An amhlaidh gur chaill Leo Varadkar smacht ar a theanga arís?

Ábhar mórtais ag pobal na hÉireann an meas a léiríonn siad ar na mairbh de ghnáth. Ba dheacair mar sin ciall a bhaint as caint an Taoisigh faoi mharbhlann Phort Láirge

An amhlaidh gur chaill Leo Varadkar smacht ar a theanga arís?

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá sé de cháil ar Leo Varadkar gur minic leis labhairt amach agus rudaí a rá nach bhfuil mórán buntáiste ag baint leo ó thaobh na polaitíochta de. Cuimhnigh nuair a labhair sé faoi chás Maurice McCabe le linn dó a bheith ina Aire Iompair. Chothaigh sé scannal agus iontas go ndeachaigh sé in aghaidh chaint Choimisinéir na nGardaí ag an am, Martin Callinan, gur chuir sceithirí cosúil le Maurice McCabe uafás air. Ach thuill Varadkar go leor moladh as a mhacántacht ag an am agus ó shin.

Ach ba í caint an Taoisigh féin a chuir uafás ar go leor an tseachtain seo nuair a chuir sé a ladar, le linn dó a bheith ag stocaireacht i bPort Láirge, sa scéal uafáis a bhí á thuairisciú faoi mharbhlann an ospidéil sa gcathair.

Níos túisce i mbliana tháinig sé chun solais go raibh litir seolta ag ceathrar paiteolaithe ó ospidéal na hOllscoile Port Láirge go dtí Príomhfheidhmeannach ghrúpa ospidéil an Deiscirt/Iardheiscirt.

Bhain an litir leis an moill a bhí ar mharbhlann nua a thógáil san ospidéal, áis a bhí geallta ó 2004 ar chostas €5.6 milliún. Fuarthas cead pleanála lena haghaidh in 2015. Níl tús curtha leis an obair thógála fós. Scríobhadh an litir i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite ag cur síos ar dhrochbhail na marbhlainne. Ba ghearr le ceann d’úrscéalta Patricia Cornwell a bheith ag léamh faoi chorpáin a bheith fágtha ag lobhadh ar thralaithe cheal áiseanna. Dúradh sa litir go mbíodh gaolta na marbh in ann fuaimeanna na scrúduithe iarbháis béal dorais a chloisteáil agus iad tagtha chun a ndaoine muinteartha a aithint go foirmeálta.

“De bharr a phlódaithe agus atá na háiseanna bíonn an pobal a thagann go dtí an marbhlann chun corp a aithint, nó i gcomhair sochraide, in ann an boladh agus an torann a thagann ó obair sheomra na scrúduithe iarbháis a thabairt faoi deara,” a dúradh sa litir.

Dúradh gur “mhasla do dhínit an mharbháin agus dá mhuintir”an drochbhail a bhí ar chúrsaí sa mharbhlann.

Ach ar a chamchuairt i bPort Láirge an tseachtain seo, dúirt an Taoiseach nach raibh aon fhianaise feicthe aige go raibh líomhaintí na ndochtúirí fíor. Ach cén dochtúir nó duine ceart a chumfadh a leithéid?

Bhí an port céanna ag an ospidéal – níl aon chlamhsán faighte ó bhall foirne, ó adhlacóir ná ó theaghlach. An é nach dtuigeann na daoine seo nár cheart go gcaithfí clamhsán a dhéanamh faoin a leithéid? Gan trácht ar dhaoine a bheith trína chéile nuair a bhíonn duine leo tar éis bháis agus gur minic nach dtugann said chuile shórt dá bhfuil ag tarlú ina dtimpeall faoi deara.

Tá polaiteoirí éagsúla ag rá gur cheart go mbeadh fiosrúchán neamhspleách faoin eachtra seo agus go dtabharfaí bainistíocht an ospidéil i bPort Láirge, chomh maith le feidhmeannaigh ghrúpa ospidéil an Deiscirt agus an Iardheiscirt os comhair an choiste sláinte sa Dáil. Agus tá áis chuisneoireachta shealadach le tabhairt go dtí an t-ospidéal. Cén fáth nach ndearnadh é sin láithreach nuair a scríobhadh an litir i bhfómhar na bliana 2018?

Dúirt an Taoiseach an tseachtain seo go bhfuil tógáil na marbhlainne ceadaithe agus go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas tairisceana. Ach cén uair a thógfar í? An mbeifear in ann na háiseanna sealadacha a fhágáil i bPort Láirge go mbeidh an obair déanta?

Comhartha sóirt eile é seo, má theastaigh sé, de mhí-éifeacht na Roinne Sláinte agus a cuid gníomhairí.

Idir an dá linn, beidh sé spéisiúil an gcuirfidh an scéal seo mórán as do vóta Fhine Gael nuair a bheidh toghcháin ann níos déanaí an mhí seo. Tá sé de cháil ar na hÉireannaigh go gcaitheann muid go maith leis na mairbh. Cuireann muid tórramh agus sochraid ghnaíúil ar dhaoine. Léirítear meas ar na mairbh. Ábhar mórtais againn é. An é go bhfuil sin ligthe i ndearmad? Nó an amhlaidh gur chaill Leo Varadkar smacht ar a theanga arís?

Fág freagra ar 'An amhlaidh gur chaill Leo Varadkar smacht ar a theanga arís?'

  • Máire

    Níl aon mheas aige ar nósanna ná deasghnáthanna an phobail.
    Tá a lán vótaí caillte aige freisin de bharr na litreacha re ‘divesting’ from the Catholic Church, a cuireadh chuig bunscoileanna I rith na gComaoineach do pháistí.
    Is Éireannaigh muid ní ‘whim.’