An beart déanta ag Éirinn ach gan mórán eile le moladh faoi

D’éirigh le hÉirinn an ceann is fearr a fháil ar an Rúis ar maidin agus cé gur ghnóthaigh siad an pointe bónais a theastaigh uathu ní raibh siad thar mholadh beirte

An beart déanta ag Éirinn ach gan mórán eile le moladh faoi

Rob Kearney. Pictiúr: INPHO/Jayne Russell

Éire 35 – An Rúis 0

Breis is uair an chloig a thóg sé ar Éirinn pointe bónais a fháil in  aghaidh na Rúise in Kobe na Seapáine ar maidin.

Sa 61ú nóiméad a fuair Andrew Conway an ceathrú úd d’fhoireann Joe Schmidt ina dtríú cluiche i gCorn an Domhain sa Rugbaí.

Fágann an pointe bónais sin go gcáileoidh siad do na babhtaí ceathrú ceannais, mar a mbeidh siad ag imirt in aghaidh na hAfraice Theas nó na Nua-Shéalainne.

Agus gan ach 90 soicind caite sa chluiche, déarfá gur saoráidí go mór a shaothródh Éire a bpointe bónais.

B’in an méid ama a bhí ar an gclog nuair a thrasnaigh Rob Kearney an líne úid don chéad scór sa chluiche. Faoi leath ama bhí dhá úd eile aimsithe acu, ceann ag Peter O’Mahony agus ceann eile ag Rhys Ruddock, agus iad 21-0 chun tosaigh.

Cé nár chruthaigh siad mórán fadhbanna d’Éirinn bhí an-sracadh sna Rúisigh. Bhí na hÉireannaigh féin liobarnach agus stadach go maith ina gcuid imeartha uaireanta agus cé go ndearna siad an beart gan mórán dua níorbh fholáir dóibh feabhsú go mór más leo aon dul chun cinn a dhéanamh sa chomórtas seo.

Roimhe sin beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar Shamó seachtain ón Satharn i gcluiche éasca eile.

35-0 an scór deireanach sa chluiche seo agus cé gur léir nach bhfuil foireann Schmidt tagtha chucu féin fós ó theip na seachtaine seo caite i gcoinne na Seapáine, bhí níos mó gusa sa ghluaiseacht sa 75ú nóiméad a chríochnaigh le húd do Garry Ringrose.

Jab déanta ach gan mórán eile le moladh faoi.

Fág freagra ar 'An beart déanta ag Éirinn ach gan mórán eile le moladh faoi'