An athraíonn ár dtuairimí ag brath ar cé acu an i nGaeilge nó i mBéarla atá an plé?

Tá anailís le déanamh ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar tvuíteanna Gaeilge faoi olltoghchán 2016 agus súil acu le freagra a fháil ar cheisteanna éagsúla le cabhair phobal na Gaeilge ar líne

An athraíonn ár dtuairimí ag brath ar cé acu an i nGaeilge nó i mBéarla atá an plé?

Tá grúpa teicneolaithe teanga ón Ionad ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag iarraidh “corpas tvuíte dátheangach” a chnuasach agus anailís a dhéanamh ar na tuairimí a nochtadh i nGaeilge ar Twitter i rith Olltoghchán 2016. Rinne an grúpa anailís ar thuairimí a seoladh i mBéarla cheana féin.

Tá cúnamh á lorg ag an Ionad ADAPT ón bpobal na giolcacha a aistriú ionas go mbeadh an corpas dátheangach acu. Táthar ag iarraidh ar an bpobal dul go suíomh aistriúcháin an ionaid agus giolcacha Gaeilge a chur i mBéarla agus giolcacha Béarla a chur i nGaeilge.

Dúirt Meghan Dowling, a bhíonn ag obair san Ionad ADAPT, go bhfuil an sluafhoinsiú “an-tábhachtach” don ionad san obair seo ó tharla gur mionteanga í an Ghaeilge.

“Beidh corpas ollmhór Gaeilge-Béarla againn, agus is iad muintir na Gaeilge iad féin a chruthóidh é. Is acmhainn iontach a bheidh ann chun léargas a fháil ar an nGaeilge agus ar Ghaeilgeoirí ar Twitter.

“An athraíonn an ‘sentiment’ nuair atá an rud céanna á phlé againn i mBéarla agus as Gaeilge? Mura mbíonn difríocht mhór ann, is féidir linn na torthaí anailíse ar thuairimí ó tvuíteanna Gaeilge agus tvuíteanna Béarla a chur le chéile agus eolas níos cruinne a fháil ar thuairimí mhuintir na hÉireann sa chéad reifreann eile, nó cibé rud is mian linn anailís a dhéanamh air,” a dúirt Dowling le Tuairisc.ie.

Tá súil ag an Ionad ADAPT úsáid a bhaint as an gcorpas nua i dtionscadail teicneolaíochta eile amach anseo – úsáid na Gaeilge ar Twitter, mar shampla. Rinne an Dochtúir Treasa Ní Loinn, ó ADAPT, obair ar an ábhar sin cheana féin agus thug caint uaithi ag TedxFulbrightDublin.

Dúirt Dowling gur corpas dátheangach “an rud is tábhachtaí” i réimse an aistriúcháin uathoibrí staitistiúil agus go bhfuil súil ag an Ionad ADAPT úsáid a bhaint as an gcorpas le córas aistriúcháin atá dírithe ar an aistriúchán Gaeilge-Béarla ar na meáin shóisialta a dhéanamh.

“Shocraíomar an sluafhoinsiú a úsáid chun an t-ualach oibre a bhaineann le corpas Tvuíteanna a chruthú a laghdú. I gcás na Gaeilge, tá cabhair ag teastáil agus is féidir le gach duine cabhair a thabhairt,” a dúirt sí.

Tá beagnach 5,000 giolc i gceist leis an togra, 3,200 giolc Béarla agus 1,500 giolc Gaeilge. Is “próiseas an-simplí” atá ann, dar le Dowling, agus gan le déanamh ach na giolcacha a aistriú ó theanga amháin go teanga eile.

“Tá an sluafhoinsiú ríthábhachtach do mhionteangacha. Tá teangacha eile, an Bhascais agus an Bhreatnais, mar shampla, ag baint úsáid as chun ganntanas acmhainní a shárú. Is mór an luach a fuair siad ó na tionscadail sin agus ba mhaith linn an rud céanna a dhéanamh,” a dúirt sí.

Dúirt sí go bhfuil ADAPT “ag síneadh lámh amach chuig pobal na Gaeilge” agus ag lorg cabhrach chun acmhainní teicneolaíochta a chruthú. Dúirt sí go bhfuil tábhacht leis an obair seo mar is ar mhaithe le pobal na Gaeilge ar líne atá an t-eolas á bhailiú – eolas ar ghnáthchaint, giorrúcháin, greann agus téacschaint na ndaoine.

“Sa ré dhigiteach, tá sé ríthábhachtach go bhfuil freastal ó thaobh na teicneolaíochta teanga á dhéanamh ar gach teanga beo. Tá an Ghaeilge faoi láthair i ngach cineál meáin shóisialta, agus ba mhaith linn é seo a thaispeáint, anailís a dhéanamh air trí úsáid a bhaint as modhanna ríomhaireachta agus níos mó acmhainní teicneolaíochta a dhéanamh leis,” a dúirt sí.

Is féidir cúnamh a thabhairt don Ionad ADAPT san obair seo ar a suíomh idirlín: itranslateirish.adaptcentre.ie