Tá ballstáit eile an Aontais Eorpaigh ag seasamh gualainn ar ghualainn leis an rialtas agus an socrú faoi Bhreatimeacht a dhéanfar ag cruinniú mullaigh an 14 Nollaig fós á phlé.
Cibé socrú a dhéanfar ag an gcruinniú sin, is léir go mbeidh comhráite fada casta riachtanach ina dhiaidh. Ní veto ach dea-thoil a neartóidh ár gcás as seo amach.
Ní foláir don rialtas déileáil go luath mar sin le dhá fhadhb a dhéanfaidh aimhleas na hÉireann mura ndéantar iarracht dháiríre iad a leigheas.
Cáin chorparáide: 0%
Níl oiread agus cent á íoc mar cháin ag ocht gcomhlacht ilnáisiúnta atá lonnaithe in Éirinn. Cuireadh an t-eolas náireach sin ar fáil i dtuairisc a chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Séamus McCarthy faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí Déardaoin.
Baineann na comhlachtaí leas as liúntais éagsúla chun a ndliteanas cánach a chur ar neamhní go hiomlán, go dleathach. Ní raibh cúig chomhlacht ilnáisiúnta eile ábalta gaisce chomh mór a dhéanamh, ach ní raibh orthu ach ráta cánach a haon faoin gcéad ar a mhéid a íoc ar a mbrabach sa tír seo.
Bheadh faisnéis mar seo, agus an leas a bhainfidh rialtais eile an AE as, contúirteach go leor d’Éirinn féin. Ach ar ndóigh, níl ann ach scéal eile a bhaineann le cáin a thagann sa mhullach ar chás ciotach Apple.
Dúirt státseirbhíseach ón Roinn Airgeadais leis an gCoiste Dé Céadaoin nach raibh cuntas eascró nó eatramhach curtha ar bun chun €13bn ó Apple a chur i dtaisce ann. D’ordaigh Coimisiún an Aontais Eorpaigh don rialtas an t-airgead a lorg nuair a rialaíodh go raibh maoiniú mídhleathach stáit curtha ar fáil do Apple in Éirinn.
Tá achomharc in aghaidh rialú an Choimisiúin á dhéanamh ag an rialtas. Ach níor comhlíonadh fós an gheallúint a thug an rialtas 15 mí ó shin go gcuirfí an t-airgead i gcuntas speisialta a chuirfí ar bun leis an airgead a choinneáil ann go n-éistfí an t-achomharc sa Chúirt Eorpach.
Gan amhras, séanann an rialtas go bhfuil droch-cháil tuillte ag Éirinn mar thearmann cánach. Deir airí go bhfuil Éire ag cloí leis na rialacha céanna cánachais atá i réim i dtíortha eile, agus go bhfuil siad toilteanach tacú le hathruithe ar bhonn idirnáisiúnta.
Ní mhaolófar mar sin féin ar an fhearg a chuireann ár gcóras cánach gnó ar mhórán daoine i mballstáit eile an Aontais Eorpaigh go dtí go léireofar toil níos láidre é a athrú.
Beidh Éire á lochtú agus á cáineadh go forleathan go dtí go ndaingneofar an córas abhus ar dhóigh a chinnteoidh nach mbeidh cuntas cánach mar seo ag comhlacht ar bith atá lonnaithe abhus:
Cáin le híoc: a náid.
Eadrainn féin… agus cách
Tá dhá thuairisc ar an mBreatimeacht foilsithe le coicís ar tugadh aird orthu ar fud na hEorpa, agus a bhí bunaithe ar fhoinsí Éireannacha.
Coicís ó shin, sceitheadh cur síos ambasadóirí agus taidhleoirí Éireannacha ar thuairimí a chuala siad agus an Breatimeacht á phlé i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach. Craoladh tuairisc ar RTE a dúirt gur thug a bhformhór le fios go raibh drochmheas ag rialtais éagsúla ar chur chuige rialtas na Breataine.
Tá an sceitheadh fós á fhiosrú. Dúirt an Tánaiste Simon Coveney sa Dáil Dé Céadaoin gur cosúil gur duine ó roinn éigin eile seachas an Roinn Gnóthaí Eachtracha a sceith an cháipéis.
Craoladh scéal eile ar Sky News Dé Céadaoin a bhí bunaithe ar chomhráite a dúradh a bhí ag státseirbhísigh i Londain lena gcomhghleacaithe i mBaile Átha Cliath. Dúradh leis na hÉireannaigh, de réir na dtuairiscí, gan aon aird a thabhairt ar ráitis phoiblí rúnaí gnóthaí eachtracha na Breataine Boris Johnson.
Shéan an oifig gnóthaí eachtracha i Londain go raibh aon fhírinne sa tuairisc.
Tá ábhar mór imní sa dá thuairisc don rialtas anseo. Murar féidir le hambasadóirí agus ionadaithe eile na hÉireann cúrsaí a phlé go discréideach le daoine eile, ní féidir faisnéis mhuiníneach a sheoladh ar ais go Baile Átha Cliath.
Beidh an riachtanas níos géire de réir mar a théann na comhráite faoin mBreatimeacht chun cinn (is é sin, má théann). Beidh dianphlé le déanamh ar bhunphrionsabail agus ar mhionsonraí an tsocraithe a dhéanfar.
Ní foláir don rialtas, agus don Roinn Gnóthaí Eachtracha go háirithe, a dheimhniú go mbeidh gach ambasadóir agus a fhoireann ábalta “eadrainn féin, an dóigh leat…” a rá agus a fhios aici nó aige go gcreidfear an gheallúint atá intuigthe i gcaint dá leithéid.
Fág freagra ar 'AN BREATIMEACHT: ‘Eadrainn féin, an dóigh leat…’'