An bhfuil sé rómhall chun tabhairt faoi shlí bheatha mar réalta porn?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Mí go leith tar éis bhás a mháthar, níl fonn scríbhneoireachta dá laghad ar ár gcolúnaí agus tá sé in amhras faoi cad é an mhaith atá leis an litríocht féin

An bhfuil sé rómhall chun tabhairt faoi shlí bheatha mar réalta porn?

Ceithre huaire sa tseachtain, ar an meán, a thugainn cuairt ar mo mháthair nuair a bhí sí beo agus ina cónaí in ionad cúraim. Uair an chloig a chaithinn léi, agus thógadh an turas ann leathuair an chloig agus an turas ar ais freisin. 

Ocht n-uaire an chloig sa tseachtain, lá iomlán oibre. 

Sna míonna deireanacha sula bhfuair sí bás, ag tarraingt ar shé seachtaine ó shin anois, théinn ann chuile lá nach mór agus chaithinn i bhfad níos mó ama léi, ag tabhairt bia ina béal di go minic; thógadh sé uair an chloig uirthi a dinnéar a ithe, fiú agus an bia meilte. 

Post lánaimseartha a bhí i mo mháthair faoin am sin, agus na colúin a scríobhaim do Tuairisc agus roinnt eagarthóireachta a dhéanaim do dhreamanna eile as an áireamh, ní chuirinn peann le páipéar ná méar le clár. 

Shílfeá, mar sin, ó baineadh an cúram sin de mo ghuaillí agus mo mháthair ar shlí na fírinne, go mbeadh dalladh ama agam anois chun tabhairt faoi thogra scríbhneoireachta nua, agus neart ábhair agam lena chois. 

A mhalairt atá fíor. 

Dá gcuirfeá ceist orm céard é is mó a mhothaím ó d’éag mo mháthair is éard a déarfainn ná: tuirse.  

Ní brón, ní fearg, ní faoiseamh féin, ach tuirse. 

Codlaím i gceart, ocht nó fiú amháin naoi n-uaire an chloig gach oíche. 

Ach nuair a dhúisím bím traochta agus ní leor trí espresso dúbalta le beocht a chur ionam, agus bíonn orm pota mór den tae glas a réiteach le go n-éiríonn liom roinnt oibre a dhéanamh. 

Is ansin, dáiríre, a thugaim faoi deara cé chomh spíonta is atá mé. Sampla beag: trí uaire an chloig, seachas uair an chloig amháin roimh bhás mo mháthar, a thógann sé orm anois eagarthóireacht a dhéanamh ar na colúin faoi chúrsaí caidrimh a scríobhann mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, d’iris do mhná. 

Ach ní hamháin go dtógann pé obair a dhéanaim a thrí oiread ama, níl fonn ar bith orm tabhairt faoi thogra scríbhneoireachta nua – agus ní easpa ábhair is cúis leis sin, bíonn brionglóidí taibhseacha agam san oíche a spreagfadh saothair fhíorspéisiúla. 

Tá an rud ar fad sách tromchúiseach, dáiríre. Breathnaím ar mo chuid seilfeanna agus bím do mo cheistiú féin: cén mhaith atá leis na leabhair sin ar fad? Ní thugann an litríocht na mairbh ar ais agus lena chois sin ní spéis le daoine a thuilleadh í, meas tú an bhfuil sé rómhall chun tabhairt faoi shlí bheatha mar réalta porn? 

Ach ansin cuimhním gur faoi scáth bhás a máthar féin a scríobh Tove Jansson Sommarboken (‘The Summer Book’, i mBéarla), an leabhar is ansa liom ar domhan; úrscéal eipeasóideach ina bhfuil máthair ar lár agus ina gcaitheann mamó (bunaithe ar mháthair Jansson) agus gariníon samhradh i ndiaidh samhraidh le chéile ar oileán beag bídeach amach ó chósta na Fionlainne. Leabhar lán sóláis, agus leacht cuimhneacháin do mháthair Jansson lena chois. 

Cén fhad, meas tú, a d’fhan sí sular chuir sí peann le páipéar? 

Fág freagra ar 'An bhfuil sé rómhall chun tabhairt faoi shlí bheatha mar réalta porn?'

  • Lonán Fiach Ó Lorgnáin

    Cásaím bás do ṁáthar leat, a ċara – más i mbun éigse nó collaíomhánna[!] mbeas tú feasta, nár laga Dia ṫú💪