An bhfuil an prionsabal go mbeadh fáil ar an gceart ag gach aon duine tréigthe ag rialtas na Breataine?

Léiríonn litir ó chúigear easpag nach gá a bheith tugtha do theoiric comhcheilge chun a mheas go mbaineann athrú polasaí na Breataine le hiarshaighdiúirí a chosaint ó fhiosrú

An bhfuil an prionsabal go mbeadh fáil ar an gceart ag gach aon duine tréigthe ag rialtas na Breataine?

“Tá an prionsabal go mbeadh fáil ar an gceart ag gach aon duine, ar bhonn ionannais, tréigthe ag rialtas na Breataine.” Líomhain thromchúiseach agus ní lucht frithbhunaíochta ná díbhunaithe a rinne. Ba iad easpaig Chaitliceacha an Tuaiscirt a rinne an cáineadh ar phlean nua na Breataine maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Chuir an cúigear easpag a bhfuil a ndeoisí ar fad, nó paróistí ina ndeoise i dTuaisceart Éireann, a n-imní agus díomá faoin bpolasaí a d’fhógair sé an mhí seo caite in iúl don Státrúnaí Brandon Lewis i litir.

Chaith an polasaí nua comhréiteach Stormont House i dtraipisí cé go mba shocrú é sin idir páirtithe abhus agus an dá rialtas.

Faoin gcur chuige a d’fhógair Brandon Lewis ar an 18 Marta ní dhéanfaí fiosrú iomlán ar an 2,000 dúnmharú gan réiteach ó aimsir na dTrioblóidí.

Dhéanfaí measúnú ar pháipéar orthu go sciobtha agus ní bhunófaí fiosrú ach sa gcás go mbeadh fianaise nua láidir ar fáil. Meastar go gciallaíonn sé sin nach bhfiosrófaí ach beagán eachtraí. Mura sásófaí na critéir faoi fhianaise nua thabharfaí oiread eolais agus a b’fhéidir do mhuintir an íobartaigh agus bheadh cosc dlíthiúil ar a thuilleadh fiosraithe.

Ba iad na paraimíleataigh, go háirithe an tIRA Sealadach, a bhí freagrach as formhór mór na maruithe ach baineann an polasaí nua leis na heachtraí inar mharaigh saighdiúirí na Breataine agus na póilíní daoine freisin.

Maíonn dlíodóirí daoine ar mharaigh na fórsaí cosanta a muintir gurb é cuspóir an pholasaí nua a chinntiú nach ndéanfar fiosrú ná cúiseamh orthu, mar atá á éileamh ag lucht feachtais sa pháirtí Caomhach thar ceann iarshaighdiúirí.

Dúirt an Dr Éamon Martin, Ardeaspag Ard Mhacha agus a chomhghleacaithe, an Dochtúir Noel Treanor, an Dr Donal McKeown, an Dr Larry Duffy agus an Dr Michael Router, go raibh na critéir nua le haghaidh fiosraithe an-trom agus ag teacht salach ar ghnáthchleachtais.

Cheistigh siad cén fhianaise eimpíreach a bhí ag an Státrúnaí lena mhaíomh gur beag seans a bhí ar ionchúiseamh rathúil agus dá bhrí sin gurbh fhearr eolas a sholáthar ná dul i muinín fiosraithe.

Nocht siad imní freisin faoin tionchar a bheadh abhus ag an reachtaíocht nua chun fórsaí stáit a chosaint ó fhiosrú agus cúisimh as iompar thar lear. Mheas siad gur baolach go ndéanfaí leithcheal ar dhaoine i dTuaisceart Éireann ar mharaigh saighdiúirí a muintir – mar gur fhógair an Státrúnaí go gcinnteofaí comhionannas idir saighdiúirí sa Tuaisceart agus iad sin ar an gcoigríoch.

Sárú ar chearta daonna é sin, ar siad; chaithfeadh gníomhairí stáit chomh maith le gníomhairí neamhstáit a bheith freagrach go cothrom faoin dlí. Bheadh fíor-athmhuintearas do-aimsithe dá uireasa sin, dar leo.

Teastaíonn ón gcliarlathas an scéal a phlé leis an Státrúnaí. Ba chás leo go raibh sé i mbun na hoibre seo tráth a bhfuil aird an phobail agus na saineolaithe dírithe ar Covid-19.

Ar an ngnáthbhealach bheadh na moltaí nua á gcíoradh lá agus oíche agus tuairimí gach éinne le clos ach ní hamhlaidh atá i bhfianaise na géarchéime sláinte. Thug siad fainic freisin go bhféadfadh conspóid faoi pholasaí nua an rialtais guagacht a chothú in Stormont atá fós leochaileach i ndiaidh na pairilise a mhair trí bliana go mí Eanáir.

Mar a léiríonn litir na n-easpag níor ghá a bheith tugtha do theoiric comhcheilge chun a mheas go mbaineann athrú polasaí na Breataine le hiarshaighdiúirí a chosaint ó fhiosrú. Léiríonn staidreamh oifigiúil ón tSeirbhís Ionchúisimh agus ón PSNI nach bhfuil bunús ar bith le maíomh a lucht tacaíochta go bhfuil feachtas géarleanúna ar iarshaighdiúirí agus ar phóilíní ar siúl. Gan dabht tá daoine ann a thagraíonn do mhí-iompar ghníomhairí stáit amhail is nach ndearna paraimíleataigh aon choir ach ní hionann sin agus fiosrú nó cúiseamh.

Fad is atá an cur agus cúiteamh seo ar siúl tá íobartaigh ag dul in aois agus in ísle brí gan leigheas nó cneasú cheal an chirt ná freagraí sásúla. Tá sé thar am próiseas bisiúil a bhunú – tá roinnt eagraíochtaí ag cuartú malairt bealaí chun déileáil leis an gcruacheist. Chífimid.

Ach tá rud amháin soiléir; ní hé athrú aontaobhach rialtas na Breataine ar an gcur chuige a leigheasfaidh cancar atá ag goilliúint ar gach glúin sa tsochaí seo, fiú an óige nach raibh beo le linn an fhoréigin.

Fág freagra ar 'An bhfuil an prionsabal go mbeadh fáil ar an gceart ag gach aon duine tréigthe ag rialtas na Breataine?'