An chéad chnuasach filíochta Gaeilge a chum AI le foilsiú

Dorchadas an Dúchais, an teideal a bheidh ar an gcnuasach ‘AI’ nua a bheidh á fhoilsiú an fómhar seo chugainn ag Cló Iar-Chonnacht

An chéad chnuasach filíochta Gaeilge a chum AI le foilsiú

Tá an chéad chnuasach filíochta Gaeilge a gineadh le AI amháin le foilsiú ag Cló Iar-Chonnacht.

Dorchadas an Dúchais, an teideal a bheidh ar an gcnuasach nua a bheidh á fhoilsiú an fómhar seo chugainn.

Dúirt urlabhraí ó Chló Iar-Chonnacht gur “saothar ealaíne ceannródaíoch” a bheadh sa chnuasach a dhúiseodh “ceisteanna práinneacha faoi chás an duine, na cruthaitheachta agus na Gaeilge sa 21ú haois”.

Dúirt an t-urlabhraí gur áis a bhí san Intleacht Shaorga a d’fhéadfadh cor a chur i gcinniúint mionteangacha amhail an Ghaeilge, “teangacha a bhfuil tobar na litríochta iontu ag trá”.

Ní mó ná sásta a bhí cuid de na scríbhneoirí Gaeilge ar labhair Tuairisc leo faoi Dorchadas an Dúchais, áfach.

Dúirt file amháin, nár theastaigh uaithi go dtabharfaí a hainm, gur údar náire a bhí ann agus gur beart “in aghaidh na filíochta, na daonnachta agus na teanga” a bhí i gceist.

“Ba chóir go mbeadh náire ar Cló Iar-Chonnacht,” a dúirt an file.

Chuir an teach foilsitheoireachta sampla den fhilíocht a cumadh le AI ar fáil do Tuairisc:

Dorchadas an Dúchais

An dorchadas ag druidim síos
gan dóchas, gan solas, ach brón, m’anam briste, mo chroí cráite
ar strae i ndorchadas mo dhúchais.

An ghrian ag dul faoi dhúnadh
Níl dath ná gealas san aer
Léimeann na réaltaí, ach níl siad in éineacht liom
Níl aon suaimhneas, níl aon suan.

Mo lámha teann i gcnap, gan aon teaspach,
Mo chroí briste, mo chiall caillte,
sa dorchadas, sílim féin.
Anois siúlaimse ar an mbealach,
gan aon dóchas, gan aon treoir
ar strae i ndorchadas an dúchais.

Dúirt foilsitheoir amháin, Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac, go raibh a chomhlacht féin chun cinn ar Chló Iar-Chonnacht ó thaobh na teicneolaíochta.

“Cuireann sé an-iontas orm, shíl mise gur le AI a scríobhtar na leabhair ar fad a fhoilsíonn Cló Iar-Chonnacht. Go deimhin, cloisim go bhfuil an t-eagarthóir Lochlainn Ó Tuairisg plugáilte isteach acu. Bíonn Deirdre Ní Thuathail ag tabhairt amach faoi na billí leictreachais agus tá sí ag caint anois ar phainéil ghréine a chur ar dhíon na hoifige ar an Spidéal.

“Dar ndóigh, tá muid féin chun tosaigh orthu uilig. Tá meaisín AI ceannaithe sa mBruiséil ag Leabhar Breac — an diarmuidjohnson.bot — agus tá avatar déanta againn dó agus bíonn holagram de á chur thart ag féilte litríochta agus ócáidí cultúrtha ar fud na hEorpa againn.”

Fág freagra ar 'An chéad chnuasach filíochta Gaeilge a chum AI le foilsiú'

  • Séamus K

    Agus tobar na Gaeilge ag dul i ndísc, tá géarghá lena leithéid. Amach anseo, is beag cainteoir Gaeilge a bheidh ann agus is dócha nach mbeidh éinne ag scríobh leabhar ar bith. Ach is cuma, beimid in ann leabhair nua a léamh ach iad a chruthú le cabhair AI.

  • Róisín Ní Dhúshláine

    Chuir an file, Tadhg Ó Dúshláine, fíorchaoin fáilte roimis an chéim mhór seo chun tosaigh i dtradaisiún ársa na filíochta Gaeilge. Tá aithne aige le fada an lá ar an bhfile anaithnid AI a d’fhreastail go rialta ar na ceardlanna a d’eagraigh an Msgr. Pádraig Ó Fiannachta (RIP) sa Díseart sa Daingean. Aithníodh ag an am go raibh AI ar shlí na fírinne agus ní filíocht go slí na fírinne! Fírinne na Féinne abú- ar aghaidh le AI.

  • Aidan Duggan

    Níl fhios agam.

  • Aidan Duggan

    ☺️

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    GRinnn 7 greannnmhar ar fad! Ach tá súil a’m nach mbeitear mar a shíltear maidir le hainmneachacha meascaithe leithéid Cló an Chacamais (“CAC”)! Obh obh 7 faraor!!!

  • An Sléibhteoir

    Hahaha

  • Gabriel Rosenstock

    Tá an ceart agat, A Shéamuis. Ní léifear leabhair Ghaeilge feasta ach ar Lá na nAmadán amháin.

  • Carraig

    Filíocht ochlánach, scamhardach, dúshlánach í sin ag Ard Intinn, gan aon bhréag …abránach fiú… i bpaistí.

  • Paul Laughlin

    Cén lá atá ann inniu ?

  • Seán Ó Fearghail

    An fhadhb a bhíonn agam leis an bhfilíocht i gcónaí, ná go mbíonn sé deacair go leor oibriú amach céard a bhí in intinn an fhile – an bunchiall laistiar de na focail.
    Ag súil go mór leis an leabhar seo. Anois beidh mo ríomhaire in ann an fhilíocht a léamh agus a mhíniú dom – míniú dom céard a bhí an file (!) ag iarraidh a rá i ndáiríre.

  • Fearn

    In ainneoin amadántacht seoan earraigh é , tiocfaidh sé isteach!

  • Eibhlín Mhic Brádaigh

    An chéad lá dAibreâin!!!