An athróidh athrú Taoisigh rud ar bith dáiríre?

Ní cóir beag is fiú ná mór is fiú a dhéanamh den ‘rapprochement’ stairiúil idir Fianna Fáil agus Fine Gael

An athróidh athrú Taoisigh rud ar bith dáiríre?

Ní cóir beag is fiú ná mór is fiú a dhéanamh den socrú stairiúil a thug deis do Leo Varadkar dul i gceannas rialtais arís. Tá margadh comhrialtais á chur i bhfeidhm ag Fianna Fáil agus Fine Gael nach ndearnadh ó bunaíodh an stát.

Ní dheimhníonn athrú Taoisigh athrú ar bith a rachadh chun tairbhe do pháirtithe an rialtais ná don tír, ach is fianaise shuntasach é Leo a bheith ina shuí in ionad Mhichíl i bpríomhchathaoir an rialtais gur mian leo an comhréiteach eatarthu féin agus an Comhaontas Glas a chomhlíonadh go mbeidh deireadh le ré an rialtais, ar a dheireanaí, i mí Feabhra 2025.

Sin ráite ní foláir cuimhneamh ar chúiseanna amhrais agus ar chorrfhéidearthacht a bhaineann le filleadh Leo Varadkar ar oifig an Taoisigh. Tá deich gcinn san áireamh anseo a mbeidh tionchar acu ar an mbreith a thabharfar ar a shaothar agus ar shaothar an rialtais sa chéad olltoghchán eile. Seo iad:

1 Is beag an tionchar ar an toirt a bheidh ag malartú suíochán ag bord an rialtais ar dhearcadh an phobail ach dúiseoidh an t-athrú ó Mhicheál Martin go Leo Varadkar smaointe ar an gcomparáid idir an bheirt. Ní haon dochar é go mbeidh brú ar cheannaire Fhine Gael meas an phobail a thuilleamh mar a thuill ceannaire Fhianna Fáil a chuir chun tosaigh ar cheannairí eile é sna pobalbhreitheanna a thomhais sásamh le ceannairí.

2 Is treise an chontúirt go mbreathnóidh go leor daoine ar mhalartú cheannairí na bpríomhpháirtithe mar chluiche ag polaiteoirí a léiríonn ró-spéis ina leas féin seachas leas na tíre.

Tá séala curtha ag Leo agus Micheál ar rapprochement stairiúil polaitiúil. Tá seasmhacht agus muinín á léiriú idir páirtithe an chomhrialtais. Níor thuill ceachtar tréith mórán buíochais ón bpobal riamh.

3 Ní dheimhníonn réamhshamplaí stairiúla rud ar bith. Sin ráite níor atoghadh sé rialtas roimhe seo tar éis do Thaoiseach dul i gcomharbacht ar Thaoiseach eile ‘i lár báire’ idir olltoghcháin. Teip dá leithéid a tharla do Charlie Haughey in olltoghchán 1981, d’Albert Reynolds i 1992, do John Bruton i 1997, do Bhrian Cowen in 2011, agus do Leo Varadkar in 2020.

Theastaigh socrú is margadh comhrialtais nach bhfacthas riamh cheana chun Varadkar agus Fine Gael (a chaill 15 suíochán san olltoghchán deireanach) a choinneáil i mbun rialtais in 2020.

4 Ní leigheasfaidh an comhrialtas an ghéarchéim tithíochta in imeacht dhá bhliain. Beidh gaisce déanta ag Varadkar mar Thaoiseach má éiríonn leis a chur ina luí ar an bpobal go bhfuil iarracht éifeachtach á déanamh ag an rialtas chun tithíocht a sholáthar ar phraghas nó ar chíos réasúnta.

Ní féidir a chur i leith Varadkar ná Micheál Martin gur shéanadar an ghéarchéim. Ní haon mhaith síor-admháil go bhfuil scéal go dona, áfach, cheal cur chuige a thabharfaidh ábhar dóchais inchreidte do dhaoine go bhfuil feabhas suntasach ar bun. Príomhdhúshlán an rialtais.

5 Tabharfaidh an rialtas aghaidh ar fhadhb níos práinní, toisc gur todhchaí an phláinéid atá i gceist, nuair a thosóidh an chéad chruinniú faoi chathaoirleacht Varadkar Dé Máirt. Ní foláir roghanna achrannacha a dhéanamh chun laghdú 51 faoin gcéad ar astaíocht charbóin na tíre a bhaint amach faoi 2030, mar a fógraíodh sa Phlean Aeráide.

