An Cabhán agus Muineachán ag réiteach do dhianchoimhlint eile i bPáirc Breffni

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar na cluichí idirchontae a bheidh ar siúl i gcraobh na peile an deireadh seachtaine seo

An Cabhán agus Muineachán ag réiteach do dhianchoimhlint eile i bPáirc Breffni

Foireann an Chabháin. Pictiúr: INPHO/John McVitty

An Cabhán v Muineachán – Páirc Breffni, 7.00pm (Beo ar Sky Sports)

Cath na gcomharsan a bheidh i bPáirc Breffni tráthnóna nuair a chasfaidh peileadóirí an Chabháin agus Mhuineacháin ar a chéile i gcraobh Uladh. Tá scata mór cluichí imeartha ag an dá fhoireann seo in aghaidh a chéile agus is annamh go mbíonn mórán eatarthu.

Maidir leis an trí chluiche craoibhe is deireanaí a d’imir siad, aon phointe amháin a bhí eatarthu in 2013 agus in 2015 agus cúl glan a bhí idir na foirne in 2017. Muineachán a bhuaigh na trí chluiche sin agus is iadsan rogha na n-údar arís anocht, go háirithe tar éis dóibh cluiche leathcheannais na hÉireann a bhaint amach anuraidh, ach beidh an-dóchas ag imreoirí an Chabháin go n-éireoidh leo teacht aniar aduaidh orthu.

Beidh fathach lár páirce Mhuineacháin Darren Hughes ar iarraidh anocht de bharr gortaithe agus níl a chomhghleacaí Niall Kearns ach díreach fillte tar éis dó dul faoi scian roimh an Nollaig. Tabharfaidh sin deis do Ghearóid McKiernan an Chabháin dul i bhfeidhm ar an imirt i lár páirce ach níor mhór dá gcuid tosaithe a bheith i mbarr a maitheasa más leo teacht slán.

Níl aon tosach ag an gCabhán atá chomh cumasach le Conor McManus agus seans nach mbeidh de dhifríocht idir na foirne seo arís anocht ach scóranna fhear Chluain Tiobrad.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Sligeach v Gaillimh – Páirc Markievicz, 3.30pm

Cé gur bhuaigh Gaillimh ar Londain sa chéad chluiche i gcraobh na bliana seo, seans nach mó ná sásta a bhí Kevin Walsh leis an taispeántas a thug a fhoireann uathu agus a éileacht air, tá cúig athrú déanta aige ar an bhfoireann do chluiche an lae amárach in aghaidh Shligigh.

Tá athrú suntasach déanta ag an mbainisteoir agus Bernard Power Chora Finne curtha isteach mar chúl báire in áit Rory Lavelle, fear nach bhfuil mórán as bealach déanta aige i ngeansaí na Gaillimhe le cúpla bliain anuas.

Tá áit ar an bhfoireann chomh maith ag fear Mhicheál Breathnach, Fiontán Ó Curraoin, agus an t-imreoir lár páirce tagtha isteach le taobh Gareth Bradshaw, Kieran Molloy agus Michael Daly.

Tá cáineadh déanta ar Ghaillimh mar gheall ar an gcóras cosantach a bhíonn in úsáid acu ach níl an chuma orthu go bhfuil siad chun é a athrú ag an bpointe seo.

Bhí Gaillimh i bhfad róláidir do Shligeach nuair a thug na foirne seo aghaidh ar a chéile sa chraobh anuraidh. Bhí farasbarr cúilín agus fiche ag foireann Kevin Walsh an lá sin agus cé gur cheart go mbeadh Sligeach beagáinín níos fearr amárach ós sa bhaile a bheidh siad ag imirt, toradh gan choinne a bheadh ann dá mbeadh siad in ann na Gaillimhigh a shárú.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

An Dún v Ard Mhacha – Páirc Esler, 4.00pm (Craoladh iarbheo ar BBC)

Moladh Paddy Tally as an obair a rinne sé ag cóitseáil pheileadóirí na Gaillimhe anuraidh ach is i bPáirc Esler a bheidh sé tráthnóna amárach agus é anois i gceannas ar fhoireann an Dúin a thabharfaidh aghaidh ar Ard Mhacha.

Bhí feachtas sraithe réasúnta maith acu i Roinn 3 cé nár éirigh leo ardú céime a bhaint amach agus beidh Tally anois ag iarraidh dul chun cinn a fheiceáil sa chraobh. Bhí Donal O’Hare ar fheabhas i rith na sraithe agus tá cosantóirí cumasacha, amhail Darren O’Hagan, ag an Dún chomh maith.

Beidh na cosantóirí sin faoi bhrú mór i bPáirc Esler amárach ag leithéidí Jamie Clarke, Rory Grugan agus Rian O’Neill. Tá siadsan in ann go leor deiseanna a chruthú chun cluiche a bhuachan.

Bliain thábhachtach í seo do Kieran McGeeney agus d’fhoireann Ard Mhacha. Níl cluiche i gcraobh Uladh buaite ag Ard Mhacha ó ceapadh McGeeney mar bhainisteoir ag deireadh 2014 agus caithfear é sin a leigheas go luath.

Tá sé ráite ag McGeeney gurb é an sprioc atá aige ná babhtaí ceathrú ceannais na hÉireann a bhaint amach seachas aon ghaisce a dhéanamh i gcraobh Uladh. Déarfá go mbeadh sé níos éasca aige a phríomhsprioc a bhaint amach dá n-éireodh leo cluiche ceannais an chúige a bhuachan.

Rogha Tuairisc.ie: Ard Mhacha

Fág freagra ar 'An Cabhán agus Muineachán ag réiteach do dhianchoimhlint eile i bPáirc Breffni'