‘An Béarla, Gaeilge nó Laidin é?’ – mearbhall ar choiste Oireachtais faoi theideal seirbhís de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí

Rinne státseirbhísigh a ndícheall an tseachtain seo an fhiosracht a bhí ar Theachtaí Dála faoin téarma ‘Intreo’ a shásamh

‘An Béarla, Gaeilge nó Laidin é?’ – mearbhall ar choiste Oireachtais faoi theideal seirbhís de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí

Deirdre Shanley, oifigeach de chuid na Roinne Leasa Sóisialaí

Chuaigh sé dian ar oifigigh de chuid na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí míniú a thabhairt do Choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo cén bhrí atá leis an bhfocal ‘Intreo’.

Is é ‘Intreo’ teideal na seirbhíse tacaíochta a chuireann an Roinn sin ar fáil ar fud na tíre do dhaoine atá dífhostaithe agus d’fhostóirí.

Ba é an Teachta Dála Éamon Ó Cuív a chuir ceist ar na hoifigigh a bhí os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an tseachtain seo faoi bhrí theideal na seirbhíse. Ceist ab ea í, a dúirt sé, nár bhain leis an nGaeilge ach le “fiosracht”.

“Cé as a dtagann sé? Ní raibh sé ann nuair a bhí mise mar aire. Thug muid Oifigí de chuid na Roinne Leasa Sóisialaí orthu nuair a bhí mise mar aire,” arsa an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Ba léir nach raibh na hoifigigh a bhí i láthair róchinnte faoi cén bhrí a bhí le ‘Intreo’, ach rinne duine acu, Deirdre Shanley, a dícheall fiosracht Uí Chuív a shásamh.

“I think it means ‘in the direction of’. It’s to convey a meaning of the overall holistic service that the Department provides, enabling people to access its services, particularly their employment support services and activation services,” a dúirt an t-oifigeach de chuid na Roinne.

Faoin tráth seo, bhí Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly í féin fiosrach faoi bhrí an téarma.

“Cén teanga atá i gceist, Béarla, Gaeilge nó Laidin?” a d’fhiafraigh an Teachta Dála neamhspleách.

Ó Cuív a chuir clabhsúr ar an bplé faoi shanasaíocht ‘Intreo’.

“Níl ann ach píosa spraoi, ach bhí mé fiosrach faoi. Tá sé cosúil le Tusla – níl a fhios ag aon duine cé as a tháinig sé,” a dúirt an t-iar-aire.

Maidir leis an áisíneacht áirithe sin tá míniú ar fáil uathu féin ar bhrí ‘Tusla’:

“While the word borrows from the Irish words ‘tus’ + ‘lá’, Tusla is a completely new word reflecting a shared desire for a new beginning, forging a new identity.  A new word, a new way of working.” 

Fág freagra ar '‘An Béarla, Gaeilge nó Laidin é?’ – mearbhall ar choiste Oireachtais faoi theideal seirbhís de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí'

  • Mánus

    Is cuma faoin ainm mar níl ann ach dallamullóg chun an t-athrú ó bhonn ar chúrsaí leasa shóisialaigh a cheilt. Tá fhios ag a leithéidí Cuív Éamonn Ó é sin go maith agus ní “píosa spraoi” do bheith ag plé le INTREO. Is eagraíocht corparáideach brúidiúil neamhthrócaireach é INTREO atá á reachtáil ag algartaim seachas ag luachanna daonna. Cuireadh strus mór ar comharsa liom nach bhfuil in ann léamh i gceart cur isteach ar cúrsa Access chun go mbeadh sí in ann freastal ar choláiste tríú leibhéal. Bhí sclábhaí cléireach in INTREO chun a liúntas a laghdú mura ndéanfadh sí an cúrsa. Thug an INOU cabhair di agus ghéill an sclábhaí cléireach in INTREO sa deireadh agus chuaigh sí ag ranganna litearthachta in ainneoin ollúdaráis an algartaim.

  • lob

    Is léir nach raibh an Roinn Coimirce Sóisialaí abálta duine le Gaeilge a chur os chomhaie an Chomhchoiste masla eile dúinn