Nach fada ó bhaile a chaithfimid dul chun faoiseamh a fháil ó réalachas brúidiúil an domhain mar atá á nochtadh dúinn lá i ndiaidh lae.
Tuairiscí go bhfuil cailíní óga, gan trácht ar mhná an domhain cuma cá dtéann tú, á n-éigniú gan scáth gan náire gan éinne a bheith freagrach ná ionsaitheoir a bheith thíos leis, gan trácht ar a bheith ciontaithe as mórchoireanna.
Measann go leor go bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe ag déanamh beag is fiú nó ag ceilt eolais is ag séanadh freagrachta as cáipéisí is doiciméid a bhaineann le Jeffrey Epstein a chur ar fáil do lucht fiosraithe, idir íobartaigh agus lucht dlí.
Liosta le háireamh na coireanna péidifilia a bhí curtha i leith Epstein nuair a chuir sé lámh ina bhás féin seacht mbliana ó shin anois.
Ciontaíodh roimhe sin é, agus chuir tréimhse príosúnachta isteach i Florida in 2008.
Beag seans go dtiocfaidh dea-shampla ó éinne sa Teach Bán úd, ar aon ghné a chuireann le sibhialtacht ná moráltacht an chine dhaonna nuair is náire agus ceann fé ba chóir dóibh a bheith orthu.
Chun teitheadh ó uafás na n-éignithe péidifileacha ní mór d’aon chailín óg nó bean turas fada fada ó bhaile a thabhairt uirthi féin.
I ndomhan draíochta idir Vítneam agus an Astráil, atá an Indinéis suite agus in iarthar na tíre sin atá Sumatra.
Lonnaithe ansan de réir dealraimh atá na Minangkabau, dream daoine a bhfuil de cháil orthu gurb iad an treibh mhatrarcach is mó ar domhan iad.
Nuair is ginealach agus oidhreacht atá i gceist, is é taobh na máthar atá in uachtar.
Is leis an mbean an ‘rumah gadang’, an tigh mór agus talamh na muintire.
Iníonacha amháin a fhaigheann seilbh air in am trátha.
Maidir le gnásanna an phósta, tugtar ‘sumando’ ar an bhfear céile, aoi oinigh is é sin ‘cuairteoir speisialta’, cliamhain isteach na tíre seo.
Aistríonn sé sin isteach i dtigh na mná, tá dualgais agus freagrachtaí athar is fir chéile air, ach ní bhíonn aon bhuannacht aige ar thigh ná talamh a mhná.
Seasann ceiliúradh na bainise roinnt mhaith laethanta.
Caitheann an bhrídeog ‘suntiang’, sé sin ceannbheart mór trom órga mar shiombail ar an fhreagracht go léir atá á glacadh aici anois uirthi féin, mar bhean fhásta Minangkabau.
Arb é srathair ar na hainnise é, n’fheadar, mar a chuala Duibhneach mná a thabhairt ar chuing an phósta fadó.
Seachas an méid sin, is cinnte gur brionglóid dheas a bheadh ann teacht a bheith ag aon chailín óg ar dhomhan, ar áit, ar phobal ina mbeadh saoirse agus cead a cinn aici.
Domhan ná déanfaí beag is fiú di.
Domhan ina mbeadh sí sábháilte.
Domhan ná déanfaí éigniú uirthi.
An brionglóid é áit dá leithéid a bheith ann do chailíní óga?
Conas go gcaithfimis dul chomh fada san ó bhaile chun teacht ar dhomhan ina mbeadh saol ar a toil ag cailín óg, agus dá réir bean fhásta?
Conas nár chualamar trácht ar an áit sin riamh roimhe seo?
An ann d’áit mar é in aon chor?
An ann d’áit ar domhan ina mbeadh saoirse ag cailín óg a saol a chaitheamh mar is toil léi?
An bhfuil sé ceadmhach di fuascailt a bheith aici ó shlabhraí na patrarcachta?
Nó arb é go gcaithfidh sí íoc go daor as aon iarracht atá déanta ag mná le blianta fada go dtí seo gluaiseacht an fheimineachais a fhorbairt agus a chur ar a cosa?
An miotas í gluaiseacht an fheimineachais anois?
An bhfuil sí cloíte ag brúidiúlacht is fearúlacht an fichiú haois idir bhilliúnaithe na teicneolaíochta agus chosantóirí na péidifilia?
Deacair a bheith dóchasach.
Fág freagra ar 'An ann d’áit ar domhan ina mbeadh saoirse ag cailín óg a saol a chaitheamh mar is toil léi?'