An bheirt a bheidh san iomaíocht do phost Boris Johnson le roghnú

Triúr atá fós san iomaíocht i gcomórtas ceannaireachta Thóraithe na Breataine– Rishi Sunak, Penny Mordaunt agus Liz Truss

An bheirt a bheidh san iomaíocht do phost Boris Johnson le roghnú

Socróidh Feisirí Parlaiminte inniu cén bheirt a bheidh á fhéachaint le chéile do cheannaireacht Thóraithe na Breataine.

Triúr atá fós san iomaíocht chun teacht i gcomharbacht ar Boris Johnson mar cheannaire an pháirtí agus mar Phríomh-Aire – Rishi Sunak, Penny Mordaunt agus Liz Truss.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh Sunak, iarshainsailéir an státchiste, ar dhuine den bheirt a gcuirfear a n-ainmneacha faoi bhráid bhaill an pháirtí don bhabhta cinniúnach vótála.

Fágann sin gur Penny Mordaunt nó Liz Truss a thabharfaidh dúshlán Sunak.

Tá Sunak go maith chun cinn sa rás faoi láthair agus tá Mordaunt sa dara háit cé go bhfuil an bhearna á hiamh ag Truss, an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha a bhfuil an reachtaíocht chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal an Tuaiscirt á brú chun cinn aici. 

D’éirigh le Sunak vóta a fháil ó 118 Feisire inné, beagán beag níos lú ná an 120 vóta a theastaíonn chun cáiliú don bhabhta cinniúnach. 

Díbríodh Kemi Badenoch ón rás i mbabhta vótála an lae inné, cé gur léirigh pobalbhreith nua ó YouGov go bhfaigheadh sí an ceann is fearr ar aon duine de na hiomaitheoirí eile a bhí fágtha dá n-éireodh léi áit a bhaint amach i mbabhta na cinniúna. 

De réir na pobalbhreithe céanna, chaillfeadh Sunak go holc in aghaidh aon cheann dá chéilí comhraic.

Fuair Penny Mordaunt, an rúnaí trádála agus iar-rúnaí cosanta, 92 vóta i mbabhta vótála an lae inné, ardú 10 vóta ón mbabhta roimhe sin. 

Ardú 15 vóta go dtí 86 a bhí ag Truss.

Díbríodh Kemi Badenoch agus 59 vóta aici.

Idir an dá linn tharraing Rishi Sunak agus Liz Truss amach as díospóireacht cheannaireachta teilifíse i ndiaidh na conspóide a bhain leis an díospóireacht idir na hiarrthóirí Dé Domhnaigh seo caite. Cuireadh ar ceal an díospóireacht a bhí le bheith ar siúl ar Sky News aréir. 

Measadh gur tubaiste ó thaobh na poiblíochta agus an PR do na Tóraithe a bhí sa díospóireacht ar ITV Dé Domhnaigh agus an chaint lán de ghangaid agus d’ionsaithe ar pholasaithe Rialtas na dTóraithe féin. 

Ón 21 Iúil roghnóidh baill an pháirtí duine den bheirt a bheidh fágtha tráthnóna chun teacht i gcomharbacht ar Boris Johnson a d’fhógair níos túisce an mhí seo go raibh sé ag éirí as.

Fógrófar toradh deiridh an chomórtais ar an 5 Meán Fómhair. 

Fág freagra ar 'An bheirt a bheidh san iomaíocht do phost Boris Johnson le roghnú'