Deir Oifig an Choimisinéara Teanga nach féidir “réamhbhreithiúnas” a thabhairt ar na seirbhísí a chaithfidh comhlachtaí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge go dtí go bhfoilseofar na caighdeáin teanga atá leagtha amach sa reachtaíocht teanga.
D’fhoilsigh an Rialtas an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge an tseachtain seo caite, plean a ullmhaíodh ar mhaithe le feabhas a chur ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, ach tá amhras ann cheana féin an mbeidh gach comhlacht poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go háirithe, in ann spriocanna na reachtaíochta a bhaint amach agus cloí leis an dlí teanga.
Deirtear sa bplean gur “ceist ar leith” í FSS, an fostóir is mó san earnáil phoiblí, agus tugtar le fios go mbeidh dúshláin ar leith roimpi cloí leis an reachtaíocht teanga toisc gur ón iasacht an oiread sin de na daoine atá ag obair don eagraíocht.
D’fhiafraigh Tuairisc d’Oifig an Choimisinéara Teanga an nglacfaí le haon iarracht eisceacht a dhéanamh den FSS – i gcás na sprice earcaíochta go mbeadh 20% d’earcaithe chuig an tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, mar shampla – agus dúradh go gcaithfí fanacht go dtí go mbeadh na caighdeáin teanga foilsithe sula dtabharfaí aon bhreithiúnas.
Faoin reachtaíocht teanga leasaithe, tá córas na gcaighdeán le teacht isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. Faoin gcóras nua, leagfar dualgais chaighdeánacha éagsúla ar chomhlachtaí poiblí, ag brath mar shampla, ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal.
Bhí polaiteoirí ag éileamh go gcuirfí dréachtchóip de na caighdeáin ar fáil nuair a bhí an reachtaíocht teanga á plé in 2021 ach níl aon radharc ar na caighdeáin go fóill, beagnach trí bliana ó tháinig an t-acht i bhfeidhm. Bhí súil ann go bhfoilseodh Roinn na Gaeltachta na caighdeáin ag tús na bliana seo agus arís roimh fhoilsiú an Phlean Náisiúnta ach níl tásc ná tuairisc orthu.
“Siad na caighdeáin teanga a fhorordóidh Aire na Gaeltachta a dheimhneoidh na seirbhísí a mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar mar aon le líon agus scóip na seirbhísí sin, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh,” a dúirt urlabhraí de chuid an Choimisinéara Teanga.
“Ní féidir réamhbhreithiúnas a thabhairt ar na himpleachtaí a bheidh ag na caighdeán teanga do riachtanais acmhainní daonna na gcomhlachtaí poiblí aonair ar mhaithe le seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a sholáthar, go dtí go mbeidh na caighdeáin teanga foilsithe ag an Aire.”
D’fhiafraigh Tuairisc d’Oifig an Choimisinéara freisin an nglacann an Coimisinéir leis an mbrí atá bainte ag údair an phlean as an bhfoclaíocht a bhaineann leis an sprioc gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% de na daoine a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh na bliana 2030.
Cé gur glacadh leis gurb ionann sa reachtaíocht teanga daoine a d’earcófaí ‘chuig’ an tseirbhís phoiblí agus earcaigh ‘nua’, deirtear sa bplean nach amhlaidh atá agus gur féidir daoine atá sa tseirbhís phoiblí cheana a áireamh chomh maith sa 20%.
Dúirt urlabhraí ar son an Choimisinéara go bhfuil tuarascáil á réiteach faoi obair an choiste a d’ullmhaigh an phlean agus go mbeidh “tráchtaireacht” sa tuarascáil sin ar fheidhmiú na forála 20%. Tá an tuarascáil sin le foilsiú roimh dheireadh na bliana, a dúradh.
I mí Feabhra na bliana seo, dúradh gurbh é tuiscint an Choimisinéara Teanga ná go mbaineann an fhoráil faoi earcaigh chuig na seirbhíse poiblí le hearcaigh ‘nua’ agus bhain an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, úsáid as an bhfocal “nua” nuair a bhí sé ag caint faoin sprioc earcaíochta ag Comhdháil Pleanála Teanga i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo caite.
Idir an dá linn, tá ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil “easnaimh” mhóra sa bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge agus tá díomá léirithe acu faoin “easpa spriocanna láidre” atá ann.
“Cé go n-aithnímid an iarracht atá déanta ag an gCoiste Comhairleach, bunaithe ag an Rialtas, leis an bplean seo a fhorbairt, tá imní orainn faoi roinnt gnéithe criticiúla den Phlean mar atá sé faoi láthair,” a dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
“Tá an teanga a úsáidtear sa Phlean lag agus neamhchinnte, agus níl na spriocanna intomhaiste atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 luaite go sonrach san aidhm nó sna mórchuspóirí sa Phlean. Tá sé fíorthábhachtach, má tá an Ghaeilge le bheith ag croílár seirbhísí poiblí, go mbeadh cinnteacht agus soiléireacht ag baint leis na gealltanais atá déanta ag an Stát.”
Deir an Conradh go bhfuil easnaimh ar leith sa bplean maidir le cúrsaí oideachais agus gur chóir an córas scolaíochta iomlán a ailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach [TEG] chun tacú leis an sprioc 20% a bhaint amach. Deirtear freisin gur chóir go mbeadh “sprioc intomhaiste” sa bplean i dtreo 5% de chúrsaí tríú leibhéal a bheith as Gaeilge chun réimse i bhfad níos leithne d’iarchéimithe a bheith ar fáil don earnáil phoiblí.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, go bhfuil sé riachtanach go mbeadh an chéad phlean gníomhaíochta atá le foilsiú ar mhaithe le feidhmiú an Phlean Náisiúnta níos soiléire agus níos intomhaiste agus go n-áireofaí ann spriocanna uaillmhianacha chun seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú.
“Ní leor plean nach bhfuil bunaithe ar ghealltanais láidre. Caithfear an Plean a fheabhsú go substaintiúil chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge mar phríomhghné dár seirbhísí poiblí amach anseo,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Ní féidir breithiúnas a thabhairt go fóill faoi na dualgais a bheidh ar an HSE ó thaobh na Gaeilge – An Coimisinéir Teanga'