An bhfuil muid uilig ár ndídhaonnú ag soiscéal síoraí na troda?

Déanann déantóirí airm a mbuilín, ceannaíonn siad a máistrí agus bíonn na boicht ag brath ar bhoscaí na trócaire ó lucht an bheagáin

An bhfuil muid uilig ár ndídhaonnú ag soiscéal síoraí na troda?

Cnuaisciúnach go maith an tógáil a bhí ag ár bhformhór agus is amhlaidh a chuir ainnise an Covid agus na haeráide leis an náire faoi bheadaíocht ná tomhailt gan údar.

Ait go leor is amhlaidh atá an cogadh agus an dídhaonnú san Úcráin ag cothú drogall, amhras is éadóchas ionam féin faoin gcarthanacht ba nádúr do mo dhúchas. An bhfuil bunús le m’amhras go bhfuil muid uilig ár ndídhaonnú ag soiscéal síoraí na troda?

An bhliain seo chugainn beidh leathchéad bliain caite againn sa gCómhargadh [AE] agus 50 bliain ag cur pingineacha shéanadh na milseán, na dí agus na dtoitíní i mboscaí Trócaire agus na leanaí scrúdta sin ag cur carghas orainn. Dhá bhliain ó shin bhailigh Trócaire €8.3 milliún as na boscaí sin agus bhronn pobal na tíre seo €23 milliún ar fad ar an eagraíocht a rinne leas do dhá mhilliún go leith duine.

Sna trí bliana ó 2022–2025 maoiniú $25.9 billiún dollar a bheidh ag Ciste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí [UNICEF] agus tá siad féin ag fiach ar ghnaíúlacht an phobail le cur leis agus fainic curtha acu orainn óna thús gurb iad an 7.5 milliún gasúr san Úcráin ba mheasa a d’íocfadh as an gcogadh.

€75 atá UNICEF a iarraidh le 12,500 cnap glanta uisce a chur ar fáil le go mbeidh uisce glan ag daoine. €100 le trí bhosca garchabhrach a chur ar fáil do dhaoine atá leonta basctha ag féiríní airm.

Tá Brainse na hÉireann d’eagraíocht na Croise Deirge iad féin ag lorg déirce agus ba lú ná €10 milliún de mhaoiniú a bhí acusan in 2020. Chuirfeadh €36 díol míosa d’earraí sláinteachais ar fáil do thriúr, a n-impí siúd.

Tá neart daoine sa tír seo faoi láthair ar mhaith leo €36 a bheith i dtaisce ar an drisiúr acu don bhille leictreachais ach níl aon ghanntan airgid ar an domhan mór, beag an baol.

Tá billiún euro tugtha ag NATO don Úcráin chomh maith le cual diúracán frith-aerárthaí, tancanna agus dróin.

$20 billiún sa lá an costas a chuirfeadh lá cogaíochta ar an Rúis a mheas CIVITTA, i dtaighde a rinneadh don Ionad don Téarnamh Geilleagrach i lár na hEorpa agus chuireadar praghas $7 billiún ar an scrios a rinneadh dá gcuid trealamh agus arm sa gcéad cheithre lá den ionsaí reatha. Sin gan trácht ar an tionchar fadtéarmach ar chúrsaí tionsclaíochta is gnó ach cúiteoidh muide leo má choinníonn siad ola is gás linn.

Agus cá bhfágfadh muid an Gael Mór é fhéin, Joe Biden, Uachtarán na Stát Aontaithe, fear a thuill an-mheas ó Uachtarán na hÚcráine le gairid nuair a gheall sé thart ar $800 billiún i gcúnamh míleata don Úcráin.

Ach ní taobh leis an ngnaíúlacht sin é, tá breis is $2.4 billiún de chúnamh míleata seolta soir ag Biden ó rinne sé a nead sa Teach Bán. Ní hé amháin sin ach tá údarás ag an Uachtarán trealamh míleata a sheoladh i gcás ‘éigeandála’ gan bacadh le beannacht lucht na Comhdhála.

Ní sa siopa dhá euro atá an trealamh marfach seo le fáil agus póca teann a cheannódh iad. Chosnódh diúracán cúrsála Tomahawk idir $1.5 milliún agus $8.4 milliún dollar ort ag brath ar mhéid do chuid fuatha. Gheofá an gnáthdhiúracán cúrsála a lainseáiltear ón aer ar $3.8 milliún.

