An bhfuil Príomh-Aire nua sa Bhreatain?

Tá ceisteanna go fóill ann faoi céard iad go díreach na cumhachtaí atá ag Dominic Raab, ionadaí Boris Johnson atá go dona tinn san ospidéal leis an gcoróinvíreas

An bhfuil Príomh-Aire nua sa Bhreatain?

Roghnaigh Boris Johnson an Stát-Rúnaí Gnóthaí Eachtracha, Dominic Raab, le bheith ina ghníomhaire ar a shon nuair is gá ach is iomaí gearán agus ceist atá le cloisteáil sa Bhreatain fós mar gheall ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na cumhachtaí cuí ag Raab fad is atá an Príomh-Aire féin san ospidéal faoi dhianchúram leighis.

An bhfuil Raab in ann airí nua a cheapadh? Céard a tharlódh dá ndéanfadh sé iarracht airí a bhriseadh as oifig? Agus seo í an cheist is práinní ar fad: an bhfuil sé i gceannas ar airm núicléacha na Breataine faoi láthair?

Bíonn freagraí difriúla ag daoine éagsúla ar na ceisteanna seo. Mhaígh an t-aire sinsearach sa Cabinet Office, Michael Gove ar maidin nach bhfuil na cumhachtaí sin ag Raab faoi láthair, agus go ndéanfaidh an rialtas féin, mar chomh-aireacht, na cinntí sin nuair is gá.

Níorbh amhlaidh an scéal aréir, áfach, ag Lord Robin Butler, iar-rúnaí ar an gcomh-aireacht agus an príomhchomhairleoir oifigiúil a bhíodh ag Margaret Thatcher agus John Major. Dar leis, d’fhéadfadh Johnson féin cead a thabhairt d’ionadaí ar bith úsáid a bhaint as gach aon chumhacht a bhí aige sular bhuail an tinneas seo é, na cumhachtaí núicléacha ina measc.

Bhí an débhríochas céanna ag baint le hoifig an leasuachtaráin sna Stáit Aontaithe idir 1787-1967. Níorbh léir do chách cathain a bheadh an leasuachtarán in ann lánchumhachtaí an uachtaráin féin a úsáid agus teideal oifigiúil an uachtaráin a úsáid ina dteannta.

I 1965, scríobhadh an 25ú Leasú ar Bhunreacht na Stát Aontaithe, leasú a d’fhág go raibh cinnteacht feasta san áit a mbíodh an débhríochas roimhe sin.

Dá bhfaigheadh uachtarán na Stát Aontaithe bás, nó dá mbrisfí as oifig é (nó í), thabharfaí oifig an uachtaráin don leasuachtarán.

Mura mbeadh an t-uachtarán in ann a c(h)uid dualgas bunreachtúil a chomhlíonadh, de dheasca breoiteachta nó míchumais éigin, ba chóir an cás a chur faoi bhráid Chomhdháil na Stát Aontaithe agus ansin d’fhéadfaí lánchumhachtaí na huachtaránachta a aistriú ar bhonn sealadach go dtí an leasuachtarán, a mbeadh an teideal uachtarán cúnta aige. Níl macasamhail an 25ú Leasú áfach ag Rialtas na Breataine, agus beidh leisce ar Raab féin aon chinneadh mór a dhéanamh faoi láthair dá bharr.

Mar sin féin, ní bheadh aon dul as aige ach cinntí móra a dhéanamh dá mbeadh Johnson bocht gan aithne gan urlabhra, nó dá mbeadh ar na dochtúirí i dtuilleamaí cóir leighis thromchúiseach.

De ghnáth, is féidir leis an gcomh-aireacht cinneadh mór a dhéanamh en banc, mar a déarfá. Ach uaireanta, ní bhíonn dóthain ama chun na hairí go léir a thabhairt le chéile, agus bíonn ar dhuine amháin an fód a sheasamh.

Níor foilsíodh aon cháipéisí stáit faoin gceist nua seo agus ní léir cé chomh cuimsitheach is atá na cumhachtaí a thug Johnson do Raab nuair a ainmníodh ina Chéad Stát-Rúnaí é.

Beidh an t-eolas sin againn sula fada.   

Fág freagra ar 'An bhfuil Príomh-Aire nua sa Bhreatain?'