An bóthar fada tógtha ag Andy Lee ach níl a aistear críochnaithe fós

San oíche amárach, tabharfaidh Andy Lee aghaidh ar Billy Joe Saunders agus é ag iarraidh crios WBO mheánmheáchain an domhain a chosaint. Tá beagnach deich mbliana caite ag Lee ag iarraidh teacht chomh fada leis seo…

Andy Lee. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Andy Lee. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Seachtain tar éis do Conor McGregor craobh an domhain a bhuachan i ndiaidh a bhua dochreidte in aghaidh Jose Aldo, tá Éireannach eile ag iarraidh greim a choinneáil ar chrios chraobh an domhain sa chró an deireadh seachtaine seo.

San oíche amárach, tabharfaidh fear Luimnigh, Andy Lee, aghaidh ar Billy Joe Saunders i gcraobh meánmheáchain WBO an domhain agus é ag iarraidh an crios a bhuaigh sé anuraidh a chosaint.

Bhí Lee ag súil gur i bPáirc Thuamhan i gcathair Luimnigh a thabharfadh sé aghaidh ar Saunders, ach nuair a bhain tinneas dó (agus nuair nár díoladh an oiread sin ticéad roimh ré) athraíodh an troid go dtí Manchain i Sasana. Cé gur chuir an t-athrú díomá ar Lee, is cinnte nach gcuirfidh sé isteach air oíche amárach. Ní hé seo an chéad uair a bheidh ar Lee taisteal chun a cheird a chleachtadh.

Is den lucht siúil é Lee agus tá sé sin tráthúil go maith mar tá aistear fada déanta aige chun a sprioc mar churadh domhanda a shroicheadh. Ba tar éis dó ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i 2004, rinne sé cinneadh tabhairt faoin dornálaíocht ar bhonn gairmiúil.

Bhog Lee go Meiriceá le dul ag traenáil faoi cheannas an traenálaí cháiliúil Emanuel Steward.

Is beag dá bhfaca muid de Lee ag troid sa tír seo ó shin agus ba sna Stáit Aontaithe nó san Eoraip a bhí formhór dá throideanna. Tar éis dó a chéad 15 troid ghairmiúil a bhuachan, fuair Brian Vera an ceann is fearr air in Connecticut in 2008, an chéad uair a chaill Lee.

Thóg sé tamall teacht aniar ó sin, ach tar éis dó dhá chraobh náisiúnta a bhuachan i Meiriceá, tugadh deis do Lee craobh mheánmheáchain WBC a bhuachan. Is in aghaidh Julio Chavez Junior a throid an tÉireannach in Texas. Bhí an lá le Chavez nuair a stopadh an troid sa seachtú babhta.

Ní don chéad uair bhí ar Lee tosú ag bun an dréimire ach le cabhair traenálaí nua, Adam Booth, tháinig sé chuige féin arís. Ba é an troid in aghaidh John Jackson i lár na bliana 2014 a tharraing aird ar Lee an athuair. Leagadh sa chéad bhabhta é ach chuir an tÉireannach deireadh leis an troid sa chúigiú babhta nuair a leag sé Jackson amach le buille dochreidte.

Ina dhiaidh sin, tugadh deis dó craobh WBO an domhain a bhuachan arís agus é ag troid in aghaidh Matt Korobov, Rúiseach nár chaill aon raibh troid riamh. Nó gur chas sé le Lee. In Las Vegas i mí na Nollag seo caite, cuireadh stop leis an troid sa séú babhta tar éis do Lee 17 buille a bhualadh ar Korobov gan freagra ón Rúiseach.

Billy Joe Saunders. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Billy Joe Saunders. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Mar a tharlaíonn sé, is col ceathrar é Lee le curadh domhanda eile, Tyson Fury, a bhuaigh crios trommheáchain an domhain an mhí seo caite. Cé gur tharraing Fury aird air féin le tamall anuas mar gheall ar a bhfuil ráite aige sna meáin faoi dhaoine aeracha, tá pearsantacht éagsúil ar fad ag Lee.

Agus é ag labhairt faoi Saunders agus an bheirt ag druidim chun na troda, moladh ar fad a bhí aige don Sasanach. Is den lucht siúil é Saunders chomh maith agus is é seo an chéad uair a thabharfaidh beirt den chúlra sin aghaidh ar a chéile i dtroid a bhfuil crios domhanda ar fáil.

Tá cosúlachtaí ann idir aistear Saunders agus aistear Lee go dtí seo, cé gur faide Lee ar an mbóthar ná a chéilí comhraic. Ba dhornálaí amaitéarach den scoth é Saunders chomh maith, é ag dul go dtí na cluichí Oilimpeacha i Londain nuair nach raibh sé ach 18. Lena chois sin, bhuaigh sé craobhacha comhlathais agus Eorpacha le blianta beaga anuas.

Faoi láthair, ní féidir leis na geallghlacadóirí na trodaithe a scaradh óna chéile, ach beidh Lee ag súil go seasfaidh a chuidsean taithí dó sa chró amárach.

Fág freagra ar 'An bóthar fada tógtha ag Andy Lee ach níl a aistear críochnaithe fós'