An chéad chéim le tabhairt i leith ullmhú plean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge

Bhí a gcéad chruinniú inné ag an gcoiste náisiúnta nua a bunaíodh le plean a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach

An chéad chéim le tabhairt i leith ullmhú plean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge

Tá taighde nua le coimisiúnú mar an chéad chéim in ullmhú plean náisiúnta earcaíochta d’fhonn cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí.

Roimh dheireadh mhí Lúnasa a fhógrófar go bhfuil tairiscintí á lorg ó ghrúpaí a mbeadh suim acu taighde a dhéanamh faoi staid na Gaeilge sa státchóras, taighde a bheidh mar chuid den phlean náisiúnta earcaíochta.

Bhí a gcéad chruinniú inné ag an gcoiste náisiúnta nua a bunaíodh le plean a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

I gceannáras Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a bhí a gcéad chruinniú ag Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an Phlean Náisiúnta Earcaíochta, coiste a bhfuil dhá bhliain acu chun an plean a ullmhú.

Mar chuid den phlean níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos chomh maith faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge. Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh “na chéad chéimeanna tábhachtacha” tugtha i leith an Phlean Náisiúnta Earcaíochta don Ghaeilge.

“Ní mór an méid é dhá bhliain nuair a bhreathnaíonn tú ar an méid atá le cuimsiú sa Phlean Náisiúnta.

“Mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach nach gcailltear aon am ag gníomhú air. Tá tuiscint agus tiomantas an Choiste i leith an méid atá le baint amach acu léirithe go soiléir acu dom inniu.”

11 ball a bheidh ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge. Triúr ban agus ochtar fear atá roghnaithe ar an gcoiste.

Státseirbhísigh shinsearacha atá i bhformhór na mball ach earcaíodh beirt trí chomórtas poiblí chun ionadaíocht a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus ar phobal na Gaeltachta.

Roghnaíodh an bheirt bhall sin trí chomórtas poiblí a d’eagraigh an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí.

Is é John Prendergast, atá ina oifigeach pleanála teanga i gCorca Dhuibhne, a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh ar phobail teanga na Gaeltachta. Is as Trá Lí i gCiarraí ó dhúchas dó.

Is í Mairéad Ní Ghabháin, atá ina páirtí sa chomhlacht dlíodóirí Matheson, a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an gcoiste do phobail na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is as an gCeathrú Rua i gConamara do Ní Ghabháin ó dhúchas ach tá cónaí i mBaile Átha Cliath uirthi.

Státseirbhísigh shinsearacha atá sa chuid eile de na comhaltaí ar an gCoiste Comhairleach.

I measc na gcéad chéimeanna eile atá beartaithe i dtaobh an dlí teanga nua, tá Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, le feidhm a thabhairt don fhoráil san acht a bhaineann le cúrsaí fógraíochta.

Faoin reachtaíocht leasaithe beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí feasta céatadáin áirithe dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge.

Tá sé i gceist go dtiocfaidh an chuid sin den dlí i bhfeidhm san fhómhar.

San fhómhar chomh maith a thabharfaidh an tAire Stáit feidhm d’fhoráil a chinnteoidh go gcaithfidh an ghairm a fhaigheann duine dul ar ghiúiré a bheith i nGaeilge agus i mBéarla.

Roimhe seo ní raibh aon dualgas ann go mbeadh gairm dá leithéid dátheangach.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, sa Dáil le déanaí go dtabharfaí feidhm den bhille de réir a chéile agus gur “plean fadtéarmach” a bhí i gceist nach dtarlódh “thar oíche”.

Deis a bhí sa reachtaíocht “fíorcheannaireacht” a léiriú i leith na Gaeilge.

Tá sé i gceist go mbeadh cruinniú uair sa mhí ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an Phlean Náisiúnta Earcaíochta.

Fág freagra ar 'An chéad chéim le tabhairt i leith ullmhú plean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge'