An cairpéad dearg thíos san aerfort do An Cailín Ciúin agus lucht an scannáin imithe chuig na hOscars

Labhair Tuairisc inniu le lucht an scannáin Ghaeilge, atá ainmnithe don Oscar don scannán idirnáisiúnta is fearr, agus iad ar tí eitilt a fháil chuig Los Angeles

An cairpéad dearg thíos san aerfort do An Cailín Ciúin agus lucht an scannáin imithe chuig na hOscars

Cuireadh síos an cairpéad dearg in Aerfort Bhaile Átha Cliath inniu do lucht an scannáin An Cailín Ciúin a bhí ag déanamh a slí go dtí na Gradaim Oscar, atá ar siúl in Hollywood Dé Domhnaigh.

Fuair criú an scannáin, atá ainmnithe don Oscar don scannán idirnáisiúnta is fearr, eitilt Aer Lingus E1069 chuig Los Angeles tráthnóna.

Ag labhairt di san Aerfort sular fhág siad dúirt Catherine Clinch, ‘An Cailín Ciúin’ í féin, go raibh sé iontach go mbeadh a deirfiúr ina teannta ar an turas.

“Tá mé an-shásta go bhfuil mo dheirfiúr Anna ag teacht liom go dtí na Oscars. Tá muid ag fanacht in Los Angeles ar feadh seachtain go leith. Beidh muid ag tabhairt cuairt ar Universal,” arsa an cailín 13 bliain ar thuill a taispeántas ardmholadh ó léirmheastóirí ar fud an domhain.

Dúirt a deirfiúr Anna, go raibh sí ag súil go mór “le réaltaí Hollywood” a fheiceáil.

“Beidh an oiread aisteoirí mór le rá ann beidh sé iontach,” a dúirt Anna.

Dúirt Cleona Ní Chrualaoí, léiritheoir an scannáin, go raibh gach duine ag súil go mór leis an turas.

“Táimid ar bís anois agus an t-eagrúchán agus an phleanáil ar fad déanta agus táimid anseo leis na haisteoirí agus roinnt den chriú agus daoine a d’oibrigh ar an scannán le tamall anuas. Táimid ar bís dul ar an eitleán agus LA a shroichint,” arsa Ní Chrualaoí.

Dúirt a fear, Colm Bairéad, a scríobh agus a stiúir an scannán, le Tuairisc go raibh sé ag súil go mór labhairt le duine amháin go háirithe ag na gradaim – Stephen Spielberg.

“Bhuail mé leis cúpla seachtain ó shin, ach bheadh sé deas bualadh leis arís. Ní raibh an scannán feicthe aige ag an am sin agus dúirt sé go raibh sé chun breathnú air. Táim ag súil lena thuairim a chloisteáil má bhuailim leis arís!” arsa Colm Bairéad.

Dúirt an t-aisteoir Carrie Crowley, a dhéanann páirt Eibhlín sa scannán, go raibh sí ag súil leis na Duaiseanna Oscar Wilde a bheidh ar siúl Déardaoin. Comhghuaillíocht na hÉireann agus na Stát Aontaithe a eagraíonn na gradaim sin d’ealaíontóirí na tíre seo agus seo an chéad uair a mbeidh gradam á thabhairt do scannán..

“Tá an sceideal lán againn agus an chuma ar an scéal go mbeidh muid ag déanamh rudaí chuile lá agus chuile oíche. Tá an oiread ag tarlú. Caithfidh muid a bheith ann, caithfidh muid a bheith gléasta go deas.

“Tá mé ag súil leis an rud ar fad, oíche na  nDuaiseanna Oscar Wilde go háirithe. Sílim go mbeidh sin go maith, oíche an chairpéid ghlais a bhíonn ann, a deirtear, agus bíonn gach duine in Hollywood ag lorg ticéid don oíche sin.”

Dúirt  Andrew Bennett, atá i bpáirt Sheáin, fear céile Eibhlín, sa scannán nár chreid aon duine a bhí ag obair ar An Cailín Ciúin go mbeadh siad ag dul go dtí na Oscars lá níos faide anonn.

“Tá sé dochreidte i bhfírinne. Tá clár imeachtaí leagtha amach thall mar sin, idir chóisirí agus lóin leis an Consulate, beidh muid gnóthach. Tá imeachtaí áirithe ann don dream as Éirinn a fuair ainmniúcháin.

“Seachas sin, tá liosta aisteoirí agam a chuir mo dheirfiúr chugam ar mhaith léi go bhfaighinn féiníní leo, agus beidh mé gnóthach leis sin chomh maith.”

Ar na daoine eile a bhí ag dul ar an eitleán chuig Los Angeles, bhí Aire na Gaeltachta agus na Meán, Catherine Martin atá ag dul ar mhisean trádála chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá d’Fhéile Pádraig.

Thug an tAire moladh ar leith do An Cailín Ciúin, scannán a mbeidh sí ag bronnadh gradaim speisialta air ag na Duaiseanna Oscar Wilde.

“Tá bród an domhain orainn go léir mar gheall ar na hainmniúcháin ar fad do na hOscars, go háirithe An Cailín Ciúin, ní hamháin as an ainmniúchán ach as a éifeacht ar ár dteanga dhúchais, as í a chur i mbéal an phobail. Nach bhfuil sé ar fheabhas?

“Agus táim ag tnúth go mór leis an nGaeilge a chloisteáil ag an searmanas Dé Domhnaigh seo chugainn,” arsa Catherine Martin le Tuairisc.

Rinneadh mearscaipeadh ar líne an mhí seo caite ar fhíseán den aisteoir Paul Mescal ag labhairt as Gaeilge ar an chairpéad dearg ag na gradaim BAFTA i Sasana agus bhí a mhuintir ag fáil na heitilte céanna chuig Los Angeles tráthnóna.

Cainteoir Gaeilge é Paul, athair an aisteora, agus mhol sé go haer a mhac, atá ainmnithe do dhuais Oscar dá ról in Aftersun, as a chuid Gaeilge a úsáid go poiblí.

“Bhí mé an-bhródúil ar fad as nuair a chuala mé é,” a dúirt sé.

Bhí Pearce Cullen, léiritheoir an scannáin An Irish Goodbye, atá ainmnithe don Oscar don ghearrscannán is fearr, ar chairpéad dearg Aer Lingus san aerfort inniu chomh maith.

An Cailín Ciúin ar an chéad scannán Gaeilge a fuair ainmniúchán Oscar agus é sa Táin cheana féin mar an scannán Gaeilge is mó rath riamh agus mar gheall ar na duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta go léir atá buaite aige.

Tá naoi n-ainmniúchán Oscar faighte ag The Banshees of Inisherin, a deineadh ar Inis Mór agus Acaill, ina measc na gradam don Scannán is Fearr, don Scór is Fearr agus don Eagarthóireacht is Fearr.

Tá Martin McDonagh, fear de bhunadh Chonamara, ainmnithe don ghradam don Stiúrthóir is Fearr agus don Bhunscript is fearr agus tá ainmniúcháin faighte freisin ag Colin Farrell (an tAisteoir is Fearr), Kerry Condon (an tAisteoir Taca Mná is Fearr) agus Brendan Gleeson agus Barry Keoghan (an tAisteoir Taca is Fearr).

Fág freagra ar 'An cairpéad dearg thíos san aerfort do An Cailín Ciúin agus lucht an scannáin imithe chuig na hOscars'