidh agus Ciarán Ó Duinnín (0-1 an duine) pointí chun iad a tharraingt ar ais sa gcluiche ach ba é an pointe a fuair Fiachra Ward do Bhulf Tón i lár rúid fhir Mhúscraí a scar na foirne ar deireadh.

B’fhearr an fhoireann Bhulf Tón den chuid is mó, áfach, agus tús an-láidir curtha acu leis an gcluiche. Bhí siad imithe 1-4 in aghaidh 0-0 chun cinn taobh istigh den chéad deich nóiméad, agus 1-2 ag Oisín Martin. Sé phointe a bhí idir na foirne ag leath ama, 1-8 in aghaidh 0-5, agus bhí an dara cúl ag Bhulf Tón go luath i ndiaidh leath ama nuair a bháigh Thomas O’Reilly iarracht san eangach sular thosaigh teacht aniar Chill na Martra.

Foireann mhór láidir iad An Tearmann chomh maith agus d’úsáid na Conallaigh an neart sin chun an ceann is fearr a fháil ar An Spidéal sa gcluiche leathcheannais eile, 1-20 in aghaidh 1-12. Bhí na fir móra breá ábalta peil a imirt chomh maith agus fuair siad cúilíní den scoth sa gcéad leath. I measc na scóranna is fearr díobh bhí na trí cinn de scóranna dhá phointe a fuair Ryan McFadden sa gcéad 30 nóiméad.

Bhí an Tearmann 0-15 in aghaidh 0-2 chun tosaigh sa gcéad leath sin ach laghdaigh an Spidéal an bhearna ag leath ama agus ceithre phointe as a chéile faighte acu. D’éirigh leis an Spidéal an bhearna a laghdú tuilleadh sa dara leath nuair a fuair an t-imreoir contae Liam Ó Conghaile cúpla scór dhá phointe ach buaileadh buille maraithe na muice, mura raibh sí básaithe roimhe sin, ar fhir an Spidéil agus ceathrú uaire fágtha nuair a d’aimsigh McFadden cúl don Tearmann. D’aimsigh Ciarán Ó Laoi cúl don Spidéal cúig nóiméad roimh an deireadh chun cuma níos fearr a chur ar chlár na scór.

Bhain Clann na nGael áit amach sa gcluiche ceannais sa gCraobh Shóisir i gcoinne Chill Chomáin, 3-12 in aghaidh 1-11. Chuir fir Mhaigh Eo cúpla deis ar chúl amú sa gcéad chúig nóiméad agus d’íoc siad as nuair a d’aimsigh Thomas Doyle cúl do Chlann na nGael chun iad a chur 1-3 in aghaidh 0-1 chun cinn. Bhí Clann na nGael imithe as radharc nach mór faoi dheireadh an chéad leatha agus cúl eile aimsithe ag an sárthosach Ben Corkery, ach cinnte bhí an cluiche thart nuair a lasc Eoin Kelleher iarracht san eangach agus gan ach 20 soicind imeartha sa dara leath.

Is in aghaidh Naomh Náille, a bhuaigh Corn Ghael Linn in 2017, a bheidh Clann na nGael. Tháinig na Conallaigh aniar aduaidh ar sheaimpíní sóisir na hÉireann, an Cheathrú Rua, ina gcluiche leathcheannais in Áth Buí, 1-11 in aghaidh 1-9. Bhí na foirne cothrom ag leath ama agus fós gan tada eatarthu agus deich nóiméad fágtha ach chríochnaigh Naomh Náille níos láidre chun an lá a thabhairt leo.

Bhí údar díomá ag mná Chlann na nGael áfach agus cliste orthu i gcoinne Naomh Columba sna babhtaí leathcheannais. Thug mná na Mí an corn leo ó Chill na Martra an bhliain seo caite ach bhí bua trí phointe ag Naomh Columba, 1-16 in aghaidh 2-10. Bhí Clann na nGael chun tosaigh agus níos lú ná deich nóiméad fanta ach d’aimsigh Caitríona O’Neill cúl do Naomh Columba chun iad a chur chun cinn agus an taoide a chasadh. Casfaidh Naomh Columba anois ar Bhulf Tón tar éis do mhná Bhaile Ghib bua maith a bheith acu ar Bhéal an Mhuirthead, 5-5 in aghaidh 1-6.

Mná Naomh Anna, Leitir Móir a thug leo an chéad chorn ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2025 i Ráth Chairn agus an ceann is fearr faighte acu ar Ghaeil Fhánada sa gCraobh Idirmheánach Dé Domhnaigh.

Sarah Ní Loingsigh a bhí ina laoch ag foireann Cheantar na nOileán agus an scór cinniúnach aimsithe aici is gan ach cúpla nóiméad fágtha chun bua aon phointe amháin a thabhairt do Naomh Anna, 0-7 in aghaidh 0-6.

Ba le scór Uí Loingsigh a chuaigh Naomh Anna chun tosaigh den chéad uair sa gcluiche agus cé nach raibh siad chun cinn ach ar feadh trí nóiméad ar fad sa gcluiche, ba iadsan a bhí ag ceiliúradh nuair a séideadh an feadóg dheireanach.

Más é scór Uí Loingsigh a bhuaigh an corn, obair Ríona Uí Fhlatharta a chinntigh go raibh Naomh Anna fós sa gcluiche agus trí cinn de scóranna tábhachtacha faighte aici tar éis do Ghaeil Fhánada tús maith a chur leis an gcluiche.

Baile Chláir na Gaillimhe agus An Clochán Liath a bheidh i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na mBan tráthnóna ag 12.00pm.

Fág freagra ar 'An chéad chorn ó Ráth Chairn tugtha leo ag Naomh Anna, foirne na Mí san iomaíocht agus tuilleadh le bronnadh'