Áiríonn Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe [UNDP] go gcuirfeadh $430 milliún sa mí $5.50 sa lá ar fáil do na daoine is measa atá buailte ag an gcogaíocht ar fud an domhain uilig [agus 20 billiún ar lá cogaíochta].

Tá na tíortha sa doras ag an Úcráin i ngátar cúnaimh go beo le cuidiú leo freastal ar theifigh na cogaíochta agus Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe ag lorg fóirithinte dóibhsean.

Tuige go mbíonn an saibhir i gcónaí in ann airgead a chur ar fáil ar an toirt d’arm ach mall go maith a chuirtear snáthaid don Chovid ar fáil, plaic le n-ithe nó cúiteamh as iarmhairtí an choilíneachais ná éiric ár gcuid truaillithe ar an bpobal sna creasa teo? Ní ar ola amháin atá fuil ach ar airtléire is arm an airgid mhóir.

‘Caint agus taidhleoireacht’ a bhí á gcomhairliú ag feidhmeannaigh na Náisiún Aontaithe nuair a thosaigh ráflaí go raibh Putin ag stócáil leis an Úcráin a ionsaí arís. An chluas bhodhar a tugadh dóibh ach na hairm a lódáil agus tosú ag spochadh agus ag griogadh a chéile le leasainmneacha is maslaí. Tá airgead mór sa gcogaíocht d’aicmí ar leith agus is fearr a chloiseann polaiteoirí lucht rachmais.

Tá muintir na hÚcráine ag íoc as anois, táthar ag muirniú díoltais agus ginfear an fuath agus an éadrócaire sa gcéad ghlúin eile.

Déanfaidh déantóirí airm a mbuilín, ceannóidh siad a máistrí agus beidh na boicht ag brath ar bhoscaí na trócaire ó lucht an bheagáin.

Tá cuid againn beáráilte as an gclub – sinne nach dtuigeann uaisleacht is crógacht an bháis gan iarraidh. An scríobhfar leabhar eile faoin teideal B’fhiú an braon fola?

Fág freagra ar 'An bhfuil muid uilig ár ndídhaonnú ag soiscéal síoraí na troda?'

  • Ciarán

    Alt an-chumhachtach. Ceann de na píosaí is fearr atá léite agam faoin sléacht san Úcráin.

  • Indrek Ois

    Ní chuireann ‘caint agus taidhleoireacht’ cosc ar an gcogadh, má táthar ag plé le deachtóir mire, mar is eol dúinn ó theip Chamberlain agus Daladier in 1938.

  • Séamas de Barra

    Cuireann Máire Ní Fhinneadha ar ár súile dúinn suim ollmhór airgid a bheith á caitheamh leis an gcogadh ag an Úcráin agus an Rúis le chéile, suim i bhfad i bhfad níos mó ná an tsuim atáthar a chaitheamh ar leanaí na hÚcráine, ar uisce glan, ar earraí sláinteachais, ar theifigh na cogaíochta, ar dhídeanaithe atá ag lorg fóirithint, agus ar na boicht.

    Ach tá dream daoine ann, dream ar léir gur mó acu an ginmhilleadh, agus cultúr an bháis a chur chun cinn san Úcráin, ná freastal ar na riachtanais bharántúla sin. Tá Amnesty International, An Chónaidhm Idirnáisiúnta le Beartú Tuisimitheoireachta, agus eagraíochtaí eile ar an dream seo. Ní hamháin go bhfuil na heagraíochtaí seo ag baint leasa as an gcogadh ag an Úcráin agus an Rúis le chéile chun an ginmhilleadh agus cultúr an bháis a chur chun cinn, ach tá siad ag iarraidh tabhairt ar an Aontas Eorpach, agus ar Rialtais na dtíortha i dteorainn leis an Úcráin, agus ar an mórphobal idirnáisiúnta, maoiniú a dhiúltú d’eagraíochtaí fóirithinte nach bhfuil ag cur an ghinmhillte agus cultúr an bháis chun cinn sa taobh sin den domhan. Go deimhin tá Gairm phoiblí chun Gnímh eisithe ag lucht tacaíochta an ghinmhillte agus chultúr an bháis.

