An bhfuil anam Fhine Gael curtha sa bhearna bhaoil ag maithe choiste corónaithe Varadkar?

Bhí blas na hainmheasarthachta ar an gcaoi ar tháinig lucht eagraithe fheachtas Varadkar amach an lá fá dheireadh

An bhfuil anam Fhine Gael curtha sa bhearna bhaoil ag maithe choiste corónaithe Varadkar?

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Bhí maithe choiste corónaithe Varadkar ag iarraidh an dioscúrsa daonlathach laistigh d’Fhine Gael a thachtadh sa mbroinn, fiú sular thosaigh sé.

An cuma Simon Coveney nó Leo Varadkar? B’in í an cheist a bhí ag Eoin Ó Murchú ar Tuairisc.ie an tseachtain seo.

Ní cuma, tá tábhacht leis an scéal seo. Agus ní do mhuintir Fhine Gael amháin, ach do gach aon saoránach ar suim leis an spás cathartha, an dioscúrsa náisiúnta, agus nóisin sheanfhaiseanta eile mar iad.

Bhí blas na hainmheasarthachta ar an chaoi ina dtángadar amach, lucht eagraithe fheachtas Varadkar an lá fá dheireadh. Ba ghaire do bhealaí oibre sheanPháirti na nOibrithe róthacaíocht Paschal Donohue ar Morning Ireland, agus briathra neimhe Frances Fitzgerald agus Charlie Flanagan an mhaidin dár gcionn. Bhí i bhfad Éireann níos mó ná ‘tacaíocht phearsanta’ á léiriú acu do Leo Varadkar – bhíothas á chorónú, agus á fhógairt, d’aon ghuth.

Uno Duce! Una Voce!

Bhí maithe choiste corónaithe Varadkar ag iarraidh an dioscúrsa daonlathach laistigh d’Fhine Gael a thachtadh sa mbroinn, fiú sular thosaigh sé. Nach ait go ndéanfadh ‘páirtí an daonlathais’, dar leo féin, é sin? Nach bhfuil a leithéid an ‘neamh-Fhine Gaelach’, mar a déarfá, nó bhfuil dul amú orm? An fiú tráithnín guth na muintire, guth na gcoisithe?

Pé rud eile fúthu, bheifeá ag súil le bunchaighdeáin na seanchuibhiúlachta ó ‘pháirtí na gcaighdeán’. Ardaíonn an easpa cúirtéise sin ceisteanna an-suimiúil faoi eitic agus éiteas fhaicsean Varadkar/O’Donohoe/Flanagan d’Fhine Gael. 

Tá a fhios agam an léamh a bheadh ag John Kelly ar a leithéid. Agus Garret Fitzgerald. Agus Declan Costello. Agus Peter Barry.

Tráth dá raibh chreid a lán go raibh na ‘Go-Boys’ go léir i Fianna Fáil. Anois? Bhuel!

Tugaim faoi deara go dtugann Deirdre Clune, iníon Peter Barry, tacaíocht mhilis d’fheachtas Simon Coveney. Má cheapann tú go mbaineann sin le ‘Corcaíochas’ tá dul amú ort. Ní thuigeann tú an ghoimh thraidisiúnta idir an dá theaghlach pholaitiúil sin, nuair a bhídís in iomaíocht lena chéile, gach re seal, don suíochán céanna i gCorcaigh Lár-Theas. ‘Upstarts’ ab ea muintir Coveney i gcúlghairdín Peter Barry.

Tá sin go léir anois san aimsir chaite. Tá bagairt níos bunúsaí ná cuimhne na seanchneá ag déanamh tinnis dóibh araon.

Labhraíonn tacaíocht Deirdre Clune le hanam an pháirtí. Is seasamh é ar son na bprionsabal agus na mbunluachanna as ar fuineadh agus ar fáisceadh í. 

An cuma cé a bhuafaidh? Ní cuma, tá sé tábhachtach. Táid ann, agus ní gann iad, a chreideann go bhfuil anam Fhine Gael, mar a bhíodh, sa bhearna bhaoil.

Taoiseach le grásta sa gcnámh, nó Taoiseach an dream atá lán le gangaid?

‘Game on!’ arsa mise, ó scraith ghlugair an phortaigh pholaitiúil is faide amach ó lucht an rachmais agus rainséirí na só.

Fág freagra ar 'An bhfuil anam Fhine Gael curtha sa bhearna bhaoil ag maithe choiste corónaithe Varadkar?'