Amú san aistriúchán…

Tá Tuairisc.ie ag lorg cúnaimh ónár léitheoirí chun teacht ar na samplaí is 'fearr' den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

20150125_160019Is minic gáire dóite ag an nGael faoin drochaistriúchán Gaeilge a bhíonn le feiceáil ar chomharthaí atá crochta in áiteanna poiblí ar fud na tíre.

Bhuel, tá Tuairisc.ie ag lorg cúnaimh ónár léitheoirí chun teacht ar na samplaí is fearr (is measa!) den ‘phraistriúchán’, mar a thugtar air ar na meáin shóisialta, ar chomharthaí agus ar fhógraí poiblí na hÉireann.

Mar sin, an chéad uair eile a thiocfaidh sibh ar chomhartha ‘Gaeilge’ a chuireann idir iontas agus uafás oraibh, glac pictiúr de agus seol chuig ‘Amú san aistriúchán…’ é ag nuacht@tuairisc.ie.

Foilseofar sa cholún seo na samplaí is mó a chuireann iontas agus alltacht orainn!

Mar thús leis an aistear amú seo foilsítear ar maidin comhartha ar ghlac duine dár léitheoirí dílse pictiúr de le déanaí.

Amú san aistriúcháin… (1)

Áit: An leithreas i Leisureland, Bóthar na Trá, Gaillimh.

An Béarla: Baby Changing Area

An Ghaeilge: Leanbh cheantar atá ag athrú

Focal ó na moltóirí: Thaitin an ceann seo go mór linn. Cad is ‘Leanbh cheantar’ ann? Iarracht ar leagan nua de Thír na nÓg? Agus cén fáth go bhfuil an ceantar seo ag athrú? An amhlaidh go bhfuil na leanaí ag dul in aois agus gan aon leanaí eile ag teacht ina n-áit? Más ea, céard iad na himpleachtaí a bhaineann le na hathruithe déimeagrafacha seo sa ‘Leanbh cheantar’?

Leagan ceart: ‘Seomra athraithe páiste’ a mholann focloir.ie ar ‘baby changing room’, ach rith sé linn go bhféadfaí míbhrí a bhaint as an leagan sin chomh maith.

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…'

  • Dónall

    Cé a dhéanann na comharthaí seo? B’fhiú nasc do focal.ie a chur chucu.

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Seo sampla amháin a chuala mé faoi:
    “Waiting Room-SEOMRA AG FANACHT”.

    Agus ceann eile a chonaic mé le mo shúile féin:
    “No Road Markings-NÁ MARCÁIL BÓTHAR”.

    Uafásach!!

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Ní fógra phoiblí é seo,buíochas le Dia,ach sampla eile le drochaistriúcháin.Lá amháin,thaispeáin duine éigin an cheann seo domsa,abhí ar a fhón phóca.Bhí colún ann leis an teideal “Book Your Site” i mBéarla.Ach,nuair a d’aimsigh sé an leagan Gaeilge,bhí “LEABHAR DO SITE” scríofa ann.
    Íosa,Muire ‘s Iósaf……

    Agus Ed Sheeran bocht!!!
    Is cáiliúil an tattoo seo anois:
    “Nuair is gá dom a fháil sa bhaile is tusa mo solas eolais”.
    Bhuel Ed,beidh an droch-tattoo agat anois agus go deo.Amadán!!