    Tá cur síos ag Right to Life UK ar an nGairm sin chun Gnímh. Tá liosta ar fáil ó Chumann Cosanta na Leanaí gan Breith sa Ríocht Aontaithe [SPUC UK] de na heagraíochtaí atá ag cur an ghinmhillte agus chultúr an bháis chun cinn. SPUC’s Traffic Light Guide to Charities is teideal don liosta sin, agus tá sé ar fáil ar láithreán Gréasáin SPUC UK, abair. Seo aistriúchán ar chuid den ráiteas atá eisithe ag Right to Life UK ar an ábhar.

    Amnesty International, An Chónaidhm Idirnáisiúnta le Beartú Tuismitheoireachta, agus eagraíochtaí eile ar son an ghinmhillte, tá Gairm phoiblí chun Gnímh sínithe acu, agus iad ag baint leasa as an gcogadh san Úcráin, mar leithscéal chun cur leis an bhfáil atá ar ghinmhilleadh ar fud an réigiúin sin.

    Na heagraíochtaí a shínigh an Ghairm chun Gnímh, á mholadh atá siad don Aontas Eorpach ‘bearta éifeachtacha a dhéanamh go pras, d’fhonn a éascú go mbeadh fáil ar an nginmhilleadh cógaisíochta go luath san iompar clainne, agus chun tacú léi sin, trí bhíthin soláthar trasteorann agus teilileighis, faoi bhráid pobail ar leith.’

    Ní réitíonn sé le lucht na Gairme chun Gnímh go bhfuil tíortha i dteorainn leis an Úcráin –– an Pholainn, an Rómáin, agus an tSlóvaic, abair –– a dtugann a gcuid dlíthe aitheantas éigin do chearta na mbeo–gan–breith chun a bheith ann, ach atá ag cur dídine ar fáil do theifigh, agus cineálacha eile cúnaimh.

    Na heagraíochtaí ar son an ghinmhillte, tá siad ag éileamh go dtabharfaí tacaíocht pholaitíochta, treoir, agus cúnamh teicniúil do Rialtais na dtíortha seo, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin, agus an tSlóvaic, ar intinn a éascú go gcuirfí deireadh leis na bacanna dlí agus polasaí, atá ag cur coisc le “freastal míochaine ar an gcollaíocht agus ar an nginiúint”.’

    Rialtais na dtíortha seo, an Ungáir, an Mholdóiv, an Pholainn, an Rómáin, agus an tSlóvaic, is amhlaidh atá na heagraíochtaí ar son an ghinmhillte ag tathant orthu: ‘Treoir pholasaí a eisiúint a dhéanfadh soiléir gur soláthar riachtanach sláinte is ea … soláthar míochaine don chollaíocht agus don ghiniúint, an fhrithghiniúint phráinne, an fhrithghiniúint, agus soláthar ginmhillte, earraí ba cheart a chur ar fáil saor in aisce, agus go ndéanfaí soláthraithe míochaine a chúiteamh go hiomlán, faoi rialacháin atá ann cheana, sa soláthar acu, dóibh siúd go léir atá ag teitheadh ón Úcráin.’

    Tá iarrtha ag eagraíochtaí na Gairme chun Gnímh go ndéanfaí méadú ar mhaoiniú a gcuid gníomhaíochtaí chun an ginmhilleadh a chur chun cinn, agus maoiniú a dhiúltú d’eagraíochtaí atá ag iarraidh cabhrú le teifigh ón Úcráin, má chuireann na heagraíochtaí seo i gcoinne an ghinmhillte. Cuid den iarratas sin is ea: a éileamh ar an Aontas Eorpach, ar na Rialtais dheontacha, agus ar an mórphobal idirnáisiúnta ‘a dhearbhú nach dtabharfar cúnamh airgid d’eagraíochtaí atá i gcoinne “na gceart ar chollaíocht agus ar sholáthar don ghiniúint”, ná d’eagraíochtaí, ná do ghníomhaithe, “i gcoinne an chomhionannais” san Ungáir, sa Mholdóiv, sa Pholainn, sa Rómáin, sa tSlóvaic, nó san Úcráin.