An buiséad agus an bhaintreach sa teampall

Bímis ag súil gur leor na beartais bhuiséid le daoine ar bhruach an bhochtanais a thabhairt slán

An buiséad agus an bhaintreach sa teampall

Tá ceann de na parabail i m’intinn an tseachtain seo agus muid ag breathnú chun cinn ar éiginnteacht an gheimhridh agus an buiséad fógartha. Cuimhním ar an scéal faoin mbaintreach sa teampall. Bhí Íosa agus na deisceabail sa teampaill nuair a tharraing Íosa aird ar bhaintreach bhocht a bhí ag cur dhá leathphingin isteach i mbosca na hofrála.

Sa scéal, dúirt Íosa gur mó an meas a bhí ag Dia ar ofráil na baintrí cé go raibh sí beag, ná ar ofrálacha móra a bhí tugtha ag daoine saibhre. Is é an fáth a thug sé leis seo, ná gur thug sí chuile shórt a bhí aici agus i gcás na ndaoine saibhre, nár thug siadsan ach an fuílleach a bhí acu le spáráil.

Cuimhním ar an scéal sin anois agus muid ag tabhairt aghaidh ar bhoilsciú agus arduithe móra ar chostas bia, cíosa, taistil agus fuinnimh. Tá a fhios againn gur mó a chuireann arduithe ar bhunchostais mhaireachtála isteach ar dhaoine ar ioncam íseal ná mar a chuireann sé isteach ar dhaoine ar ioncam níos airde.

Beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh ag na harduithe atá chugainn an geimhreadh seo ar phraghsanna fuinnimh agus bia agus an mbeidh na bearta a glacadh sa mbuiséad in ann dóibh.

Bhí dea-scéalta ann do theaghlaigh le páistí bunscoile agus fógra déanta go mbeidh leabhair scoile ar fáil in aisce do dhaltaí bunscoile ón mbliain seo chugainn. Cuireadh le líon na scoileanna atá i dteideal béilte scoile, cuireadh os cionn 300 scoil sa mbreis leis an liosta agus beidh fáilte roimhe sin.

Beart a thabharfaidh cúnamh do dhaoine óga go fadtéarmach ná an laghdú ar an gcóimheas múinteoirí is daltaí sa mbunscoil go 23:1 agus 686 post nua do mhúinteoirí oideachas speisialta agus 1,094 post sa mbreis do chúntóirí riachtanais speisialta.

Tá pá agus coinníollacha oibre feabhsaithe fógartha d’oibrithe in earnáil an luathchúraim leanaí agus ról níos mó ag an stát i soláthar cúram leanaí. Dúirt Michael McGrath, an tAire um Chaiteachas Poiblí gur dtugann na beartais aitheantas do thábhacht na hoibre atá á déanamh ag oibrithe san earnáil luathchúram leanaí. Seans gur céim eile é seo i dtreo córas cúram leanaí uilíoch a bheidh maoinithe ag an stát. De réir a chéile a thógtar na caisleáin.

Fógra eile a thabharfaidh faoiseamh do theaghlaigh ná go mbeidh creidmheasanna fuinnimh á n-íoc i dtreo billí leictreachais agus gáis.

Dhírigh an buiséad ar chreidmheasanna fuinnimh chun cúiteamh a dhéanamh ar na harduithe atá ag teacht sa ngeimhreadh ar phraghas leictreachais, ola agus gáis. Cuireadh síneadh leis an ráta íslithe CBL ó 13.5% go 9% ar leictreachas agus gás go dtí an 28 Feabhra, 2023 agus déanfar athbhreithniú air ag an am sin. Fágadh an ráta CBL mar a bhí ar ola théite agus níor laghdaíodh an ráta ar pheitreal ná ar dhíosal, cé go bhfuil laghdú déanta ar an dleacht máil.

Beidh creidmheas fuinnimh á íoc le teaghlaigh ar fiú €600 é idir seo agus an tEarrach, íocfar sin ina dtrí ghála. Meastar gur ardú thart ar 35% a thagann ar chostais fuinnimh ar an meán i rith an gheimhridh agus tá géarghá i mbliana leis an tacaíocht airgid chun an teas agus an solas a choinneáil ag imeacht sna míonna sin.

Is muid ag breathnú chun cinn ar gheimhreadh atá lán d’éiginnteacht, an cheist is mó atá anois againn i ndiaidh fhógraí an lae inné, ná an leor na beartais seo le daoine atá ar bhruach an bhochtanais a thabhairt slán tríd an ngeimhreadh? Bímis ag súil go bhfuil dóthain déanta leis an gcuid is measa den ghéarchéim a sheachaint agus tionchar an bhoilscithe a mhaolú.

Fág freagra ar 'An buiséad agus an bhaintreach sa teampall'