An bhanríon agus an dochtúir as an India

Ní gach duine a bhí ag caoineadh go bogúrach i ndiaidh Bhanríon Shasana

An bhanríon agus an dochtúir as an India

Saothar ealaíne le Robert Home

In Ospidéal Ollscoile na Gaillimh a casadh an dochtúir as an India orm. Ní chuirfidh mé aon ainm air ar fhaitíos go gcuirfinn aon mhúisiam air. Ní raibh Banríon Shasana ach cúpla lá curtha.

‘An raibh tú ag déanamh bróin faoina bás?’ arsa mise.

‘Go deimhin ní raibh,’ ar seisean. ‘Robáil na Sasanaigh mo thír dhúchais ar feadh dhá chéad bliain.’

Bhí an fear rógheanúil lena chur i gcuimhne dom go raibh lámh ag Éireannaigh sa drochobair sin. Chuir mé an cheist chéanna faoi bhás na banríona ar bhean as an mBreatain Bheag atá ina cónaí i gConamara.

“An ag magadh atá tú?” ar sise. “Fáil réidh leis an rítheaghlach ar fad d’aon iarraidh amháin ab fhearr liomsa a dhéanamh,” ar sise.

Tá neart daoine in Albain freisin atá ar an intinn chéanna. Ní raibh siadsan ag caoineadh go bogúrach ach an oiread.

Agus céard faoi dhaoine sna sé chontae? Bí cinnte nach raibh go leor acu siúd faoi dhaolbhrat bróin.

Dá mbeadh sé de bheith ort a bheith ag breathnú ar an gclúdach a rinne an BBC nó Sky News ar bhás na banríona cheapfá go raibh an domhan ar fad ag caoineadh. Diabhal mórán níos fearr a bhí RTÉ.

Ní dhearnadh léirmheas ar bith ar an nglacadh a bhí le bás na Banríona sa gComhlathas Briotanach.

Níl ach cúig thír déag sa gComhlathas anois agus tá tíortha ag fágáil na heagraíochta de réir a chéile. Fógraíodh Iamáice ina Poblacht anuraidh.

Tá chuile chosúlacht ar an scéal gurb é leá chúr na habhann atá i ndán don chomhlathas. An mairfidh an Ríogacht i bhfad eile ina dhiaidh sin?

Ní cheapfainn gurb é an rí atá ar Shasana anois is measa, má fhágann muid an stair as an áireamh. Deireadh mo máthair gur comhaoiseach liomsa é. Is beag nach ea. Níl ach cúpla mí eadrainn.

“Nach iontach an imní atá Prionsa de chuid Shasana a chur ort?” a deirinnse léi.

“Ní hea,” a deireadh sí, “ach nuair a bhí mé ag súil leatsa léigh mé in iris go raibh an bhanríon ag súil le páiste í féin.”

Ar thaobh na Poblachta a bhí mo mháthair ariamh ach dúirt sí liom freisin nach raibh aon ghráin mhór aici ar na Sasanaigh go dtí gur dúradh léi gur mar gheall ar Phádraig Mac Piarais a chuir siad a dheartháir Liam chun báis. Ní fhéadfadh sí é sin a mhaitheamh dóibh go deo.

Nuair a thug an Prionsa Séarlas cuairt ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe iarradh ar mo dheartháir Mícheál an sean-nós amhránaíochta a mhíniú do. Ábhar é sin a thógfadh roinnt ama agus ní raibh mórán ama le spáráil ag an bPrionsa. Mar sin féin cheap Mícheál gur duine sách laethúil a bhí ann.

Le filleadh ar an dochtúir as an India tá an-suim i dteangacha aige. Ní hionadh sin nuair a chuimhníonn tú go bhfuil 1,500 teanga á labhairt san India. Labhraíonn an dochtúir féin ceithre theanga. Ba mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim. Dúirt sé an focal ‘cailín’ go breá blasta.

Rud atá ag goilliúint air nach bhfuil mórán ranganna Gaeilge ar fáil sa tír seo. Tá eolas aige ar chúrsaí teanga san Iorua. Cuirtear ranganna Ioruaise ar fáil ar fud na tíre sin ar fad, a dúirt sé. Bíonn seisean ag foghlaim ar an idirlíon ach ní hé chuile dhuine atá in ann an t-idirlíon a ionramháil.

Sa deireadh thiar thall níl ach cúpla bealach ann leis an nGaeilge a fhoghlaim—ó Ghaeilgeoirí ó dhúchas, i nGaelscoileanna nó i ranganna pobail.

Fág freagra ar 'An bhanríon agus an dochtúir as an India'

  • Pádraig O'hEipicín

    Maith thú a Seosamh.

  • James

    Neart ranganna achan uile contae ó thuaidh!

  • Deirdre

    Is ait an mac an saol. Nach náireach an rud é go bhfuil órainn íoc as ár dteanga féin a fhoghlaim.