An bealach is fearr le gasúr a chur ag ithe glasraí…

Beag an baol go ndéanfaidh mé seacht gcineál glasraí éagsúla a mheilt a ndóthain lena gcur i bhfolach san anlann trátaí

An bealach is fearr le gasúr a chur ag ithe glasraí…

Dúradh liom gurb é ceann de na bealaí is fearr le gasúir a chur ag ithe glasraí ná iad chur i bhfolach sa mbia.

‘Is fiú triail a bhaint as,’ a chuimhnigh mé. An t-aon locht a bheadh agam ar na daoine a thugann an chomhairle seo ná go mbíonn na hoidis a mholann siad fíorchasta agus tógann siad go leor ama.

Meas tú, a deirim liom féin nuair a léim na treoracha, an bhfuil siad ag insint bréag? Meas tú an ndearna siad é seo dháiríre nó an é go bhfuil siad ag magadh fúinn?

Is dóigh, thar aon ní eile, nuair a léim na hoidis go dtuigim go rímhaith gur beag an baol go ndéanfaidh mé seacht gcineál glasraí éagsúla a mheilt a ndóthain lena gcur i bhfolach san anlann trátaí is mé san anchaoi ag iarraidh vitimíní a shá isteach sa gcéad ghlúin eile.

Ina dhiaidh sin a bhuaileann an t-éadóchas mé. An é, a fhiafraím de na flaithis, go bhfuil sé sa gcinniúint dúinn cnaipíní sicín agus ispíní a ithe gach lá go dtí an dé deiridh?

B’fhéidir é.

B’fhéidir go mbeidh orm géilleadh ar deireadh. Ach anois is arís buaileann fonn troda mé is éirím amach in aghaidh na cinniúna is fógraím agus an tuáille tae mar bhratach agam i lár na cistine. ‘As seo amach beidh chuile dhuine ag ithe glasraí sa teach seo is níl mé ag iarraidh tada eile a chloisteáil faoi!’

‘Tá sé sin alright Mamaí,’ a d’fhreagair an Babaí ar ócáid den chineál sin an tseachtain seo caite, nó mar a dhéanfar tagairt uirthi sna leabhair staire, Éirí Amach na Cistine 2021 (chun é a aithint ó éirithe amach cistine eile). ‘Ach níl mé sásta aon phiseanna a ithe!’

‘Ná mise!’ arsa an Cailín Mór Beag go diongbháilte.

‘Íosfaidh mise ceann nó péire,’ a deir an Bheainín ar mhaithe leis an réiteach.

Léigh mé uair éigin go mbíonn blaslóga níos íogaire ag páistí ná mar a bhíonn ag daoine fásta. Ciallaíonn sé go bhfaigheann daoine blas níos láidre ar bhia agus iad óg.

Faoin am go mbíonn tú buailte síos ag an saol agus cruit ort ag réiteach dinnéar, tá na blaslóga maolaithe ag cruatan an tsaoil. I gcaitheamh na mblianta cailleann muid suas le 50% de na blaslóga sa teanga. B’fhéidir gurb é sin an fáth gur chuma liom ach rud éigin a fháil a chuirfidh snáithe sa bhfiacail. Is más duine éigin eile a réitigh an snáithe sin is é is fearr arís é.

Ag snámh in aghaidh easa atá mé is mé ag iarraidh, mar a mholtar dúinn, ‘aiste bia atá cothrom ó thaobh cothaithe di’ a sholáthar. Ní hé amháin go bhfuil blas níos láidre ar an mbrocailí agus tú óg, ach tá blas níos áille ar mhilseáin freisin.

‘Ní mharóidh sé sibh cúpla spúnóg piseanna agus cairéid a ithe!’ a dúirt mé is mo chás á leagan amach agam. ‘Sin é an riail nua, greim amháin ar a laghad agus taitneoidh siad libh de réir a chéile.’

‘Níl mé sásta leis an riail sin, Mamaí,’ a deir an Babaí, ‘agus ní dhéanfaidh mé é.’

‘Ní hé go bhfuil mise craiceáilte faoi phiseanna ach an oiread,’ a dúirt mé, ‘ach ithim iad!’

‘Níor cheart duit é sin a dhéanamh ort féin, a Mhamaí,’ a deir an Cailín Mór Beag liom go tuisceanach. ‘Níl sé go deas.’

Fág freagra ar 'An bealach is fearr le gasúr a chur ag ithe glasraí…'

  • Pilib Ó Duinn

    Beimid ag súil leis an gcéad mhíle eile, a Bhridget – Cogadh na Girsí! GRMA.