An brón scaipthe de bheagán agus ceiliúradh cuí déanta ar shaol agus ar shaothar Liam Uí Mhuirthile

LÉIRMHEAS: An fhormáid atá forbartha ag IMRAM le haghaidh na seónna acu, mar a mbíonn ceol, aithriseoireacht agus ábhar ar scáileán i dteannta a chéile, d’oir sí go háirithe don ócáid ‘Ceardaí Focal’ a dhein ceiliúradh ar Liam Ó Muirthile

An brón scaipthe de bheagán agus ceiliúradh cuí déanta ar shaol agus ar shaothar Liam Uí Mhuirthile

Ailbhe Ní Ghearbhuigh (Pictiúr: Jim Berkeley)

Ó cailleadh Liam Ó Muirthile i mí na Bealtaine, tá brón ciúin á dhéanamh ag a mhuintir, ag a chairde agus ag a chomhscríbhneoirí. Bhí deis acu, ámh, an brón sin a scaipeadh beagán oíche Dé Luain nuair a deineadh ceiliúradh ar a shaol agus ar a shaothar ag ócáid in Amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath. A mhac Rónán a chuir an seó ‘Ceardaí Focal’ le chéile mar chuid d’imeachtaí fhéile IMRAM.

File, úrscéalaí, drámadóir, iriseoir, siúlaí scéalach agus aistritheoir, ab ea Liam agus tugadh léiriú ar gach aon genre acu sin ar an oíche. Thug an oíche léiriú, chomh maith, ar an meas mór a bhí ag daoine ar Liam. Bhí Philip King i mbun ceoil agus ag léamh, sheinn Peadar Ó Riada píosa ceoil ar an bpianó a chum sé féin mar thionlacan leis an dán ‘Teanga an Ghrá’ a chan Máire Ní Chéilleachair.

Dhein Cormac Breathnach agus Seán Mac Erlaine tionlacan ceoil a chur ar fáil chomh maith. Chuir Diarmuid de Faoite agus Bairbre Ní Chaoimh mír as dráma i láthair agus, dar ndóigh, léigh na filí Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Dairena Ní Chinnéide agus Greg Delanty dánta le Liam agus léigh Alan Titley sleachta as dhá úrscéal leis agus blúire as an gcolún An Peann Coitianta. Léigh Claire Ní Mhuirthile, deirfiúr le Liam, agus Ciarán Ó Muirthile, mac leis, dánta chomh maith.

Thosnaigh an oíche le dhá dhán as an gcnuasach Tine Chnámh agus blúire as an dán ‘Tine Chnámh’ á léamh ag Louis de Paor. Dándráma é sin (“véarsaíocht do ghuthanna” a thug Liam air) ina bhfuil réamhfhéachaint, d’fhéadfaí a rá, ar an saothar a bhí le teacht sa mhéid go bhfuil idir fhilíocht agus drámaíocht agus iriseoireacht fiú ann (tugtar ‘Tráchtaire’ ar dhuine de na carachtair ann). Bhí sé oiriúnach mar sin go dtosnófaí leis sin. Bhí greann agus daonnacht, teannas agus truamhéil sa radharc as Fear an Tae ag Diarmuid de Faoite agus Bairbre Ní Chaoimh. Beirt charachtar ann nach bhfuil d’ainmneacha orthu sa dráma ach ‘othar éigin’ agus ‘othar eile’ ach gur daoine aonair iontu féin lena bpearsantachtaí féin gach duine acu.

Trí shnáithe a shníonn trí shaothar uile Liam, dar liom, an chomhbhá dhomhain atá aige leis na pearsana go léir a chuireann sé inár láthair, an cúram a ghlacann sé i mbun aon saghas saothair agus an meas atá aige dá réir ar an ní dea-dhéanta agus an tábhacht a bhaineann leis an aistear agus le taitneamh a thabhairt don turas, is é sin, aird a thabhairt ar an am i láthair, is dócha.

Bhí na snáitheanna sin le brath ar na sleachta a léigh Alan Titley as Ar Bhruach na Laoi agus An Colm Bán agus ar na dánta a léigh Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Claire Ní Mhuirthile. Ba dheas, leis, an file Béarla Greg Delanty, dlúthchara le Liam, a chloisint ag léamh roinnt aistriúchán as an gcnuasach An Fuíoll Feá agus Ciarán Ó Muirthile ag léamh na mbunleaganacha. Mar chlabhsúr léigh Dairena Ní Chinnéide aistriúchán cumhachtach a dhein Liam, i gcuimhne ar a dheartháir, Finbarr, ar Le Bateau Ivre le Arthur Rimbaud.

An fhormáid atá forbartha ag IMRAM le haghaidh na seónna acu, mar a mbíonn ceol, aithriseoireacht agus ábhar ar scáileán i dteannta a chéile, tá sí an-éifeachtach agus d’oir sí go háirithe don ócáid seo. Bhí téacs an dáin ar an scáileán nuair a bhí ‘An Bád Meisce’ á léamh ag Dairena Ní Chinnéide agus ba mhór an chabhair é sin i gcás dán fada mar é. Ach do b’iad na giotaí as scannáin éagsúla go raibh Liam féin iontu an chuid ab fhearr den taobh sin den seó, dar ndóigh. Má tá brón ciúin i gcónaí orainn tar éis bháis Liam, d’ardaigh sé ár gcroíthe beagán é a fheiscint i mbun spaisteoireachta timpeall lánaí Chorcaí, abair, agus ina shuí ag a dheasc scríbhneoireachta ag caint faoin gceard gur chaith sé a shaol ina bun, ceard na bhfocal.

Fág freagra ar 'An brón scaipthe de bheagán agus ceiliúradh cuí déanta ar shaol agus ar shaothar Liam Uí Mhuirthile'

  • Séamus

    Ar dheis Dé go raibh sé.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Ar an drochuair, níor bhuail mé riamh le Liam cóir – ach bhí clár teilifíse agam ar fhísteip (atá fada caite!) ar a raibh sé féin agus Angela Burke ag caint agus ag comhrá: “Ar Aghaidh a Chéile”. An bhfuil sé seo le fáil go fóill? :-)