Beagnach gach ceann den 949 suíochán sna húdaráis áitiúla líonta

Agus níos lú ná caoga suíochán le líonadh sna toghchán áitiúla bhí Fine Gael agus Fianna Fáil gob ar ghob

Beagnach gach ceann den 949 suíochán sna húdaráis áitiúla líonta

Agus beagnach gach ceann den 949 suíochán sna húdaráis áitiúla líonta, tá Fine Gael, Fianna Fáil agus iarrthóirí neamhspleácha go maith chun cinn ar na páirtithe eile.

Tá formhór na suíochán líonta chomh maith sna toghlimistéir ina bhfuil ceantair Ghaeltachta. Tráthnóna inné a chríochnaigh an comhaireamh i gConamara Theas, áit ar toghadh beirt iarrthóirí de chuid an ghrúpa nua neamhspleách, Independent Ireland.

Bhí drochlá ag Sinn Féin sna toghcháin agus níor éirigh leo aon dul chun cinn le dealramh a dhéanamh, cé go raibh siad go maith chun tosaigh sna pobalbhreitheanna náisiúnta go dtí le déanaí.

Tráthnóna inniu bhí 246 suíochán ag Fianna Fáil agus iad chun cinn ar éigean ar Fine Gael a raibh 245 suíochán  acu. Thart ar 23% de vótaí céadrogha a bhí ag dhá mhórpháirtí an rialtais.

101 suíochán a bhí ag Sinn Féin, is timpeall 12% de na vótaí céadrogha acu. 56 suíochán a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre agus 23 a bhí ag an gComhaontas Glas.

Bhí 35 suíochán ag na Daonlathaithe Sóisialta, 13 a bhí ag Pobal Roimh Bhrabús agus ocht gcinn a bhí ag Aontú. 185 suíochán a bhí ag neamhspleáigh agus 33 a bhí ag iarrthóirí eile.

Seán Kelly, Fine Gael

 

Sna toghcháin Eorpacha ba é Seán Kelly an chéad duine a toghadh chun Parlaimint na hEorpa. Toghadh Kelly, feisire Eorpach de chuid Fhine Gael agus cainteoir líofa Gaeilge, i dtoghlaigh an Deiscirt. Tá 13 iarrthóir eile le toghadh i dtrí thoghlach na hÉireann. Bhí an chuma ar an scéal go bhfaigheadh Barry Andrews, Fianna Fáil, agus Regina Doherty Fhine Gael an chéad dá shuíochán i dtoghlach Bhaile Átha Cliath. Sa tóir ar an dá shuíochán eile, tá Lynn Boylan, Sinn Féin, Ciarán Cuffe ón gComhaontas Glas, Niall Boylan ó Independent Ireland agus Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre.

I dtoghlach an Deiscirt is cosúil go mbeidh Billy Kelleher, Fianna Fáil, ag filleadh ar an Eoraip in éineacht le Seán Kelly agus meastar go mbeidh an t-iarrthóir neamhspleách as contae an Chláir Michael McNamara sa tríú háit. D’fhéadfadh Cynthia Ní Mhurchú Fhianna Fáil, Kathleen Funchion Shinn Féin, Grace O’Sullivan an Comhaontas Glais agus Mick Wallace, neamhspleách, a bheith san iomaíocht do dá shuíochán eile.

I dtoghlach Lár Tíre – an Iarthuaiscirt, tá ag éirí go maith le beirt fheisirí Eorpacha eile, Luke Ming Flanagan, neamhspleách,  Maria Walsh agus Nina Carberry ó Fhine Gael agus Barry Cowen ó Fhianna Fáil a bheidh na chéad ceithre shuíochán. Síltear go mbeidh roinnt iarrthóirí ag fiach an suíochán eile ach gur ag Ciaran Mullooly ó Independent Ireland a rachaidh sé sa deireadh.

Leanfar i leis an gcomhaireamh chun an 14 feisire a dhéanfaidh ionadaíocht ar Éirinn i bParlaimint na hEorpa a thoghadh.

De réir an chéad chomhairimh do thoghchán an mhéara in Luimneach, bhí an neamhspleách John Moran, iar-ardrúnaí na Roinne Airgeadais go maith chun cinn agus os cionn 18,000 vóta céadrogha aige, 23% den iomlán.

Sa dara háit bhí an neamhspleách Helen O’Donnell agus 12,903 vóta aici. Bhí Dee Ryan ó Fhianna Fáil sa tríú háit le 11,785 agus í chun cinn ar Daniel Butler ó Fhine Gael a fuair 10,190 votes. An Teachta Dála de chuid Shinn Féin Maurice Quinlivan a bhí sa chúigiú háit le 8,331 vóta.

Mary Lou McDonald. Pictiúr: RollingNews

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh an-díomá uirthi faoi thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach. Sciar timpeall 12% den vóta a bheidh ag an bpáirtí nuair atá deireadh déanta agus cé gur méadú é sin ar an 9% a fuair siad sna toghcháin áitiúla in 2019, laghdú mór a bheadh ann ar an 24% a ghnóthaigh siad in olltoghchán 2022.

