An buiséad faoi scáth ghalar na gcomharsan craiceáilte

Ní flaithiúlacht ach aireachas agus stuaim a theastaíonn agus buiséad na bliana seo chugainn á phleanáil

An buiséad faoi scáth ghalar na gcomharsan craiceáilte

Tá ár bhformhór tinn tuirseach den Bhreatimeacht faoin tráth seo. Ar chúiseanna éagsúla, ach ar chúis amháin go háirithe, ní margadh ná comhréiteach ach a mhalairt a theastaíonn ó rialtas na Breataine.

Fiú nuair a bhíonn daoine a chuireann spéis mhór i gcúrsaí polaitíochta ag comhrá lena chéile, is minic a chloistear ‘in ainm Dé, cuirimis an Breatmeacht i leataobh, táim bréan de’ nó a leithéid.

Ní haon iontas.

Táimid cráite ag galar craiceáilte na gcomharsan le breis agus trí bliana. 

Dáiríre tá pointe cinniúnach sroichte i gcaidreamh an Aontais Eorpaigh agus an rialtais leis an Ríocht Aontaithe.  Shíleadar araon le trí bliana anuas go dtiocfaí ar chomhshocrú sula dtiocfadh deireadh le rialtas Theresa May. Ainneoin gach dris chosáin a bhí ar an mbealach chun réitigh, glacadh leis sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath go raibh fonn uirthi margadh a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm. 

Ta an dóchas go dtarlóidh a leithéid ag meath le tamall, agus i bhfírinne tá sé á chur as an áireamh ó thug an príomh-aire nua le fios, fiú sular toghadh é, go gcaithfí dul i mbun idirbheartaíochta athuair agus nach dtosódh an idirbheartaíocht sin in aon chor mura gcuirfí an cúlstad i leataobh.

Ní féidir vóta parlaiminte a chuirfeadh stop le Breatimeacht gan mhargadh mar atá beartaithe ag Boris Johnson a chur as an áireamh. Ná olltoghchán, ná fiú reifreann eile. Ach ní féidir pleanáil ar an mbonn sin sa Berlaymont sa Bhruiséil ná i Sráid Mhuirfean, go háirithe agus buiséad á leagan amach. 

Tá an obair atá le déanamh ag Paschal Donohoe agus ag foireann na roinne airgeadais idir seo agus lá an Bhuiséid (8 Deireadh Fómhair) á simpliú ag príomh-aire nua na Breataine. Dúirt an tAire Airgeadais dhá mhí ó shin go mbeadh rogha le déanamh sa bhfómhar idir cáinaisnéis ina mbeadh beartais chun déileáil le Breatimeacht gan mhargadh agus cáinaisnéis dá uireasa sin.

Tá sé chomh maith aige an rogha a dhéanamh anois, mura bhfuil sin déanta cheana féin aige.

Tá dualgas air anois buiséad a dhréachtú a dheimhneoidh go mbeidh an rialtas agus an tír ullamh, chomh fada agus is féidir, i gcomhair na laethanta crua atá romhainn.

Rinneadh cur síos lom soiléir ar na deacrachtaí a bheidh ag bagairt ar an státchiste sa tuairisc is deireanaí ón mBanc Ceannais. Deirtear sa leagan Gaeilge den tuarascáil, tar éis cur síos a bheith déanta ar an mBreatimeacht le margadh:

“Ar an taobh eile, dá mbeadh Brexit mí-ordúil ann, rachadh an staid fhioscach in olcas go hábhartha agus bheadh an timpeallacht fhioscach i bhfad ní ba dhúshlánaí.” 

Aistriúchán: is ionann an focal ‘dúshlánach’ i mbéarlagair an Bhainc Cheannais agus ‘dainséarach’. 

Is léir impleachtaí dosheachanta fholáireamh an Bhainc, chomh maith leis an dualgas atá ar an rialtas a bheith cúramach agus dainséar an Bhreatimeachta ag teannadh leo.

Cibé laghdú ar cháin agus cibé ardú ar liúntais leasa shóisialaigh a bhí beartaithe roimhe seo mar thaca le feachtas toghcháin Fhine Gael, níl aon dul as ag Paschal Donohoe ach an chuid is mó de a chaitheamh i leataobh. 

Faoi mar is léir cheana féin, agus faoi mar a deir tuairisc an Bhainc, beidh cabhair agus caiteachas breise rialtais de dhíth ar earnálacha éagsúla den gheilleagar a bheidh faoi bhrú tar éis Breatimeachta crua.

Ní dea-scéala a bheidh le fógairt mar sin ag an Aire ar an 8 Deireadh Fómhair.

Ní flaithiúlacht ach aireachas agus stuaim a theastaíonn agus buiséad na bliana seo chugainn á phleanáil, faraor.

Fág freagra ar 'An buiséad faoi scáth ghalar na gcomharsan craiceáilte'