Is cosúil go rabhthas sásta go maith le Páipéar 1 i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na hArdteiste inniu, in ainneoin nach raibh teidil na n-aistí chomh leathan is a bhíodh.
Bhí Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide agus múinteoir Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin, Inis Meáin, ar dhuine de na múinteoirí a mheas gur páipéar “féaráilte agus deas” a bhí sa chéad pháipéar Ardteiste Gaeilge.
Mheas Ní Fhátharta nach raibh aon rud ar pháipéar an lae inniu “a bhí ródhúshlánach”.
Dúirt sí go raibh an chluastuiscint “togha gan a bheith ró-éasca” agus cheap sí nach raibh “aon rud ann a thabharfadh an iomarca dúshláin do dhaltaí”.
“Mórcheisteanna ár linne a bhí faoi chaibidil sna haistí ar nós an chórais oideachais agus cúrsaí polaitíochta rudaí a mbeifeá ag súil go mbeadh daltaí na hArdteiste in ann iad a phlé,” a dúirt Ní Fhátharta.
Dúirt sí gurbh é an rud ba shuntasaí faoin pháipéar go raibh “castaí beaga curtha le roinnt de na haistí le foghlaim de ghlanmheabhair a sheachaint”.
“Mar shampla, bhí ‘Mná sa spórt’ mar rogha i mbliana in áit alt ginearálta faoin spórt,” a dúirt Ní Fhátharta.
D’aontaigh Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí leis an tuairim sin agus dúirt sé gur cheap sé gurbh “údar faoisimh do go leor múinteoirí Gaeilge sa tír” an aiste faoi ghéarchéim na tithíochta, an chéad rogha ar liosta na n-aistí.
“Is dóigh liom go mbeidh formhór mhúinteoirí Gaeilge na tíre ana-shásta go raibh géarchéim na tithíochta ar an bpáipéar,” a dúirt Breathnach.
Dúirt sé go raibh roghanna eile ar liosta na n-aistí “a raibh an-chuid foclaíochta i gceist leo”.
“Níl a leithéid feicthe ar pháipéar scrúduithe Gaeilge le tamall agus cheapfainn go gcothódh an fhoclaíocht deacrachtaí do dhaltaí áirithe.
“Seans nach dtuigfeadh roinnt daltaí cad é go díreach a bhí ag teastáil i gcás roinnt de na haistí.”
Dar le Breathnach go raibh dúshlán ar leith ag baint leis na haistí ‘Tá an aiste ‘chaidrimh pholaitiúla mhíshuaimhneach idir tíortha an domhain’ agus ‘Athruithe chun feabhais ar an saol in Éirinn le déanaí’.
“Bheadh an-chuid oibre déanta daltaí faoi fhadhbanna sóisialta atá faoi láthair ann, ach n’fheadar faoi na hathruithe chun feabhais. Bhí sé á thuar go mbeadh an spórt ann ach n’fheadar an mó duine a bheadh ag súil le ‘Mná sa spórt’,” a dúirt Breathnach.
“Is dócha, bhíodar [na scrúdaitheoirí] ag iarraidh fáil amach cé chomh solúbtha is a bhí an dalta agus deis a thabhairt dó scríobh as a stuaim féin seachas a bheith ag brath ar rud éigin a bhí foghlamtha de ghlanmheabhair aige.”
Mheas John de Buitléir, múinteoir Gaeilge i gGaelcholáiste Luimnigh go raibh an chéad pháipéar Gaeilge “thar a bheith ábhartha”.
“Ní raibh aon fhadhb ag daltaí leis an gcluastuiscint agus is léir go rabhthas ag iarraidh go mbeadh siad in ann na freagraí a aimsiú,” a dúirt sé.
Dúirt de Buitléir go raibh “rogha mhaith” i mbliana idir aistí ginearálta a d’oirfeadh formhór daltaí agus aistí faoi chúrsaí polaitíochta a bhí “dírithe ar dhaoine a bhí an-ullamh”.
Dúirt sé go raibh an díospóireacht agus an óráid oiriúnach do dhalta atá “cruthaitheach” agus gur shíl sé go raibh “rogha dheas” sna scéalta.
“Dá mbeadh dúshlán uait bhí sé ann,” a dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh.
Maidir leis an pháipéar Gaeilge Gnáthleibhéal, cheap de Buitléir nach raibh aon rud ann a thiocfadh aniar aduaidh ar dhaltaí.
“Ní raibh aon rud as an ghnách ar an pháipéar gnáthleibhéil. ‘Is aoibhinn liom mo scoil’ agus ‘Na rudaí a dhéanaim nuair a bhíonn am saor agam’. Tá a leithéid an-ghinearálta agus éinne a bhí ullamh ní bheadh aon stró air,” arsa John de Buitléir, Príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh.
Cluain Sceach
Spéisiúil agus saghas aerach…