‘An Ceathrú Rí’ – scéilín nua do dheireadh shéasúr na Nollag

Le hOíche na dTrí Ríthe aréir agus Nollaig na mBan inniu tá deireadh tagtha le 12 lá na Nollag.  Mar chlabhsúr ar an séasúr, seo scéilín nua le duine de mhór-údair na Gaeilge

‘An Ceathrú Rí’ – scéilín nua do dheireadh shéasúr na Nollag

Tháinig siad anoir. Teacht fada dian a bhí acu agus ba mhinic go raibh na camaill crosta. Iad ag stampáil agus ag cur a gcosa i dtaca lasmuigh de na tithe aíochta ina raibh seirbit acu á ól laistigh. Ní raibh tuairim acu cá raibh siad ag dul ach lean siad an réalta go dílis toisc go ndúrthas leo gur comhartha a bhí ann. Comhartha go raibh rí eile le teacht ar an saol a shlánódh an uile dhuine. Níor thuig siad cad ba bhrí leis sin, ach ghéill siad do na saoithe a bhí acu. 

 B’annamh scamall ag teacht trasna ar an réalta, ach tharla anois is arís. Chuir sin mearbhall orthu is b’éigean dóibh stad go scaipfeadh an néal. B’fhurasta gluaiseacht san oíche, óir ní raibh an réalta le feiscint i rith an lae, agus d’fhág sin gurbh éigean codladh le múchadh na gealaí agus bogadh le titimín na gréine. 

 Ba mhó guais a chuir siad díobh i rith an turais. Madraí allta ar thaobh na gcnoc is ceithearnaigh amuigh ar na machairí. B’é a ndícheall codladh i rith an lae mar bhí teas na gréine á bplúchadh, agus b’í an oíche an tráth ba chontúirtí maidir le méirligh, le gadaithe agus le faolchoin. 

 Ba ríthe tuaithe, ba thiarnaí, ba shaoithe iad, ach iad gan chleachtadh ar a bheith ar a gconlán féin. D’fhág siad a gcuid giollaí agus aos lúitéise ina ndiaidh le dul ar an aistear míorúilteach seo mar a gealladh dóibh. 

 Nuair a ráinig siad Beithil an oíche úd níor dheimhin leo gurbh í seo a dtriall. Ní raibh ann ach gur staon an réalta ar a bheith ag gluaiseacht lasnairde ar an aer. B’ait leo go mbeadh aon chríoch lena dturas i mbaile beag gránna mar seo. Ach fós bhí an réalta ina stad, agus ina seasamh go cruinn díreach baileach os cionn stábla bhig. Ní raibh dul uathu acu ach dul isteach. 

 Ní raibh aon taithí acu ar an mboladh a bhí laistigh, cac bó agus asail, allas an duine, mus bréan ón tuí thais, gan trácht ar gheonaíl linbh nuabheirthe agus droch-chomhluadar cúpla aoire caorach nach raibh de bhéasa acu imeacht.

 Mar sin féin ba chuige seo a thángadar, agus dheineadar ómós agus umhlú don leanbh a bhí sa tuí cé nár thuigeadar i gceart cad chuige an fuadar go léir. Más rí eile a bhí le bheith anseo, rí an domhain mar a thuar a saoithe agus mar a threoraigh an réalta iad, cad fáth nach raibh giollaí agus seirbhísigh ina thimpeall agus é ag ól as coirn óir nó airgid agus cad fáth nach raibh mná freastail ag a mháthair agus cad fáth go raibh an fear, a athair is dócha, thiar i gcúinne an sciobóil agus gan giob as?

 Bhi áthas orthu gur osclaíodh an túis go beo, óir mhaolaigh sé ar dhrochbhaile na háite, bíodh gur ghá go mbeadh sé in aice do shróine d’fhonn maitheasaí uile a cumhachta a fháil.

 Bhí deacracht acu comhrá a choimeád le tuismitheoirí an linbh. Ní raibh de theanga acu siúd ach Aramáis ón ngaineamhlach agus ón tsráidbhaile agus beagán Eabhraise ón teampall. Peirsis agus Fairsis a bhí acu siúd mar ríthe, teangacha uaisle an domhain. 

 ‘Ní dóigh liom go dtuigfimid a chéile go brách,’ arsa Muire, agus í ag déanamh iontais de na cuairteoirí gan choinne a tháinig chuici.

 Is ansin a d’airigh siad an fhuaim. A chuala siad an jingil jeaingil. Cloigíní ag bualadh go meidhreach. Sraothartach ainmhithe nach bhfaca siad cheana. Adharca móra orthu mar a bheadh géaga crainn ann, ach iad i bhfad níos amscaí. An t-ainmhí tosaigh díobh a raibh caincín mór dearg air mar a bheadh ar smután adhmaid a chaithfí sa tine. 

 Fear lena n-ais. É mór beathaithe ramhar. Féasóg fhada bhán air síos go hucht. Straois gháire air. Éadaí dearga air mar a bheadh sé ag imirt do Chorcaigh agus geáitsí mar an gcéanna. Carbad lán d’fhéiríní aige. Ribíní orthu. Lán gabhála díobh á thabhairt isteach aige don scioból.

 ‘Fóill ort!’ arsa duine de na ríthe, mar bhí údarás aige agus bhí údarás ina ghuth. ‘Cé tusa, agus cá bhfuil tú ag dul?’

 ‘An é nach bhfuil a fhios agat cé mé?’ arsa an fear dearg le hiontas. ‘Tugaim bronntanais uaim do pháistí an domhain gach uile bhliain an tráth seo geimhridh, nó ceannaíonn a gcuid tuismitheoirí uaim iad.’

 ‘Ach is sinne na ríthe anoir,’ arsa an saoi sa doras, ‘táimid tagtha anseo le hómós a thabhairt don rí nua a shlánóidh an domhan agus atá ina luí sa mhainséar istigh. Tá gaois agus carthanacht agus grá agus eile ina luí sa tuí ansin an té a thuigfeadh é.’

 ‘An té a thuigfeadh é,’ ghángaraigh an t-asal. 

‘A shlánóidh an domhan?’ d’fhiafraigh an fear dearg agus lig puth gáire as. ‘Níl rud ar bith á dhíth ó dhuine ar bith áit ar bith ach a bhfuil agamsa…go háirithe le ceannach. Mise rí an domhain. Imígí abhaile agus tugaigí bhur gcuid smaointe gan dealramh libh.’

Fág freagra ar '‘An Ceathrú Rí’ – scéilín nua do dheireadh shéasúr na Nollag'

  • Antóin

    Ficsean?