An baol ann go bhfuil earnáil na Gaeilge ‘getting stuffed’ de bharr sáinn Stormont

Pléadh tionchar an fholúis pholaitiúil ó thuaidh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge i dTithe an Oireachtais inné agus léiríodh imní go bhfuiltear ag damhsa ó dheas ‘de réir phort an tuaiscirt’

An baol ann go bhfuil earnáil na Gaeilge ‘getting stuffed’ de bharr sáinn Stormont

Moladh i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné go dtabharfaí an chumhacht d’Údarás na Gaeltachta maoiniú a dhéanamh ar eagraíochtaí teanga lasmuigh den Ghaeltacht chun nach mbeadh siad thíos leis an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

Cuireadh moladh eile chun cinn go gcuirfí scéim maoinithe ar bun i Roinn na Gaeltachta ionas nach mbeadh tionchar ag cúrsaí polaitíochta an tuaiscirt ar obair na n-eagraíochtaí teanga ó dheas.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an Oireachtais, an Teachta Dála Peadar Tóibín gur chóir ciste Gaeilge eile a bhunú chun nach gcuirfeadh an folús polaitiúil ó thuaidh isteach ar eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

Dúirt Tóibín, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, go raibh an baol ann go raibh earnáil na Gaeilge go léir “getting stuffed” mar gheall ar an socrú thuaidh/theas faoina ndéantar maoiniú ar Fhoras na Gaeilge.

Mhol an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go dtabharfaí an chumhacht d’Údarás na Gaeltachta eagraíochtaí lasmuigh den Ghaeltacht a mhaoiniú. Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh gur athrú ar pholasaí rialtais a bheadh ansin agus go mbeadh amhras air faoi aon rud a chuirfeadh isteach ar an gcaidreamh trasteorann.

Dúirt Ó Cuív go raibh sé “maith go leor a bheith ag caint faoi chomhoibriú” ach nach bhféadfaí a bheith “ag damhsa de réir phort an tuaiscirt” fad is a bhain sé le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé sásta “comhrá” a dhéanamh faoi mholadh Uí Chuív maidir le cumhacht bhreise a thabhairt don Údarás agus go raibh meon “oscailte” aige ina thaobh cé gur athrú ar pholasaí rialtais a bheadh i gceist.

Dúirt Peadar Tóibín gur léir go raibh ardú á dhéanamh ar bhuiséad na Comhairle Ealaíon fad is a bhí buiséad Fhoras na Gaeilge “ag dul an bealach eile” agus é “radically reduced” de bharr an “inertia” i dtaobh athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Ghéill Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh deacrachtaí ann maidir le buiséad an Fhorais agus dúirt sé go rabhthas fós ag obair “de réir figiúirí 2016” i gcás na heagraíochta trasteorann.

Maidir le moladh Tóibín, go mbunófaí sruth maoinithe eile chun teacht timpeall ar an gcóras faoina bhfaigheann Foras na Gaeilge 75% dá maoiniú ón stát ó dheas agus 25% ón stát ó thuaidh, dúirt McHugh go raibh amhras air faoi moladh sin.

Dúirt an tAire Stáit go mbeadh doicheall air aon rud a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar an “philosophy about joint decision making” ag tréimhse “extremely sensitive”.

Mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta beagnach scór bliain ó shin a bunaíodh an Foras Teanga ina bhfuil dhá áisíneacht ar leith, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus cinneadh ón tús gur ar bhonn ‘cómhaoinithe’ a mhaoineofaí iad.

Socraíodh go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta 75% den mhaoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus gur ón Roinn Cultúir (an Roinn Pobal anois) a thiocfadh sciar an tuaiscirt, 25%, den chaiteachas.

Chuirfeadh Roinn na Gaeltachta 25% den chaiteachas ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise agus is ón tuaisceart a thiocfadh an 75% eile.

An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn buiséid bhliantúla na n-áisíneachtaí, rud atá ag cruthú deacrachtaí i dtaobh an Fhorais faoi láthair ó tharla nach bhfuil institiúid Stormont ag feidhmiú faoi láthair. Tháinig laghdú 32% ar na buiséid a ceadaíodh don bhForas Teanga idir 2011-2016  agus ar éigean a tháinig aon athrú ar bhuiséad na heagraíochta ó shin.

€14.028 milliún a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil don Fhoras Teanga faoi Bhuiséad 2018.

Fág freagra ar 'An baol ann go bhfuil earnáil na Gaeilge ‘getting stuffed’ de bharr sáinn Stormont'

  • wtf

    Earnáil na Gaeilge ‘á fháil faoin bpoll’? Ní inniu ná inné a tharla sé sin.

  • Feardorcha

    “Mhol an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go dtabharfaí an chumhacht d’Údarás na Gaeltachta eagraíochtaí lasmuigh den Ghaeltacht a mhaoiniú.”

    Ar ndóigh, tá éirithe chomh maith leis an Údarás sa Ghaeltacht go dtí seo. Táim cinnte go mbeidh Gaeil uile na tíre ar bís lena dteacht. Ní chuirfeadh sé faic i gcuimhne duit ach teacht na gComhghuaillithe go Páras i 1944.