Aitheantas do cheantair oifigiúla ‘Ghaeltachta’ in acht teanga nua na hAlban 

Deir LeasChéad-Aire na hAlban, Kate Forbes, go gcuirfidh reachtaíocht nua ‘borradh’ faoi fhás na Gàidhlig agus na hAlbainise in Albain

Aitheantas do cheantair oifigiúla ‘Ghaeltachta’ in acht teanga nua na hAlban 

Aithneofar ceantair oifigiúla ‘Ghaeltachta’ in Albain faoi reachtaíocht nua teanga atá tugtha isteach sa pharlaimint.

Ritheadh Acht nan Cànan Albannach (Acht na dTeangacha Albanacha) i bPàrlaimid na h-Alba an tseachtain seo, acht a dhéanfaidh teangacha oifigiúla de chuid na hAlban den Ghàidhlig agus den Albainis.

I measc na bhforálacha atá sa reachtaíocht nua teanga tá bunú “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” a chabhróidh leis na hairí rialtais “polasaithe a thacóidh le fás na teanga” a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí.

Is éard is “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” ann de réir an dlí nua ná “ceantar a bhfuil líon suntasach daoine ann a bhfuil scileanna Gàidhlig acu” (20% den daonra) nó ceantar nach bhfuil go leor cainteoirí Gàidhlig ann ach a bhfuil “ceangal stairiúil” aige leis an teanga; ceantar a bhfuil an t-oideachas trí Ghàidhlig ar fáil ann; nó ceantar ina mbíonn “imeacht suntasach a bhaineann leis an nGàidhlig nó leis an gcultúr Gaelach” ar siúl.

Caithfidh na húdaráis áitiúla in Albain cinneadh a dhéanamh laistigh de bhliain cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an ceantar atá faoina gcúram nó cuid de ina “cheantar suntasach ó thaobh na teanga de”. Beifear in ann an cinneadh sin a athbhreithniú gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Cinnteofar leis an reachtaíocht nua freisin go mbeidh caighdeáin oideachais ann don Ghàidhlig agus go mbeidh tuismitheoirí i ngach cearn den tír in ann cur isteach ar áiteanna i naíonra lán-Ghàidhlig agus scoileanna luathoideachais lán-Ghàidhlig dá gclann.

Caithfidh airí rialtais na hAlban tacaíocht a thabhairt do scoileanna lán-Ghàidhlig agus iad “a áisiú agus a chur chun cinn”. Beidh orthu aon eolas, treoir, ná cáipéisí Béarla atá le húsáid ag múinteoirí nó daltaí i scoileanna a mheas agus cinneadh a dhéanamh cé acu ar chóir nó nár chóir iad a chur ar fáil i nGàidhlig freisin

Tá forálacha ann freisin le tuilleadh cáilíochtaí a chur ar fáil i nGàidhlig agus spriocanna luaite ó thaobh líon na gcainteoirí agus na bhfoghlaimeoirí Gaeilge in Albain.

Cuirtear iachall ar airí rialtais na hAlban gníomhú le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt Sabhal Mòr Ostaig san Eilean Sgitheanach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar an maoiniú a thugtar don institiúid oideachais, a stádas mar institiúid ardoideachais, agus gníomhartha eile a thacódh le forbairt na hinstitiúide.

Dúirt LeasChéad-Aire na hAlban, Kate Forbes, atá ina Rúnaí don Ghàidhlig freisin, go gcuirfidh an reachtaíocht nua “borradh” faoi fhás na Gàidhlig agus na hAlbainise in Albain.

“Cuirfidh sí bonn fúthu mar theangacha oifigiúla, tabharfaidh sí caighdeáin nua oideachais isteach agus tacóidh sí le ceantair a chruthú atá suntasach ó thaobh na teanga de sna pobail Ghàidhlig.

“Ainneoin go bhfuil ardú ag teacht ar líon na gcainteoirí Gàidhlig ar fud na hAlban, aithnímid go bhfuil gá le níos mó tacaíochta sna pobail ina labhraítear an teanga go traidisiúnta. Sin an fáth a bhfuil Rialtas na hAlban ag cur £5.7m (€6.6m) breise ar fáil le teangacha na hAlban a chur chun cinn,” a dúirt Forbes.

Níos luaithe i mbliana, cháin an sochtheangeolaí Éireannach Conchúr Ó Giollagáin an reachtaíocht nua teanga agus dúirt nach “reachtaíocht le haghaidh teanga bheo” a bhí inti. Mhaígh Ó Giollagáin go mairfeadh Acht na dTeangacha Albanacha “níos faide ná mar a mhairfidh pobail labhartha na Gàidhlig” féin.

“Ní reachtaíocht í do theanga bheo, agus déantar neamhaird ann de na hiarrachtaí laethúla atáthar a dhéanamh leis an nGàidhlig a choinneáil mar theanga phobail, agus tugtar tús áite don tuiscint gur teanga thánaisteach í an Ghàidhlig atá imithe ón tsochaí. Seachnaítear ann an fhianaise shoiléir go bhfuil na pobail Ghàidhlig atá fós ar marthain, sna cúinsí reatha, ar tí imeacht in éag ar fad,” a dúirt an sochtheangeolaí.

I gcolún a scríobh sé don nuachtán The Scotsman i mí an Mhárta, dúirt Ó Giollagáin nach dtugtar tús áite sa reachtaíocht do na dúshláin a bhaineann le cothú na bpobal Gàidhlig agus go bhfuil “easpa straitéise” ag baint léi dá bharr.

“Tugtar an chluas bhodhar don fhíorimní atá ann, agus tá sé i vaighid ar fhís. I mbeagán focal, moltar sa Bhille go leanfar den status quo, atá fann agus maorlathach, a ghin an ghéarchéim shochaíoch Ghàidhlig atá anois ann,” a dúirt Ó Giollagáin.

Fág freagra ar 'Aitheantas do cheantair oifigiúla ‘Ghaeltachta’ in acht teanga nua na hAlban '