Deir Roinn na Gaeltachta go mbeidh an bhliain nua ann sula mbeidh an córas nua faoina gcuirfear dualgas ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí trí Ghaeilge réidh le foilsiú.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh in 2021, tá córas na gcaighdeán le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga, a bhfuil deireadh ag teacht leis roimh dheireadh na bliana, seo ach tá sé deimhnithe ag an Roinn anois nach mbeidh na caighdeáin réidh le foilsiú go dtí tús 2025 ar a thúisce.
Tá polaiteoirí agus eagraíochtaí teanga ag fanacht le fada chun amharc a fháil ar na caighdeáin agus ar na cineálacha dualgas a bheidh le leagan ar na cineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí.
Nuair a bhí an reachtaíocht teanga á plé i dTithe an Oireachtais in 2021, éilíodh go gcuirfí dréachtchóip ar fáil ach níor tháinig sé. Bhí súil ann go bhfoilseodh Roinn na Gaeltachta na caighdeáin ag tús na bliana seo agus arís roimh fhoilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge ach caithfear fanacht anois go dtí an bhliain seo chugainn.
Nuair a fhoilseofar na caighdeáin, deir Roinn na Gaeltachta go gcaithfear dul i gcomhairle le hAirí eile de chuid an Rialtais, comhairle a lorg ón gCoiste Comhairleach, próiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil thar thréimhse 3 mhí; agus próiseas comhairliúcháin a reáchtáil leis na comhlachtaí poiblí ábhartha thar thréimhse 3 mhí.
“D’fhógair an Roinn sa samhradh go mbeifí ag cur tús leis an gcéad phróiseas comhairliúcháin a bhaineann leis na caighdeáin teanga don chéad aicme go gairid i ndiaidh fhoilsiú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne. “Agus an Plean seo foilsithe anois ón tseachtain seo caite, agus an Plean Gníomhaíochta lena mbaineann le foilsiú sa tréimhse ghearr amach romhainn, tá i gceist ag an Roinn na caighdeáin teanga a fhoilsiú anois go luath san athbhliain.”
Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh gur fhógair an t-iarChoimisinéir Teanga go raibh sé ag éirí as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.
In áit chóras na scéimeanna tá scéim na gcaighdeán le tabhairt isteach, scéim faoina leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga an tseachtain seo nach féidir “réamhbhreithiúnas” a thabhairt ar na seirbhísí a chaithfidh comhlachtaí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge go dtí go bhfoilseofar na caighdeáin teanga.
Fág freagra ar 'An bhliain seo chugainn ann sula mbeidh na caighdeáin teanga réidh le foilsiú – Roinn na Gaeltachta'