Dúirt McDonald go ndéanfadh sí athbhreithniú ar na torthaí agus go bpléifí an uile ghné de na toghcháin.

“Tá a fhios agam gur féidir linn déanamh níos fearr ná seo, táimse meáite ar a chinntiú go ndéanfaimid níos fearr,” ar sí.

Dúirt ceannaire Shinn Féin go gcaithfí na moltaí a bhí ag an bpáirtí a shoiléiriú agus a gcuid pleananna a chur os comhair an phobail seachas a bheith díreach ag aithint cad atá mícheart. Ghéill sí go raibh an iomarca iarrthóirí ag an bpáirtí.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris nach raibh aon athrú ar a thuairim faoi cén uair ba chóir an chéad olltoghchán eile a reáchtáil.

Simon Harris. Pictiúr: RollingNews

Bhí dea-scéal do Shinn Féin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne nuair a d’éirigh le Robert Brosnan suíochán a fháil don pháirtí, bua stairiúil dóibh sa cheantar. Tommy Griffin ó Fhine Gael agus Breandán Fitzgerald ó Fhianna Fáil a fuair an dá shuíochán eile i gCorca Dhuibhne.

I gConamara Theas ba é Noel Thomas ó Independent Ireland an chéad duine a toghadh. Toghadh in éineacht leis sa 10ú comhaireamh inniu a chomhghleacaí Michael Leainde as Ros an Mhíl.

Toghadh chomh maith sa toghroinn ina bhfuil cuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire as na Doiriú, Fine Gael, Tomás Ó Curraoin, Sinn Féin Poblachtach as Bearna, agus Máirtín Lee as Ceantar na nOileán.

I gConamara Thuaidh, an neamhspleách Thomas Welby a bhí ar bharr an chomhairimh agus ina dhiaidh sin toghadh Seamus Walsh ó Independent Ireland, Gerry King ó Fhianna Fáil agus Eileen Mannion ó Fhine Gael.

I Maigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, toghadh arís an seisear comhairleoirí ar éirigh leo sé shuíochán an cheantair a bhuachan in 2019 – Gobnait Moynihan, Fianna Fáil, a bhí ag ceann an chomhairimh, Michael Creed, Fine Gael, Michael Looney, Fianna Fáil, Eileen Lynch agus Ted Lucey, Fine Gael agus Martin Coughlan, neamhspleách.

Sna Gleannta i nDún na nGall toghadh Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, neamhspleách, a bhí ar cheann an chomhairimh, Michael McClafferty, neamhspleách, Anthony Molloy, Fianna Fáil,  John Shéamais Ó Fearraigh, Sinn Féin, Denis McGee, 100% Redress, agus Brian Carr, Sinn Féin.

I dtoghlach Dhún na nGall toghadh, Michael Naughton, Fianna Fáil, Noel Jordan agus Michael McMahon ó Shinn Féin, Jimmy Brogan, neamhspleách, Manus Boyle, Fine Gael agus Niamh Kennedy, neamhspleách.

I mBaile na nGallógach, toghadh beirt neamhspleách Declan Meehan agus Pauric McGarvey agus Liam Blaney ó Fhianna Fáil.

I nDún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, toghadh ar an gcéad chomhaireamh Damien Geoghegan ó Fhine Gael agus Conor McGuinness ó Shinn Féin. Toghadh ina dhiaidh sin Tom Cronin ó Fhianna Fáil, Pat Nugent ó Fhine Gael, Thomas Phelan ó Pháirtí an Lucht Oibre agus an neamhspleách, Joe O’Riordan. Chaill an comhairleoir Gaeltachta neamhspleách Séamus O’Donnell a shuíochán.

I gCeanannas, mar a bhfuil Gaeltacht na Mí, toghadh Sarah Reilly ó Fhine Gael sa chéad chomhaireamh agus toghadh a comhghleacaí Eugene Cassidy sa dara comhaireamh. Toghadh ina dhiaidh sin beirt ó Fhianna Fáil Sean Drew agus Mike Bray, beirt ó Shinn Féin, Michale Gallagher agus Peter Caffrey, agus neamhspleách amháin, David Gilroy.

Maidir le toghlimistéir Ghaeltachta Mhaigh Eo, i mBéal an Mhuirthead, toghadh beirt as Fianna Fáil, Paul McNamara agus Sean Carey, agus duine as Fine Gael, Gerry Coyle.

An neamhspleách Michael Kilcoyne a bhí ar cheann an chomhairimh i gCaisleán an Bharraigh agus toghadh in éineacht leis sa chéad chomhaireamh Ger Deere as Fine Gael. Toghadh freisin Blackie Gavin agus Al McDonnell as Fianna Fáil, Cyril Burke agus Donna Sheridan as Fine Gael agus Harry Barrett, neamhspleách.

 

Fág freagra ar 'Beagnach gach ceann den 949 suíochán sna húdaráis áitiúla líonta'