An cainteoir Gaeilge is óige sa Dáil ag súil leis an teanga a chur chun cinn

Dhá scór Teachtaí Dála a bhfuil Gaeilge acu a toghadh chuig an 34ú Dáil, a bheidh ag teacht le chéile inniu den chéad uair

An cainteoir Gaeilge is óige sa Dáil ag súil leis an teanga a chur chun cinn

Dhá scór Teachtaí Dála a bhfuil Gaeilge acu a toghadh chuig an 34ú Dáil, a bheidh ag teacht le chéile inniu den chéad uair.

An Teachta Dála do Ghaillimh Thoir Albert Dolan (Fianna Fáil) an 40ú Teachta Dála atá curtha le liosta Tuairisc de na cainteoirí Gaeilge sa Dáil nua.

An tslat tomhais a bhíonn ag Tuairisc don liosta ná dóthain Gaeilge a bheith ag duine le hagallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Is é an Teachta Dolan, a cheiliúir a 26ú breithlá agus an comhaireamh fós ar siúl an cainteoir Gaeilge is óige sa Dáil. Labhair sé leis an gclár Iris Aniar i ndiaidh an toghcháin agus dheimhnigh sé do Tuairisc go raibh sé ar a chumas agallaimh bheo a dhéanamh i nGaeilge.

Dúirt sé gur mhaith leis tacú leis an nGaeltacht le linn a thréimhse i nDáil Éireann, go mór mór an ceantar lag Gaeltachta atá ina Dháilcheantar féin in oirthear na Gaillimhe. Chaith Dolan, a bhí ina chomhairleoir contae do Bhaile Átha an Rí/Órán Mór ar Chomhairle Contae na Gaillimhe roimhe seo, samhraí a óige ag foghlaim na Gaeilge i Ros an Mhíl in iarthar na Gaillimhe.

“Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil tacaíocht ann don Ghaeilge agus  chun an cultúr a fheabhsú sa Ghaeltacht. Tá an Carn Mór in aice le mo theach féin anseo, ach níl an Ghaeilge ag feabhsú sa taobh thoir de Ghaillimh.

“Tá sí láidir i gConamara ach caithfidh muid í a fheabhsú in Eanach Dhúin, sa gCarn Mór, agus i mBaile Chláir na Gaillimhe. Caithfidh muid an obair a dhéanamh chun an plean Gaeilge [plean teanga] a chur i bhfeidhm, tá an plean Gaeilge ann agus caithfear tacú leis,” a dúirt sé.

Agus é ag trácht ar an gcóras oideachais, dúirt Dolan go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge “a choinneáil láidir sa seomra ranga” agus go mbeadh an deis ag daoine atá ag iarraidh an teanga a úsáid é sin a dhéanamh.

“Tá an Ghaeilge an-tábhachtach sa chóras oideachais, agus tá sé tábhachtach an Ghaeilge a choinneáil láidir sa seomra ranga. Is rud an-tábhachtach sa tír seo go bhfuil ár dteanga láidir agus daoine in ann í a úsáid má tá siad ag iarraidh í a úsáid.

“Má tá aon duine ag iarraidh Gaeilge a labhairt liomsa [sa Dáil] beidh mé in ann. Ba mhaith liom níos mó cleachtaidh a dhéanamh ar mo chuid Gaeilge. Chaith mé ceithre shamhradh i gcoláiste samhraidh i Ros an Mhíl agus ba mhaith liom í a fheabhsú agus mé i mo Theachta Dála,” a dúirt an TD nua le Tuairisc.

Fág freagra ar 'An cainteoir Gaeilge is óige sa Dáil ag súil leis an teanga a chur chun cinn'