An Aurora Borealis ‘is fearr’ le 10 mbliana le feiceáil i nGaeltacht Thír Chonaill anocht

Má bhíonn an spéir glan anocht agus oíche amárach, tá réalteolaithe ag tuar go mbeidh deis mhaith ag daoine i bhfíorthuaisceart an chontae na soilse daite a fheiceáil sa spéir

An Aurora Borealis ‘is fearr’ le 10 mbliana le feiceáil i nGaeltacht Thír Chonaill anocht

Táthar ag súil go mbeidh an radharc is fearr le os cionn deich mbliana ar Na Gealáin Thuaidh, nó an Aurora Borealis, ag  muintir na Gaeltachta i dTír Chonaill an deireadh seachtaine seo.

Má bhíonn aimsir ghlan ann oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn, réalteolaithe ag tuar go mbeidh deis mhaith ag daoine i bhfíorthuaisceart an chontae na soilse daite a fheiceáil ar an spéir dhorcha.

Dúirt David Moore, réalteolaí agus eagarthóir na hirise Astronomy Ireland Magazine, go mbeidh Na Gealáin Thuaidh nó na Saighneáin le feiceáil in Éirinn agus sa Bhreatain an deireadh seachtaine seo, agus gurb é Dún na nGall an áit is fearr le breathnú orthu mar gheall ar a fhaide ó thuaidh is atá an contae agus an easpa truailliú solais atá sa cheantar.

Dúirt sé go bhféadfadh sé gurb é seo an ‘taispeántas’ is fearr a thabharfaidh na Gealáin ó bhí Oíche Shamhna na bliana 2003 ann, nuair a tháinig na céadta go Tír Chonaill lena bhfeiceáil.

“Bhí pléascadh mór ar an ngrian le déanaí agus tá ábhar ag teacht uaithi anois ar a bhealach chuig an domhan agus táthar ag súil le taispeántas mór gealán a fheiceáil anocht agus oíche Dé Sathairn.

“Is iondúil nach bhfeiceann muid ach loinnir bheag anseo in Éirinn nuair a bhíonn na Gealáin Thuaidh le feiceáil sa spéir, ach d’fhéadfadh siad a bheith 100 uair níos gile an geábh seo,” a dúirt Moore.

Beidh eolas á thabhairt ar leathanaigh Facebook agus Twitter Astronomy Ireland tráthnóna inniu agus amárach faoi theacht an ábhair gréine agus go mbeifear in ann rabhadh deich nóiméad a thabhairt sula dtosóidh an ‘taispeántas’.

Dúirt sé freisin, áfach, go raibh an baol ann go gcuirfeadh scamaill isteach ar an radharc a bheadh ag daoine ar na Gealáin nó go bhféadfadh gur timpeall ar atmaisféar an domhain a ghabhfadh an t-ábhar gréine seachas dul tríd, rud a d’fhágfadh nach mbeadh gealán ar bith le feiceáil.

Dathanna dearga agus glasa den chuid is mó a bheidh le feiceáil ar an spéir anocht agus amárach agus d’fhéadfadh an ‘taispeántas’ maireachtáil ó chontráth na hoíche go maidneachan.

Tá tús curtha leis an bpróiseas chun stádas ‘Tearmann na Spéire Dorcha’ a bhaint amach i bhFánaid, sa cheantar a mbeidh na Saighneáin le feiceáil ann anocht.

Bhronn Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha stádas ‘órga’ ar Thearmann Chiarraí na Spéire Dorcha, a bhfuil an chuid is mó de i nGaeltacht Chiarraí, in 2014.

Thóg sé 18 mí ar mhuintir Chiarraí an stádas a bhaint amach agus dúirt Eimear Ní Mhathúna, as Fánaid, le Tuairisc.ie, go dtuigeann muintir na háite gur próiseas fadálach atá i gceist agus go mbeidh go leor oibre ag baint leis an iarratas.

Tá iarrachtaí ar bun i gCiarraí an ‘réalt-turasóireacht’ a fhorbairt taobh istigh de Thearmann na Spéire Dorcha in Uíbh Ráthach. Dúirt Eimear Ní Mhathúna le Tuairisc.ie go bhfuil an réalt-turasóireacht ann cheana féin i bhFánaid mar gheall ar dhorchacht na spéire ann agus toisc gur minic a bhíonn na Gealáin Thuaidh nó na Saighneáin le feiceáil ón leithinis.

“Bhí mé eolach ar an rud atá acu i gCiarraí, ach nuair a tháinig mé go Fánaid ar dtús, chuaigh na spéartha go mór i bhfeidhm orm. Tá an áit seo fíorálainn agus ba cheart é a chaomhnú mar sin. Nuair a osclaíodh an teach solais ar dtús, bhí sé d’aidhm againn i gcónaí forbairt a dhéanamh ar ghnéithe eile d’Fhánaid, agus is dóigh iontach maith é seo lena dhéanamh.

“Tá áiteanna eile i dTír Chonaill atá scriosta ag an turasóireacht, ach dá bhfaighimis an stádas seo, bheadh sé ina eiseamláir mhaith den chineál forbartha agus turasóireachta ba mhaith linn a chur chun cinn anseo. Mothaím go bhfuil freagracht mhór orainn gan rófhorbairt a dhéanamh ar an áit agus turasóireacht an nádúir a chur chun tosaigh,” a dúirt sí.

Tá an t-uafás oibre le déanamh ag ceantar atá ag iarraidh an stádas órga a bhaint amach.

Bronnann Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha an stádas seo ar cheantair tar éis dianphróiseas measúnachta.

Fág freagra ar 'An Aurora Borealis ‘is fearr’ le 10 mbliana le feiceáil i nGaeltacht Thír Chonaill anocht'

  • Fearn

    Na saighneáin nó an chaor aduaidh a léigh mé riamh. Cá bhfuair Téarma.ie ” Na Gealáin Thuaidh”, ní mé!!