An Bíobla ar fáil mar ríomhleabhar i nGáidhlig

Tá an Bíobla anois ar fáil mar ríomhleabhar i nGáidhlig

Bible

Leagan digiteach den Bhíobla Gáidhlig a d’fhoilsigh an Society for Promoting Christian Knowledge sa bhliain 1902 agus an leabhar Apocripha a foilsíodh sa bhliain 1860 atá sa ríomhleabhar atá á chur amach ag Foillseachadh Akerbeltz, mionfhoilsitheoir Albanach.

“Níl an Bíobla ar fáil le blianta, agus cé go ndeirtear go bhfuiltear ag obair ar aistriúchán iomlán nua, níl faic le fáil ag an bpointe seo, agus bhíothas ag teacht chugam ó am go ham agus ag fiafraí díom an mbeinn sásta é a chur i gcló arís,” a dúirt Michael Bauer ó Foillseachadh Akerbeltz

Dúirt sé go raibh leagan níos nua den Bhíobla ann i nGáidhlig ach go raibh cúis faoi leith aige an ceann a foilsíodh i 1902 a roghnú. Ní dhearnadh “róchaighdeánú” ar an eagrán sin agus é á chur in oiriúint do ríomhleabhair.

“Is ag Cumann Bíobla na hAlban atá an cóipcheart ar an mBíobla nua sin. Roghnaigh mise an Bíobla is déanaí nach bhfuil aon chóipcheart air. Ní dhearna muid ach beagáinín oiriúnú ar an leagan sin. Rinne muid athnuachan ar chuid de na focail agus d’athraigh muid cuid den litriú atá fíor-fhíor-sheanfhaiseanta.

“Ní scoláire Bíobla atá ionamsa, agus bhí mé ag iarraidh ómós a thabhairt don leabhar agus a bheith cúramach leis. Ní raibh mé chun an nádúr a athrú ann ar chor ar bith,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'An Bíobla ar fáil mar ríomhleabhar i nGáidhlig'