An Buiséad le fógairt ar an 27 Meán Fómhair

Ghlac an Rialtas cinneadh inniu Buiséad na bliana seo chugainn a fhógairt coicís níos túisce ná mar a bhí beartaithe

An Buiséad le fógairt ar an 27 Meán Fómhair

An Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Airgeadais Paschal Donohoe. Pic:Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Is ar an 27 Meán Fómhair a fhógrófar Buiséad 2023 agus cinneadh glactha ag an Rialtas inniu an fhógairt a dhéanamh coicís níos túisce ná mar a bhí beartaithe. 

Measadh roimhe seo gur ar an 11 Deireadh Fómhair a fhógródh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe an Buiséad ach cinneadh an dáta a thabhairt cúpla seachtain chun cinn. 

Bhí polaiteoirí an fhreasúra ag iarraidh ar an Rialtas buiséad éigeandála a fhógairt mar gheall ar an ardú atá tagtha ar an gcostas maireachtála i mbliana ach tá diúltaithe ag an Rialtas an chéim sin a ghlacadh. 

I Ráiteas Eacnamaíoch Samhraidh an Rialtais tuairiscítear go mbeidh bearta caiteachas agus cánach luach €6.7 billiún i mBuiséad na bliana seo chugainn. Teastaíonn 3 bhilliún de sin leis an seirbhísí poiblí atá againn faoi láthair a choinneáil ag imeacht, rud a d’fhágfadh an €3.7 billiún eile le roinnt lá an Bhuiséid.  

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu go leagann an ráiteas eacnamaíoch amach a bhfuil indéanta ach go bhfuil cúrsaí as an ngnáth ag luí ar an tír faoi láthair – muid ag téarnamh ón gCovid-19, fadhbanna leis an slabhra soláthair agus boilsciú á chruthú toisc gan an soláthar in ann freastal ar an éileamh.  

Dúirt an Taoiseach freisin go raibh tionchar an-tobann ag an gcogadh san Úcráin ar an mboilsciú atá anois ag luí ar an ngeilleagar uilig.  

Tá an buiséad €6.7 billiún atá á thuairisciú dhá bhilliún níos mó ná mar a gealladh níos túisce i mbliana.  

Anuraidh d’fhógair an Comhrialtas plean cúig bliana le teacht ón tionchar a bhí ag paindéim an Covid-19 ar an tír, agus gealladh nach ndéanfaí aon ardú níos mó ná 5% sa mbliain ar an gcaiteachas poiblí. Caithfear an plean sin a chaitheamh i dtraipisí i mbliana de bharr an boilsciú atá ag tarlú sa tír. I ráiteas eacnamaíoch an tsamhraidh deirtear go mbeidh ardú 6.5% ar an gcaiteachas poiblí in 2023, “ardú sealadach aon uaire” mar a thugtar air.  

Táthar ag súil go mbeidh athruithe suntasacha ar chúrsaí cánach agus leasa shóisialaigh i mBuiséad 2023. Má chaitear €1 billiún ar bhearta cánach, sin a dhá oiread agus a bhí sa bplean roimhe seo agus tá €1.5 billiún á lua le caiteachas nua. 

Meastar go leanfar leis na ciorruithe cánach ar bhreosla atá i bhfeidhm faoi láthair, go gcuirfear liúntais bhreosla bhreise ar fáil agus go laghdófar an cháin bhreisluacha ar leictreachas. Tuairiscítear go bhfuiltear ag plé lascaine €200 eile ar an mbille leictreachais a thabhairt do chuile líon tí sa tír, liúntas a chosnódh €400 milliún ar fad.   

Tá caint ann go bhfaighidh chuile dhuine atá ag tarraingt pinsean stáit agus liúntais leasa shóisialaigh seachtain bhreise mar bhónas sa bhfómhar. 

Ar bhearta eile atá ar an mbord ag an Rialtas, tá tuilleadh tithe a thógáil, costas cúram leanaí agus cógais leighis a laghdú.  

Fág freagra ar 'An Buiséad le fógairt ar an 27 Meán Fómhair'