An Cáca ó thuaidh agus an Reifreann ó dheas – an athrófar aon cheo i dTuaisceart Éireann?

Cé go raibh an díospóireacht faoin bpósadh comhghnéis ó dheas teasaí amanna, ba mhór idir chomh sibhialta is a bhí sí agus an nimh san argóint ó thuaidh

gay_marriage_1381531c

Údar mór suntais ab ea an breithiúnas cúirte faoin gcáca ‘aerach’. Rialaigh an chuirt i mBéal Feirste gur sháraigh Asher’s an dlí nuair a dhiúltaigh an bácús cáca le mana i bhfábhar an phósta aeraigh a sholáthar mar go mbeadh sé ag teacht salach ar a gcreideamh. Idirdhealú neamhdhleathach ab ea é in aghaidh gnéaschlaonta agus ar bhonn creidimh agus polaitíochta, a dúirt an breitheamh. Tá comhlacht Asher’s i mbun gnó chun brabach a dhéanamh, ní mar fhoras creidimh dar leis an gcúirt.

Tá comhairle á fail ag Asher’s faoi achomharc a dhéanamh agus tá tacaíocht eagraíochtaí soiscéalacha acu chun leanúint leis an troid. Maíonn siadsan gur leatrom ar dhaoine le creideamh is ea an breithiúnas. Thairis sin, maíonn lucht a cháinte go gcinnteodh an rialú nach mbeadh cead ag gnólucht ar bith seirbhís a dhiúltú cuma cé chomh déistineach nó neamhdhlithiúil is a bheadh an t-iarratas. Níl ciall ar bith leis sin mar chaineadh ó tá dlíthe ann a chinntíonn nach mbeadh ar éinne ábhar a chothaíonn fuath nó coiriúlacht a sholáthar.

Tá scata d’ionadaithe an DUP i measc na ndaoine a cháin an breithiúnas agus atá meáite go bhfuil gá le cosaint speisialta do chreidmhigh Chríostaí. Tá rún acu leanúint lena n-iarrachtaí chun é sin a aimsiú – leithéid an chlásal coinsiasa atá á bhrú ag an Teachta Tionóil, Paul Givan.

Ar an taobh eile, d’fháiltigh an Coimisiún Comhionannais, a thacaigh leis an ngearánaí roimh an rialú agus bhí ríméad ar liobrálaigh agus ar lucht feachtais i gcoinne na homafóibe. Thagair go leor don chodarsnacht idir an díospóireacht i dTuaisceart Éireann agus an plé réamhreifrinn ó dheas.

Fiú agus níos mó den phobal sa Phoblacht in aghaidh an phósta chomhghnéis ná mar a measadh ag tús an fheachtais, ba chúis bhróid é nach raibh maslú ná fuath le braistint ar an díospóireacht. Is beag an méid é le bheith bródúil as ach is fearr go mór é ná an t-atmaisféar i dTuaisceart Éireann. Rómhinic a chloistear téarmaí ar nós ‘adhfhuafaireacht’ faoi homaghnéasacht agus sleachta ón mBíobla á n-úsáid mar dhamnú agus maslú.

Ní ligfear clásal coinsiasa an DUP tríd an tionól mar déanfar veto air ach is cinnte nach gcaithfear vóta i bhfábhar pósadh comhghnéis ach an oiread. Caitheadh vóta ina choinne faoi cheathair cheana féin agus tá an DUP meáite go gcuirfidís stop le Bille dá nglacfadh móramh de na Teachtaí leis – rud a d’fhéadfadh tarlú de réir pholasaithe na bpáirtithe. (Níor vótáil móramh go dtí seo mar go raibh daoine as an SDLP agus Alliance as láthair gan míniú!)

Tá na feachtais ag bailiú nirt agus maítear go bhfuil an pobal chun tosaigh ar na polaiteoirí. Léirigh suirbhé Life & Times Thuaisceart Éireann i 2013 go raibh 59% i bhfábhar agus 29% i gcoinne an phósta chomhghnéis. B’shin roimh an díospóireacht ó dheas agus sular ceadaíodh pósadh aerach sa Bhreatain Mhór.

Muna n-athróidh na polaiteoirí – an DUP agus TUV – a seasamh, níl seans ar bith ar athrú tríd an gcóras polaitíochta. Is é an t-aon rogha mar sin a dhul i muinín an dlí. Thuaidh agus theas b’éigean dóibh a dhul i muinín na cúirte Eorpaigh chun cearta mar homaghnéasaigh a bhaint amach, díchoiriúlú na homaghnéasachta go sonrach. Níl caint air faoi lathair ach seans gurb shin an chéad chéim eile agus gríosadh is ea an reifreann.

Fág freagra ar 'An Cáca ó thuaidh agus an Reifreann ó dheas – an athrófar aon cheo i dTuaisceart Éireann?'