An baol fós ann go mbeadh an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’ – Ard-Aighne na Breataine

Buille mór do Theresa May é comhairle dlí Geoffrey Cox faoi na geallúintí is déanaí atá faighte aici i dtaobh an chúlstop. Meastar gur ar éigean anois a thacóidh na Breatimeachtóirí is diongbháilte agus an DUP anocht lena margadh

An baol fós ann go mbeadh an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’ – Ard-Aighne na Breataine

Tá an baol ann i gcónaí go bhfágfadh margadh Breatimeachta Theresa May go mbeadh an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’, dar le hArd-Aighne na Breataine Geoffrey Cox.

Buille mór do Theresa May é breithiúnas Cox faoi na geallúintí is déanaí atá faighte aici i dtaobh an chúlstop, an ‘polasaí árachais’ sa mhargadh chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Mar sin féin, faoiseamh beag do May é go ndúirt Cox go raibh ceangal ó thaobh dlí ag baint leis na socruithe nua agus go laghdóidís an baol go gcoinneofaí an Ríocht Aontaithe sáinnithe sa chúlstop in aghaidh a tola go brách.

Dúirt Cox, áfach, gur “breithiúnas polaitiúil” a bheadh ann a cheapadh gur beag seans go dtiocfar ar réiteach eile seachas an cúlstop má bhíonn an dá dhream macánta agus toilteanach déanamh amhlaidh.

Dúirt sé go gcreideann sé féin go láidir gur chóir an “breithiúnas polaitiúil” sin a dhéanamh agus glacadh leis an margadh. 

Is é an chuid dheireanach dá ráiteas, áfach, is mó a chuirfidh imní ar na Breatimeachtóirí is diongbháilte in Westmisnster, leithéidí an ERG agus an DUP, roimh vóta cinniúnach na hoíche anocht faoi mhargadh May.

Deir Cox:

However, the legal risk remains unchanged that if through no such demonstrable failure of either party, but simply because of intractable differences, that situation does arise, the United Kingdom would have, at least while the fundamental circumstances remained the same, no internationally lawful means of exiting the Protocol’s arrangements, save by agreement.

Chuaigh Theresa May go dtí Strasbourg aréir chun aon iarracht amháin eile a dhéanamh teacht ar chomhréiteach maidir leis an gcúlstop sula gcaithfear vóta eile inniu i bparlaimint Westminster faoin a margadh imeachta.

Deir May gur éirigh léi athruithe a fháil ar an socrú maidir leis an gcúlstop, go bhfuil “ceangal dlí” ag baint leis na hathruithe sin agus go bhfuil an stádas céanna ó thaobh dlí ag baint leo is a bhaineann leis an margadh imeachta féin.

Bhí May agus a lucht tacaíochta ag súil go ndéanfadh Geoffrey Cox, a raibh baint aige leis an mbabhta idirbheartaíochta is déanaí, a chomhairle dlí i leith an chúlstop a leasú roimh vóta an lae inniu.

De réir chomhairle dlí an Ard-Aighne a foilsíodh anuraidh, d’fhéadfadh go bhfágfadh margadh May an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’ agus níor athraigh sé an chomhairle sin inniu.

Léirigh Páirtí an Lucht Oibre agus ag na Breatimeachtóirí is diongbháilte i bpáirtí May amhras mór aréir faoi na gealltanais nua. Dúirt an DUP go mbeadh téacs na ngealltanas nua á scrúdú go mion acu sula ndéanfaí cinneadh faoi thacú nó gan tacú le Rialtas May i vóta an lae inniu agus thug Breatimeachtóirí móra amhail Jacob Rees-Mogg, Cathaoirleach an ERG, agus Boris Johson le fios go ndéanfaidís cinneadh bunaithe ar chomhairle nua an Ard-Aighne.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar maidin inniu nach raibh aon ní sna gealltanais nua a fuair Theresa May a dhéanfadh an cúlstop ná Comhaontú Aoine an Chéasta níos laige.

Dúirt Uachtarán Choimisiúin an Aontais Eorpaigh Jean Claude Juncker gurb amhlaidh gur thacaigh na gealltanais nua leis an margadh ach nárbh ionann iad agus leasuithe a bheith déanta ar an margadh féin. 

Dhiúltaigh an AE roimhe seo do mholtaí go mbeadh dáta éaga luaite leis an gcúlstop nó go mbeadh cead ag an mBreatain deireadh a chur leis an gcúlstop as a stuaim féin.

Tá an cúlstop, an socrú chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint i ndiaidh an Bhreatimeachta, ar an dris chosáin is mó roimh mhargadh May a mbeidh vóta cinniúnach eile  faoi inniu in Westminster.

Sa vóta ceart deireanach faoi mhargadh May, vótáil 432 feisire i gcoinne an mhargaidh agus ní raibh ar a shon ach 202, an buille parlaiminte is measa a buaileadh ar aon Phríomh-Aire sa Bhreatain ó cuireadh tús leis an daonlathas parlaiminteach ansin.

Tá sé ráite cheana féin ag Theresa May sa chás go gcaillfí an vóta inniu, Dé Máirt, go mbeidh vóta eile amárach faoi imeacht gan aon mhargadh agus vóta Déardaoin faoi shíneadh ama a lorg ar Alt 50 chun an Breatimeacht a chur siar ar mhaithe le tuilleadh idirbheartaíochta.

Fág freagra ar 'An baol fós ann go mbeadh an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’ – Ard-Aighne na Breataine'