Cuirfidh na roghanna a dhéanfar agus na gearáin a dhéanfar fúthu brú ar gach páirtí sa rialtas, ach ar an Taoiseach go háirithe.

6 An bhfuil stuaim pholaitiúil foghlamtha ag Leo Varadkar óna chéad tréimhse mar Thaoiseach? Sin í an cheist pholaitiúil is déine a chuirfidh mórán agus é ag dul i gceannas rialtais arís. Bhí sé 38 (an Taoiseach ab óige riamh) nuair a chuaigh sé i gcomharbacht ar Enda Kenny in 2017, ach ní hionann óige agus maithiúnas.

Níl aon dabht cén eachtra is mó a léirigh a mhístuaim. Ghabh sé leithscéal sa Dáil tar éis foilsiú tuairisce san iris Village a chruthaigh gur chuir sé cóip rialtais de dhréacht-chonradh rúnda chuig cara leis in 2019.

Léirigh an scéal idir dhíth céille agus mhífhreagracht. Dá mbeadh cinneadh déanta ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Varadkar a thabhairt os comhair cúirte, ní bheadh aon dul as ag Fine Gael ach duine eile a thoghadh mar cheannaire.

7 Ar an taobh eile den chuntas, léirigh Leo Varadkar a chumas idirbheartaíochta in 2019 nuair a chuir sé comhréiteach idir an tAontas Eorpach agus Boris Johnson. Ní air siúd a bhí an locht gur chlis Johnson ar an margadh a rinne sé faoin bPrótacal.

Tá sé ráite ag an Taoiseach nua gur mhaith leis bualadh go luath le Rishi Sunak. Más mian leis an bpríomh-aire teacht ar chomhréiteach leis an AE faoin bPrótacal, agus má shíleann sé gur féidir cur ina luí ar a pháirtí féin agus ar an DUP glacadh leis, beidh Varadkar ábalta agus toilteanach cabhrú leis an aidhm sin a chur i gcrích.

Ní beag áfach ceachtar den dá ‘má’ thuas.

8 Cothaíonn atheagrú míshásamh i ngach páirtí comhrialtais, go háirithe i measc airí nár choinnigh na poist a bhí acu agus i measc Teachtaí Dála a bhí ag súil le hardú céime.

Ní raibh cúrsaí toghcháin ag déanamh scime do mhórán Teachtaí go dtí seo, ach as seo amach beidh siad go léir ag smaoineamh níos minice ar an olltoghchán a chaithfear a ghairm faoi mhí Feabhra 2025 ar a dheireanaí. Mura léiríonn pobalbhreitheanna agus torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach in 2024 tacaíocht sheasta ar a laghad d’Fhine Gael, ní bheidh Varadkar slán mar cheannaire.

9 Má chuirtear an tUachtarán Ó hUigínn as an áireamh, is beag duine a rinne cur síos chomh géar agus a rinne Leo Varadkar ar an dochar atá an ghéarchéim tithíochta a dhéanamh.

Dúirt sé le thejournal.ie

i mí Lúnasa go raibh an ‘conradh sóisialta’ á shárú, agus é ag tagairt, gan Rousseau a lua, don mhargadh intuigthe a mhol an fealsamh cáiliúil idir pobal agus rialtas. Ní raibh cur i bhfeidhm sách gasta á dhéanamh, a dúirt Varadkar, ar straitéis tithíochta an rialtais agus chaithfí é a athbhreithniú.

Cuirfidh Sinn Féin a bhriathra i gcuimhne dó go minic as seo amach. Go háirithe mura gcuirtear dlús le soláthar tithe agus árasán idir seo agus deireadh ré an rialtais.

10 Chuir Varadkar béim ina óráid ag ardfheis Fhine Gael an mhí seo caite ar an riachtanas go seasfadh “an lár” (polaitiúil) an fód agus go neartófaí é sa chéad olltoghchán eile.

Ní fada ráiteas dá leithéid ó ráiteas i bhfabhar athbhunú comhrialtais le Fianna Fáil. Neartóidh caint dá leithéid caint arís i measc lucht tacaíochta agus naimhde an pháirtí ar cheist nach léir scaití aon fhreagra láidir air.

An bhfuil aon difríocht dáiríre idir Fine Gael agus Fianna Fáil?

Fág freagra ar 'An athróidh athrú Taoisigh rud ar bith dáiríre?'

  • Pádraig O'hEipicín

    Beirt lucht an ghinmhillte. Ní athróidh athrú taoisigh rud ar bith.