An bille teanga curtha go tóin poill ag olltoghchán luath

Dúirt an Taoiseach go raibh an bille teanga i measc na bpíosaí reachtaíochta ar mhaith leis a chur tríd roimh an toghchán

An bille teanga curtha go tóin poill ag olltoghchán luath

Beidh an bille teanga a rabhthas ocht mbliana ag fanacht air ar cheann de na píosaí reachtaíochta a bheidh thíos leis an olltoghchán luath.

Tá an reachtaíocht don Ghaeilge le bheith os comhair na Dála ach a bhfillfidh sí Dé Céadaoin agus í an ainm is a bheith á plé arís Déardaoin.

Ach cé go ndúirt an Taoiseach go raibh an bille teanga i measc na bpíosaí reachtaíochta ar mhaith leis a chur tríd roimh an toghchán, is léir anois nach rachaidh an bille níos faide ná an dara céim sa Dáil, má dhéanann sé an méid sin féin.

Ba mhaith leis an Aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne go n-éireodh leis an mbille an dara céim ar a laghad a bhaint amach, ach bhí amhras i gcónaí ann faoi cad a bheadh i ndán don reachtaíocht nuair a d’imeodh sí ón Dáil go dtí Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Bhí easaontas mór idir an Rialtas agus an freasúra faoi fhiúntas na reachtaíochta nuair a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite í.

Mhaígh an Rialtas gur “ré úr don Ghaeilge” a bhí sa bhille atá le leasú a dhéanamh ar an acht teanga, ach dúirt an freasúra gur údar mór “díomá” a bhí ann.

Thug polaiteoirí an fhreasúra le fios go dtacóidís leis an mbille ag an dara céim sa Dáil agus go bhfanfaidís go dtí céim an choiste sula gcuirfí an scian ag obair air.

Is cosúil anois, áfach, go mbeidh Seán Kyne ar an tríú haire stáit Gaeltachta de chuid Fhine Gael nár éirigh leis an reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach in ainneoin na ngeallúintí go léir go ndéanfaí a leithéid.

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist ag an Taoiseach Leo Varadkar dáta lánscortha an 32ú Dáil a fhógairt sna laethanta amach romhainn.

Tá na páirtithe go léir ag géarú ar a gcuid ullmhúchán don olltoghchán ó dúirt an Taoiseach ag an deireadh seachtaine go raibh an dáta roghnaithe aige dó.

Dúirt an Taoiseach cheana go raibh fonn air go mbeadh an toghchán ann i mí Bealtaine, ach ghéill sé go raibh “athrú scéil ann” i bhfianaise a leochailí is atá an Rialtas ó thaobh líon na dTeachtaí Dála a thacódh leis.

Pléifidh an Taoiseach dáta an toghcháin inniu lena  chomhghleacaithe ag cruinniú rialtais agus tá sé i gceist aige bualadh chomh maith inniu le ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin.

An vóta mímhuiníne san Aire Sláinte Simon Harris atá beartaithe don mhí seo chugainn is mó a thug ceist an toghcháin go cnámh na huillinne agus gach cuma ar an scéal go gcaillfeadh an rialtas an vóta sin.

Tá ráite ag páirtithe an fhreasúra go bhfuil sé “in am d’athrú”.

Fág freagra ar 'An bille teanga curtha go tóin poill ag olltoghchán luath'