An bhfuil an spéir gorm? Ná bí ag súil le freagra ó pholaiteoirí…

Níl aon chosúlacht idir an ráiméis seo agus caint pholaiteora* le linn agallaimh. Bhuel tá beagáinín cosúlachta eatarthu, b’fhéidir.

 

maxresdefault-1

GNÁTHDHUINE: Tá fáilte romhat. Ceist shimplí i dtosach. An bhfuil an spéir gorm?

POLAITEOIR: Táim buíoch díot as ucht deis a thabhairt dom an scéal seo a mhíniú i gceart. Tá tús áite tugtha agam d’fhuascailt mórcheisteanna mar seo ó toghadh mé, agus tá a fhios agam go dteastaíonn freagra macánta trédhearcach ó dhaoine ar fud na tíre.

I dtosach báire, níl sé de cheart ag duine ar bith, is cuma liom cén páirtí lena mbaineann siad, freagra na ceiste seo a cheilt ar an bpobal.

GNÁTHDHUINE: Maith dhom an t-athrá, ach is í an cheist a chuir mé ort: an bhfuil an spéir gorm?

POLAITEOIR: Táim ar tí an cheist a fhreagairt. Ní féidir dallamullóg a chur ar mhuintir na hÉireann níos mó maidir leis an gceist seo, agus tugaim geallúint shollúnta inniu nach gcuirfear.

Sin é an fáth, mar a dúirt me, gur thug mé tosaíocht ó toghadh me do fhreagairt na ceiste seo.

Go deimhin, gheall ár bpáirtí freagra ar an gceist sarar admhaigh páirtí ar bith eile go raibh géarghá lena fhreagairt in aon chor.

GNÁTHDHUINE: Ach…

POLAITEOIR: Is é bun agus barr na ceiste seo – agus tóg go bog é, tabhair deis dom murar mhiste leat do cheist a fhreagairt – go bhfuil moladh tuillte ag an Rialtas, ó tharla gur sinne amháin atá toilteanach déileáil leis an spéir mar atá sí, in ionad a bheith ag tairiscint aislingí don phobal agus ag trácht ar dhathanna dochreidte.

GNÁTHDHUINE: Cuirfidh mé an cheist uair amháin eile. Agus – fan ort anois, mura miste leat – ní réamhrá atá uaim, ná réamhmhíniú, ná caint ar chúlra, ná ar stair, ná ar pháirtithe eile, ná in ainm Dé ar aislingí ach oiread [cloistear osna á ligean]. An cheist, mar sin, uair amháin eile. An bhfuil an spéir gorm?

POLAITEOIR: Nach bhfuil mé ag iarraidh an cheist a fhreagairt? Tá aiféala orm é seo a rá, ach tá tusa ag iarraidh an freagra a theastaíonn uait a bhrú siar im’ scornach. Tá dearcadh againn ar an spéir atá réasúnta, intuigthe agus soiléir do gach duine macánta.

GNÁTHDHUINE: [Tar éis osna eile] Bainfidh mé triail amháin eile as. An fhianaise:

1. Tá an lá geal grianmhar.

2. Níl casóg ort ná cóta, fearacht gach duine a casadh orm ó mhaidin.

3. Tá na bláthanna gréine go léir ag claonadh ó dheas.

4. Gheall MetÉireann “lá geal grianmhar agus spéir ghorm ar fud na tíre” ar maidin.

5. Dúirt tú féin ar ball beag go raibh an spéir “go hálainn”.

An féidir linn glacadh leis, mar sin, go bhfuil an spéir gorm?

POLAITEOIR: Is léir nach raibh tú ag éisteacht liom, a Chathail. Tá do cheist freagartha ceithre huaire agam, ach ní mian leat éisteacht le freagra nach n-oireann duit. Déarfaidh mé uair amháin eile é…

GNATHDHUINE: Faraor, níl am againn. Go raibh maith agat as ucht labhairt liom.

* Mar ata ráite thuas, níl aon chosúlacht, ar ndóigh, idir an t-agallamh samhailteach thuas agus aon fhreagra a thug polaiteoir ar bith ariamh ar cheisteanna iriseora. Mar sin féin, seo a leanas dhá shampla den chineál aisfhreagra ar twitter a spreagann – gabhaim mo leithscéal – a spreagfadh caint mar atá thuas dá gcloisfí ariamh é ar an aer. I dtír na ngealt, abair.

Ar thaobh amháin:

@AnFhírinneShearbh: Ráiméis mar is gnáth ó asal eile a thogh asail, agus asal á cheistiú. Cead a chinn tugtha ag RTÉ dó bréaga a insint, mar is gnáth. Ceisteanna crua agus cnámh droma de dhíth!

Agus ar an taobh eile:

@AnFhírinneMhilis: Claonadh soiléir frithrialtais i ngach ceist, mar is gnáth, agus drochbhéasa gan náire. Ní bheidh RTÉ sásta go mbeidh a gcairde féin i gcumhacht, agus an tír á scrios acu arís.

– Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon  

Fág freagra ar 'An bhfuil an spéir gorm? Ná bí ag súil le freagra ó pholaiteoirí…'