AN AIMSIR: An lá is teo sa bhliain geallta agus ‘Ráig an tSahára’ chugainn

Sruth aer te atá ar a bhealach aníos as an Mhagraib in iarthuaisceart na hAfraice agus an Spáinn is cúis leis an dea-aimsir a bheidh ina buaic faoi lár na seachtaine

AN AIMSIR: An lá is teo sa bhliain geallta agus ‘Ráig an tSahára’ chugainn

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Dea-aimsir atá geallta go dtí an deireadh seachtaine, cé nach mbeidh sé chomh te ina dhiaidh sin.

Má shantaíonn tú an teas beidh áthas ort a léamh go bhfuil teocht chomh hard le 27 céim Celsius á tuar an tseachtain seo agus an Déardaoin beag seo á ghealladh ar an lá is teo fós i mbliana.

Ní sheasfaidh an dea-aimsir ach go dtí an deireadh seachtaine.

Ráig an tSahára atá baiste ar an tonn teasa seo agus teas damanta á thuar san Iodáil agus sa Spáinn mar a bhfuiltear ag gealladh 44 céim Celsius. 40 céim atá á thuar sa nGearmáin agus 35 céim san Ollainn.

Sruth aer te atá ar a bhealach aníos as an Mhagraib in iarthuaisceart na hAfraice agus an Spáinn is cúis leis an dea-aimsir seo a bheidh ina buaic faoi lár na seachtaine.

Beidh sé te inniu, Dé Máirt, anseo in Éirinn agus an teocht idir 19 agus 23 céim Celsius.

Beidh corrmhúr ann, cuid acu trom agus tamaill ghréine eatarthu. Gaoth bhog anoir aduaidh a bheidh ann ach í measartha le cósta an Atlantaigh.

Tiocfaidh deireadh leis an mbáisteach anocht, glanfaidh an t-aer agus beidh an teocht idir 11 agus 14 céim.

Lá breá tirim gréine a bheidh againn amárach agus an teocht idir 19 agus 24 céim Celsius, cé go mbeidh sé níos fionnuaire sa tuaisceart agus san iarthuaisceart, a bhuíochas de ghaoth mheasartha aduaidh. Beidh oíche Dé Céadaoin tirim agus an teocht idir 9 agus 14 céim.

Lá tirim gréine eile a bheidh sa gcuid is mó den tír Déardaoin agus teocht ard, idir 20 agus 27 céim, á tuar. D’fhéadfadh corrbhraon báistí titim le cósta san iardheisceart. Beidh sé meirbh san oíche Déardaoin agus an teocht idir 14 agus 17 céim.
Is beag athrú atá á thuar don Aoine agus lá te eile i ndán dúinn, an teocht idir 20 agus 26 céim Celsius.

D’fhéadfadh corrmhúr a bheith ann  agus beidh an oíche an-mharbhánta agus an teocht idir 14 agus 16 céim.
Deir Met Éireann linn go dtiocfaidh athrú ar an aimsir ag an deireadh seachtaine agus go mbeidh an Satharn i bhfad níos fionnuaire agus go bhféadfadh báisteach throm thoirní a bheith ann scaití.

Fionnuar a bheidh an Domhnach seo chugainn ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'AN AIMSIR: An lá is teo sa bhliain geallta agus ‘Ráig an tSahára’ chugainn'

  • An Fiach Liath

    Ní féidir go bhfuil an tuairisc seo dáiríre! Athrú aeráide antraipineach is cúis leis seo go léir! Na dé-chosaigh neamh-sciathánacha sin – ná raibh maith acu – nó b’fhéidir gur broimeanach bó atá taobh thiar de! Tá na fíricí dár gcur ar aintreo. :-)