Boris Johnson le héirí as mar Phríomh-Aire ach fanfaidh sé sa phost tamall eile

Dúirt Johnson go raibh sé soiléir anois gurb é 'mian an pháirtí parlaiminte' go n-imeodh sé

Boris Johnson le héirí as mar Phríomh-Aire ach fanfaidh sé sa phost tamall eile

Tá sé fógartha ag Boris Johnson go bhfuil sé chun éirí as mar Phríomh-Aire na Breataine agus mar cheannaire pháirtí na gCaomhach. Deir sé go bhfanfaidh sé sa phost go dtí go gceapfar an té a thiocfaidh i gcomharbacht air.

Bhí brú ollmhór ar Johnson an oifig a fhágáil tar éis do bhreis is leathchéad airí éirí as a Rialtas le dhá lá.

Dúirt Johnson go raibh sé soiléir gurb é “mian an pháirtí parlaiminte anois” go n-imeodh sé. Fógrófar tuilleadh sonraí maidir le Príomh-Aire nua a roghnú an tseachtain seo chugainn.

Meastar go bhféadfadh Johnson a bheith ina Phríomh-Aire go dtí mí Dheireadh Fómhair, nuair a bheidh comhdháil na gCaomhach ann.

Trí bliana atá caite ag Johnson in Uimhir 10 ó d’éirigh Theresa May as oifig mí Iúil 2019.

Dúirt Johnson gur “cúis mhór bhróid” a bhí sa mhéid a bhain a Rialtas amach, idir chúrsaí Breatimeachta, chúrsaí paindéime agus an tacaíocht a tugadh don Úcráin ó d’ionsaigh an Rúis an tír sin i rith an earraigh.

Tuairiscíodh ar maidin go raibh sé curtha in iúl ag Johnson do Graham Brady, cathaoirleach Choiste 22 na gCaomhach go raibh an cinneadh éirí as déanta aige.

An chonspóid faoin gcaoi ar caitheadh leis na líomhaintí mí-iompair i gcoinne an iarleas-Phríomh-Aoire Chris Pincher a spreag an t-éirí amach i gcoinne Johnson.

Ar dhuine den trí scór a shéan príomh-aireacht Johnson le dhá lá, bhí Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis. Fágann sin nach bhfuil Feidhmeannas ná Státrúnaí ag feidhmiú ó thuaidh agus riar na háite faoi chúram na státseirbhíseach.

Dúirt Brandon Lewis le Boris Johnson go raibh “cneastacht, ionracas, agus meas ar a chéile” riachtanach i Rialtas agus nach gcreideann sé go rabhthas “ag cloí leis na luachanna sin níos mó”.

Ba bheag buíochas atá á léiriú do Brandon Lewis i dTuaisceart Éireann. Dúirt Michelle O’Neill nach ndearna an t-iarStát-Rúnaí aon iarracht an “neamhchlaontacht iomlán a bhí riachtanach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta” a chleachtadh ach go raibh sé ag ‘sásamh na nAontachtach gan náire”.

Chuir ceannaire an SDLP Colum Eastwood fáilte roimh an scéala faoi Johnson agus dúirt gur “uirísligh sé an oifig a bhí aige” agus gur “scrios sé muinín an phobail sa bpolaitíocht agus sa saol poiblí”.

Dúirt Raymond McCord, feachtasóir ar son na ndaoine a d’fhulaing de bharr na dtrioblóidí, go ndearna Lewis “feall ar iontaoibh ar na daoine sin leis an mBille faoi oidhreacht na troda agus an pardún a gealladh do dhúnmharfóirí”.

Dúirt feisire pháirtí an Alliance MP Stephen Farry go raibh cúrsaí “craiceáilte ar fad” anois agus dúirt gur “amadán sotalach a bhí i Boris Johnson a shíl gurb é féin a rug é féin”.

Chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Keir Starmer fáilte roimh an scéala agus dúirt go raibh “an tír curtha trína chéile” ag na Caomhaigh tráth a raibh géarchéim maidir le costas maireachtála sa tír.

Ar ndóigh anseo in Éirinn ag tarraingt ar an 12 Iúil is í an chonspóid faoi phrótacal Thuaisceart Éireann is mó atá ag déanamh imní do dhaoine agus iad buartha faoi cén dearcadh a bheidh ag comharba Johnson ar chúrsaí ó thuaidh agus an reachtaíocht atá beartaithe le conradh idirnáisiúnta a bhriseadh go haontaobhach.

Fág freagra ar 'Boris Johnson le héirí as mar Phríomh-Aire ach fanfaidh sé sa phost tamall eile'