‘Ba bhreá liom a bheith i scannán Gaeilge’ – Paul Mescal

Labhair an t-aisteoir Paul Mescal Gaeilge agus é faoi agallamh ag TG4 ar an gcairpéad dearg ag na gradaim BAFTA i Sasana aréir

‘Ba bhreá liom a bheith i scannán Gaeilge’ – Paul Mescal

Deir an t-aisteoir cáiliúil Paul Mescal, atá ainmnithe do ghradam Oscar, gur mhaith leis páirt a bheith aige i scannán Gaeilge.

Labhair Mescal Gaeilge agus é faoi agallamh ag TG4 ar an gcairpéad dearg ag na gradaim BAFTA i Sasana aréir.

Dúirt Mescal le Caitlín Nic Aoidh go raibh meirg ar a chuid Gaeilge.

D’fhreastail an t-aisteoir, arb as Maigh Nuad dó agus a bhí ainmnithe don BAFTA don Aisteoir is Fearr as a pháirt sa scannán Aftersun, ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus dúirt sé go ndearna sé a theastas sóisearach trí Ghaeilge chomh maith.

Bhí ardmholadh ag Mescal don scannán An Cailín Ciúin, an chéad scannán Gaeilge a fuair ainmniúchán Oscar.  Mhol sé go háirithe stiúrthóir agus scríbhneoir an scannáin sin, Colm Bairéad.

Bhí An Cailín Ciúin ainmnithe do dhá BAFTA aréir, ceann don scannán is fearr i dteanga seachas an Béarla agus ceann don script scannáin is fearr a aistríodh ó shaothar eile. Beidh sé san iomaíocht ag na gradaim Oscar an mhí seo chugainn.

Nuair a cuireadh ceist ar Phaul Mescal ar mhaith leis aisteoireacht i scannán Gaeilge é féin ní raibh aon amhras air ach go mbeadh.

“Ó yeah!” a dúirt sé.

D’éirigh le The Banhsees Of Inisherin, an scannán le Martin McDonagh a rinneadh sa Ghaeltacht, ceithre ghradam BAFTA a bhuachan aréir.

Bhuaigh Kerry Condon agus Barry Keoghan gradaim aisteoireachta agus bhuaigh McDonagh féin an BAFTA don script is fearr. Bhuaigh an scannán an gradam don scannán is fearr de chuid na Breataine chomh maith.

Rinneadh The Banshees of Inisherin a scannánú in 2021 ar Inis Mór agus Acaill.

Bhuaigh All Quiet on the Western Front ar scannán McDonagh sna rannóga don scannán is fearr agus don stiúrthóir is fearr. An scannán cogaidh ón nGearmáin a fuair an ceann is fearr ar An Cailín Ciúin chomh maith sa dá rannóg inar ainmníodh an saothar Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Ba bhreá liom a bheith i scannán Gaeilge’ – Paul Mescal'