Teastaíonn muinín i ngach caidreamh, pearsanta nó idirnáisiúnta. Ní dheimhníonn muinín dea-thoradh ar ndóigh, ach de ghnáth ní bhíonn rath ar iarracht réitigh dá ceal.
Nuair a chríochnaigh na comhráite is deireanaí faoin mBreatimeacht sa Bhruiséil Déardaoin, chuir príomh-idirbheartaí an AE Michel Barnier i leith rialtas na Breataine gur chlis siad ar an muinín a bhí riachtanach.
Thagair Barnier do dhá ábhar míshásaimh. Ar an gcéad dul síos, na litreacha a cuireadh chuig saoránaigh Eorpacha atá ina gcónaí sa Bhreatain le déanaí inar dúradh leo an tír a fhágáil. (Tarraingíodh siar na litreacha tar éis tamaill agus dúradh gur mar gheall ar bhotún a seoladh iad.)
An dara gearán a tharraing Barnier anuas: neamhthoil na Ríochta Aontaithe íoc as a sciar den mhaoiniú fadtéarmach cabhrach a gheall an tAontas don Úcráin agus do thíortha eile atá i mbun forbartha san Afraic agus i réigiúin eile den domhan.
Ar an gcéad amharc, ba chóir go mbeifí ábalta réiteach a aimsiú ar an dá chúis ghearáin seo. Ní theastaíonn ach comhaontú soiléir maidir le cosaint chearta saoránach. Is léir do gach duine neamhchlaonta go gcaithfear teacht ar mhargadh airgeadais ina ngéillfidh an dá thaobh beagáinín. Sampla eile den chineál margaidh a dhéanfaidh ceannaitheoirí agus díoltóirí lena chéile le linn aonach na gcapall i mBéal Átha na Sluaighe an mhí seo chugainn.
Faraor, is léir arís eile nach ionann ‘ba chóir’ agus ‘is féidir’. Tá brú ar phríomh-idirbheartaí na Breataine sa Bhruiséil, an t-aire Breatimeachta David Davies, nach féidir leis a shárú. Tá a phríomh-aire agus a pháirtí glan in aghaidh socrú ar bith a cheadódh údarás ar bith don Chúirt Eorpach sa Ríocht Aontaithe. I dteannta an fhreasúra sin, tá dream nach beag ina pháirtí féin, gan trácht ar an bpobal sa Bhreatain, nach mian leo oiread agus cent a íoc leis an AE mar chuid de chomhaontú imeachta.
Níor chóir comhréiteach eatramhach ar deireadh thiar ar na hábhair seo a chur as an áireamh, An phríomhchúis dóchais: tá an dá phríomhpháirtí i Westminster ag caint ar ‘idirlinn’ nó tréimhse bhreise tar éis dáta foirmiúil imeachta na Breataine in 2019 ina gcoinneofaí córas an AE i bhfeidhm sa Bhreatain.
Ní theastaíonn ach muinín idir an dá thaobh. Ach léirigh na comhráite sa Bhuiséil le seachtain anuas nach ann don mhuinín sin fós. Níl an ‘dul chun cinn’ (a d’fhógair ceannairí an AE a bheadh riachtanach faoi Dheireadh Fómhair sula bpléifí caidreamh nua leis an Ríocht Aontaithe) á thuar sa ghearrthéarma anois ag breathnóir eolach ar bith sa Bhruiséil. Is é sin le rá, an dul chun cinn a dúirt na ceannairí a chaithfí a dhéanamh maidir le cearta saoránach, cúrsaí airgeadais, agus cúrsaí na hÉireann.
Is fiú breathnú ar an dialann agus an léargas Breatimeachta thall, an léargas cáinaisnéise abhus, agus an léargas Eorpach á mheá.
Dialann 2017 – Deireadh Fómhair: Dátaí Tábhachtacha
1-4 – Comhdháil Pháirtí Caomhach na Breataine, Manchester.
10 – Lá na Cáinaisnéise, Dáil Éireann.
19-20 – Cruinniú Mullaigh an AE, an Bhruiséil.
Tá an bhearna idir an dá thaobh sa Bhruiséil, agus an easpa muiníne eatarthu, chomh soiléir faoi láthair go mb’fhéidir go n-oirfeadh fódseasamh agus géarchéim dá bharr. Maith dom, a léitheoir dhil, focal soiniciúil dóchais ag an bpointe seo.
B’fhéidir go gcothódh díluacháil eile ar an bpunt steirling agus rabharta imní eile ó lucht gnó toil éigin chun comhréitigh, dá theoranta í, i Londain. Cá bhfios, b’fhéidir, freisin, go mbeadh ionadaithe an AE agus na Ríochta Aontaithe sásta margadh airgeadais a dhéanamh lena chéile roimh dheireadh na bliana?
Ní féidir le haire airgeadais atá freagrach pleanáil na cáinaisnéise a bhunú go hiomlán ar dhóchas. Ní shíltear faoi láthair go mbeidh mórán le cois €300 milliún sa bhreis le caitheamh ag Paschal Donohoe an bhliain seo chugainn.
Más i lár ghéarchéim na Breatimeachta a bheidh an buiséad á fhógairt aige an mhí seo chugainn, beidh dualgas ar Donohoe srian sa bhreis, a chur ar chaiteachas breise, dá theoranta é.
Fág freagra ar 'An Breatimeacht agus an Buiséad – an dóchas agus an dualgas'