An cath tosaithe do thacaíocht na ndaoine ar mheán-ioncam

Agus toghcháin ar na bacáin, beidh an dá pháirtí is mó sa gcomhrialtas ar a ndícheall ag iarraidh na difríochtaí atá eatarthu a chur in iúl go héifeachtach

An cath tosaithe do thacaíocht na ndaoine ar mheán-ioncam

Ar thuig Jennifer Carroll-MacNeill, Martin Heydon agus Peter Burke, triúr airí stáit ó Fhine Gael, ag tús na seachtaine go gcruthóidh siad an oiread achrainn agus teannais lena n-alt san Irish Independent ag moladh faoiseamh cánach breise a thabhairt do dhaoine ar an meán-ioncam? Nó an é sin a bhí i gceist acu nuair a chuir siad peann le pár, agus beannacht faighte acu ó cheannaire a bpáirtí, An Taoiseach Leo Varadkar?

Dar lena gcomhghleacaithe comhrialtais, tá brú á chur acu ar an Aire Airgeadais, Michael McGrath ó Fhianna Fáil, roimh an gcáinaisnéis nach bhfógrófar go dtí an fómhar. Ceistíodh an cur chuige, agus an moladh féin – agus caitheadh amhras ar fhiúntas an fhaoisimh chánach (€1,000 d’éinne ar an meán-ioncam).

Tá muintir Fhianna Fáil spréachta faoi seo ar fad. Deir an Tánaiste agus ceannaire an pháirtí go gcuireann a leithéid isteach ar an idirbheartaíocht agus ar chlár oibre an rialtais, a aontaíodh beagnach trí bliana ó shin. Deir Willie O’Dea, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, nach mbeadh sé ar chumas Fine Gael praghas an stampa a ardú as a stuaim féin, agus nár cheart dóibh a ladar a chur isteach sa scéal.

Tá achainí déanta ag Éamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, ar na páirtithe eile gan an náire a ligean leis na comharsana agus pé tuairimíocht atá ann a phlé go príobháideach seachas an rún a scaoileadh leis an bpobal.

Labhair Martin Heydon leis na meáin ar an Aoine, agus rinne sé iontas de go raibh an oiread sin clampair ann. Bhí seisean den tuairim nár cheart go gcuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith go dtabharfaidh Fine Gael tús áite do dhaoine atá ar an meán-ioncam.

Tá uisce faoi thalamh ag baint leis seo ar fad. Ar an gcéad dul síos, tá Fianna Fáil míshásta go bhfuil údarás an Aire Airgeadais á cheistiú – ach leanann sé seo patrún a thosaigh nuair a ceapadh McGrath ina aire airgeadais ag deireadh na bliana seo caite.

D’éirigh le Paschal Donohue, atá anois ina Aire Caiteachais Phoiblí, a ról san Eoraip mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro a choinneáil – agus is léir go bhfuil a thuairim fós an-tábhachtach in aon díospóireacht ar chúrsaí airgeadais. Tá a rian le feiceáil ar chinntí a rinneadh ó thús na bliana – agus tá dúshlán roimh Mhichael McGrath é féin a chruthú os comhair an phobail ina ról.

Labhair mé le hoifigeach sa Roinn Airgeadais an tseachtain seo faoin gconspóid agus admhaíodh gur deacair a shamhlú go ndéanfadh airí stáit Fhianna Fáil a leithéid dá mba é Paschal Donohoe a bheadh fós ina aire airgeadais. Sampla eile é alt seo an triúr teachtaí den dímheas a léirítear do Michael McGrath go rialta – agus ábhar iontais é go bhfuil duine de na hAirí Stáit ina Roinn féin (Carroll-MacNeill) i measc na ndaoine a chuir a n-ainmneacha leis an alt.

Ina theannta sin, tuigeann na polaiteoirí go bhfuil toghcháin ar na bacáin. Beidh na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar siúl an bhliain seo chugainn, agus beidh deacrachtaí móra ag an dá pháirtí is mó sa gcomhrialtas na difríochtaí atá eatarthu a chur in iúl go héifeachtach.

Tá an cath tosaithe anois chun tacaíocht na ndaoine atá ar an meán-ioncam a chinntiú. De réir na bpobalbhreitheanna ar fad, tá sciar áirithe den phobal a chaithfidh vóta do Shinn Féin. Beidh coimhlint ghéar ann vótaí an dá thrian eile den tír a fháil, agus is léir go bhfuil Fine Gael den tuairim gur ar chúrsaí eacnamaíochta a bheas an choimhlint sin bunaithe.

Fág freagra ar 'An cath tosaithe do thacaíocht na ndaoine ar mheán-ioncam'