An Cabhán fanacht chun tosaigh ar Ard Mhacha agus Maigh Eo ag iarraidh teacht slán as Ruislip

I gCraobh Peile Uladh, tabharfaidh an Cabhán aghaidh ar Ard Mhacha agus iad ag lorg a dtríú bua as a chéile ar fhoireann Kieran McGeeney. I gCraobh Chonnacht, beidh Maigh Eo ag súil go mbeidh bua níos éasca acu i Ruislip ná mar a bhí in 2011

Na himreoirí in adharca a chéile roimh an chluiche idir Ard Mhacha agus an Cabhán i 2014. INPHO/Presseye/William Cherry
Na himreoirí in adharca a chéile roimh an chluiche idir Ard Mhacha agus an Cabhán i 2014. INPHO/Presseye/William Cherry

An Cabhán v Ard Mhacha, Páirc Bhréifne, 3:30p.m.

l ann ach dhá mhí ó chas na foirne seo ar a chéile i Roinn 2 den tSraith Náisiúnta Peile ach is cinnte go mb’fhearr le lucht Ard Mhacha dearmad glan a dhéanamh ar an gcluiche áirithe sin. Seacht bpointe dhéag a bhí idir na foirne agus an bua ag an gCabhán leis an scór 3-18 in aghaidh 0-10 ar Pháirc Bhréifne.

Is fada an ó bhí an Cabhán chomh láidir seo mar rogha na coitiantachta agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ard Mhacha ach, tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Kieran McGeeney i gCorn Mhic Chionnaith níos luaithe i mbliana, tá an stádas sin tuillte acu.

B’iad an fhoireann ab fhearr ó thaobh na scórála de i Roinn 2 i mbliana agus d’éirigh leo ardú céime a fháil. Chuaigh siad i neart nuair a d’fhill Seánie Johnston agus rinne sé féin agus Gearóid McKiernan scrios ar Ard Mhacha sa chluiche sraithe sin i mí an Mhárta agus 1-5 an duine acu.

Ar an dtaobh eile den scéal, bhí feachtas crua ag Ard Mhacha, agus fuair siad ísliú céime gan ach séasúr amháin caite acu i Roinn 2. Chríochnaigh siad cothrom ar phointí le Doire, an Mhí agus Fear Manach ach ba é difríocht na scór a rug orthu ar deireadh, agus rinne an greadadh sin a thug an Cabhán dóibh an diabhal uilig orthu.

Mura raibh dóthain teannais ann idir na foirne cheana féin, beidh cuimhne mhaith acu ar céard a tharla nuair a chas siad ar a chéile go deireanach sa chraobh. Fiú sular caitheadh isteach an liathróid sa chluiche sin in 2014, bhí na himreoirí in adharca a chéile agus iad ag máirseáil timpeall na páirce.

cúpla céim chun cinn tógtha ag an gCabhán ó shin áfach agus cé go mbeidh Kieran McGeeney ag súil le freagra óna chuid imreoirí i ndiaidh an mhéid a tharla sa tsraith, is seans go n-éireoidh leis an gCabhán a dtríú bua as a chéile a fháil orthu.

Rogha Tuairisc.ie: An Cabhán

Bainisteoir Mhaigh Eo, Stephen Rochford. INPHO/Andrew Paton
Bainisteoir Mhaigh Eo, Stephen Rochford. INPHO/Andrew Paton

Londain v Maigh Eo, Ruislip. 3:00p.m.

An uair dheireanach ar fhill Maigh Eo ar Ruislip agus bainisteoir nua i gceannas orthu, baineadh geit aisteach astu. Dála Stephen Rochford inniu, ba i Londain a bhí a chéad chluiche craoibhe ag James Horan mar bhainisteoir ar Mhaigh Eo ach ba bheag nár éirigh le Londain bua a fháil a bheadh áirithe  i measc na dtorthaí gan choinne is mó i stair na craoibhe dá mbeadh an beart déanta acu.

A bhuíochas le cúilíní ó Trevor Mortimer agus Kevin McLoughlin déanach sa chluiche bhí am breise ann. Is ar éigean a tháinig foireann Horan slán agus gan ach trí phointe idir na foirne sa deireadh, 0-19 in aghaidh 2-10.

Is cinnte gur fhoghlaim Maigh Eo go leor ceachtanna ón gcluiche sin. Bhuaigh siad Craobh Chonnacht na bliana sin agus tá siad anois sa tóir ar a séú craobh chúige as a chéile.

Rud amháin a chuirfidh imní ar Stephen Rochford roimh an gcluiche seo ná líon na ngortaithe atá ag cur as dá chuid imreoirí. Tá deimhnithe cheana féin nach mbeidh fáil ar Imreoir Óg na Bliana 2015, Diarmuid O’Connor, fear a bhí ar fheabhas i bhfeachtas buacach Mhaigh Eo sa Chraobh Faoi-21. Tá na cosantóirí, Ger Cafferkey, Donal Vaughan agus Chris Barrett, gortaithe chomh maith agus amhras ann faoi fholláine Seamus O’Shea, atá ainmnithe ar an mbinse.

É sin ráite, tá Londain tite siar go mór ó shroich siad cluiche ceannais an chúige in 2013. Amhail Maigh Eo, tá bainisteoir nua acu, Ciarán Deely, ach chríochnaigh siad ar bhun an tábla i Roinn 4 sa tsraith i mbliana.

siad ag brath go mór ar leithéidí Lorcan Mulvey, Mark Gottsche agus Adrian Moyles, a d’imir go maith i rith na sraithe ach fós, fiú agus na himreoirí sin in easnamh ar Mhaigh Eo, ba cheart go mbeadh turas i bhfad níos compordaí ag na cuairteoirí mar a bhí cúig bliana ó shin.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Fág freagra ar 'An Cabhán fanacht chun tosaigh ar Ard Mhacha agus Maigh Eo ag iarraidh teacht slán as Ruislip'