An Béar, an Dragan agus an fíorbhleachtaire

Caitheann ár gcolúnaí teilifíse a shúil ar chuid de na saothair a bheidh ag teacht os ár gcomhair ar an scáileán beag in 2024.

An Béar, an Dragan agus an fíorbhleachtaire

The Bear

Tá an-rath ar an tsraith drámaíochta seo ó tháinig sí os ár gcomhair in 2022. I ndeireadh shéasúr 2 chonaiceamar Carmy (Jeremy Allen White) fé ghlas sa chuisneoir agus oíche oscailte na bialainne nua faoi lán seoil. Beidh séasúr 3 ag teacht os ár gcomhair in 2024 agus cífimid cad a tharla ag deireadh na hoíche cinniúnaí sin. Déanfar tuilleadh iniúchta ar an ngaol oibre is pearsanta idir Carmy agus Sydney (Ayo Edebiri). Bua eile de chuid na sraithe ná an bhéim a chuirtear ar na carachtair thánaisteacha. Táthar ag súil go gcífear i bhfad níos mó de mháthair shuaite Carmy, Donna (Jamie Lee Curtis). Bhain sí an bonn de gach éinne sa chlár a bhí dírithe uirthi i séasúr 2.

House of the Dragon

Níorbh aon Game of Thrones a bhí sa chéad sraith de House of the Dragon ach bhí a mhaitheasaí féin ag baint leis. Bhaineamar súp as a bheith ar ais i ndomhan draíochta, foréigneach Westeros. Más fíor don mhír fógraíochta don dara séasúr beidh na dragain i bpíobáin a chéile is Rhaenyra Targaryen (Emma D’Arcy) agus Alicent Hightower (Olivia Cooke) á fhéachaint le chéile le ceannasaíocht a fháil ar an ríchathaoir iarainn.

Masters of the Air

Tá seo á chur os ár gcomhair mar shaothar a shuífidh sa chnuasach céanna le Band of Brothers (2001) agus The Pacific (2010). Má tá sé inchurtha in aon slí leis na saothair iontacha sin beidh a chúram déanta go maith aige. Sa mhionsraith seo díreofar ar chriúnna na n-árthach a dtugtaí an Flying Fortress orthu. Bí ag súil le héigiall agus sceimhle an chomhraic aeir agus cíoradh ar charachtair. Barry Keoghan i measc na n-aisteoirí. Steven Spielberg agus Tom Hanks i measc na léiritheoirí.

3 Body Problem

Tá dúil á cur sa saothar seo mar gurb iad David Benioff agus D.B. Weiss, saoistí Game of Thrones, atá ina bhun. Athrú treo go hiomlán a bheidh anseo. Rachaimid go dtí an tSín aimsir na Réabhlóide Cultúrtha. Cífear réaltfhisiceoir á coinscríobh san arm agus á seoladh chuig bunáit mhíleata rúnda iargúlta. Beidh tionchar na gcinntí a dhéanann sí ansin le brath ar feadh na mblianta.

True Detective

Bhí an lucht féachana faoi gheasa ag an gcéad séasúr de True Detective in 2014. Póilín é Matthew McConaughey ag caitheamh thairis go fealsúnach agus a chomrádaí (Woody Harrelson) ag iarraidh coimeád suas leis. Chuaigh an dara séasúr, le Vince Vaughn, Colin Farrell agus Rachel McAdams ar bóiléigear beagán. Bhí an tríú séasúr le Mahershala Ali ábhairín níos fearr. Táthar ag súil go mbeidh an saothar os cionn a bhuille arís i séasúr a ceathair mar a mbeidh bleachtaire, Jodie Foster, sa tóir ar dhúnmharfóir srathach in Alasca.

Saothair TG4
Bheidh TG4 ag sluaisteáil chugainn chomh maith. I dtosach mhí Eanáir beidh Ardal O’Hanlon chugainn le Inis na nIontas, sraith faoi oileáin na hÉireann ó Reachlainn go Cléire. Níos déanaí an mhí chéanna is ea a thiocfaidh Sloinne chugainn, sraith a dhíreoidh ar stair shloinnte faoi leith. Aoi éagsúil i mbun gach cláir. I measc na sloinnte a ndéanfar plé orthu sa tsraith seo beidh Ó Flatharta, Seoighe, Ó Murchú, Ó Domhnaill agus neart eile. I mí Feabhra beidh an clár faisnéise Tuilte chugainn, saothar ina dtabharfaidh daoine cuntas pearsanta faoin

scrios a rinne tuilte orthu i nGaillimh, in Inis Eoghain, i mBéal Feirste agus i Muineachán. I mí an Mhárta beidh Manchán Magan ag dul ar fud na tíre sa tsraith Ag Triall ar an Tobar. É á thumadh féin sa mhiotas, sa bhéaloideas agus sna scéalta daonna a bhaineann lenár dtoibreacha beannaithe. Lena chois sin ar fad tá an chuma ar an scéal go mbeidh na fadscannáin Tarrac agus An Cailín Ciúin á dtaispeáint ar TG4 uair éigin in 2024.

Fág freagra ar 'An Béar, an Dragan agus an fíorbhleachtaire'