Cás na Gaeilge agus na Gaeltachta le plé inniu sna cainteanna faoi bhunú rialtais

Tá cás na teanga le plé ag na páirtithe tráth a bhfuil amhras ann i gcónaí faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh aire sinsearach don Ghaeltacht sa chéad rialtas eile má éiríonn leis na cainteanna atá ar siúl faoi láthair idir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas

Cás na Gaeilge agus na Gaeltachta le plé inniu sna cainteanna faoi bhunú rialtais

Leascheannaire agus urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil, Dara Calleary, a d'fhéadfadh ról cinniúnach a bheith aige maidir le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta sna cainteanna faoi bhunú rialtais nua

Tá cás na Gaeilge agus na Gaeltachta le plé inniu sna cainteanna atá ar siúl idir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas maidir le bunú rialtais.

Tuigtear go bhfuil ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta ar chlár oibre chainteanna an lae inniu a dhíreoidh chomh maith ar chúrsaí talmhaíochta agus ar chúrsaí gnóthaí eachtracha.

Údar dóchais do lucht na teanga é go mbeidh ceist na Gaeilge á plé ag na páirtithe sna cainteanna mar is beag tagairt a deineadh di go dtí seo sna cáipéisí a foilsíodh mar chuid den iarracht rialtas nua a bhunú.

Beifear ag súil chomh gur buntáiste é go bhfuil ról lárnach sna cainteanna ag leascheannaire agus urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil, Dara Calleary, agus leascheannaire an Chomhaontais Glas, Catherine Martin, a bhfuil tacaíocht láidir léirithe aici sa Dáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do chearta teanga.

Meastar go mbeidh a láidre is a bheidh aon dréachtchlár rialtais ó thaobh na Gaeilge de ag brath go mór ar a láidre is bheidh an seasamh a thógfaidh Calleary agus Martin ar a son sna cainteanna.

Tá cás na teanga le plé ag na páirtithe tráth a bhfuil amhras ann i gcónaí faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh aire sinsearach don Ghaeltacht sa chéad rialtas eile má éiríonn leis na cainteanna atá ar siúl faoi láthair idir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas.

Ba iad Sinn Féin an t-aon pháirtí a gheall ina bhforógra toghcháin go gceapfaidís Aire Sinsearach a mbeadh príomhchúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air.

Dúirt urlabhraí de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc.ie go dtacaíonn an páirtí le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, mar a bhfuil aire sinsearach don Ghaeltacht luaite.

Ach ní raibh an t-urlabhraí sásta aon gheallúint a thabhairt go n-éileodh Fianna Fáil a leithéid sa chás go mbeadh comhrialtas á bhunú acu, ná ní raibh sé sásta a rá gurb ionann tacú leis an Straitéis agus a chinntiú go mbeadh aire sinsearach ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“Tá Fianna Fáil fós tiomanta An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm ina hiomláine.

“Tuigeann an páirtí an tábhacht ó thaobh an chultúir, na heacnamaíochta agus na staire atá leis an nGaeilge a chosaint agus a chothú,” a dúirt urlabhraí ó Fhianna Fáil.

Dúirt an t-urlabhraí chomh maith go raibh ábhair an dréachtchláir Rialtais atá á phlé ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Chomhaontas Glas “faoi rún” agus nach bhféadfaí aon eolas a chur ar fáil faoi “na nithe atá á bplé sna cainteanna”.

Níor tugadh aon gheallúint ach oiread faoi aire sinsearach a bheith ann don Ghaeltacht ag cruinnithe a bhí ag Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite le Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur cruinnithe fiúntacha a bhí iontu. 

“D’aontaigh an dá pháirtí go raibh €20 milliún ag teastáil d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go gcaithfear cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Bhí siad tuisceanach ar an slad a rinneadh ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta agus ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge, nár tháinig aon ardú air le deich mbliana anuas,” arsa de Spáinn.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur léirigh an dá pháirtí tacaíocht do pholasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais agus do bhille teanga “níos láidre”.

Cé nár tugadh aon gheallúint ag an chruinniú faoi Aire Sinsearach don Ghaeltacht, dúirt de Spáinn gur thug an Comhaontas Glas “coimitmint cheana” faoi Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus gur thug Leas-Cheannaire Fhianna Fáil, Dara Calleary, geallúint maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge “ina hiomláine le linn a fheachtas toghcháin”.

“Tá sé luaite sa straitéis go mbeidh Aire Sinsearach ann a mbeadh príomhfhreagracht air don Ghaeltacht,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Dhá thagairt don Ghaeilge a bhí sa chreatcháipéis pholasaí a d’aontaigh ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael ar mhaithe le rialtas nua a bhunú.

Ní raibh slánú na teanga luaite ar chor ar bith sa cháipéis, atá mar bhunús leis na cainteanna rialtais atá ar siúl faoi láthair, agus níl aon tagairt sa cháipéis chéanna do chás na Gaeltachta.

Nuair a foilsíodh an cháipéis pholasaí sin dúirt an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie go raibh “an-díomá go deo” air faoina laghad a bhí ráite faoin nGaeilge sa cháipéis pholasaí Thug Ó Cuív le fios do Tuairisc.ie chomh maith go ndearnadh neamhaird ar mholtaí éagsúla faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht a chuir sé féin faoi bhráid lucht idirbheartaíochta Fhianna Fáil le linn na gcainteanna le Fine Gael.

Ní raibh an Ghaeilge ná an Ghaeltacht luaite sna 17 ceist a chuir an Comhaontais Glas ar Fhianna Fáil agus Fine Gael faoina gcomhpholasaí i dtaca le bunú rialtais.

Tá nach mór deich mbliana caite  ó bhí aire sinsearach agus lánbhall den rialtas ann a raibh an phríomhfhreagracht air ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.    

Ó tharla nach bhfuil Fianna Fáil sásta geallúint a thabhairt go gceapfaí aire sinsearach don Ghaeltacht sa chéad rialtas eile, tá imní anois ar lucht na teanga go bhfuil buille maraithe na muice buailte ar an nós go mbíodh aire sinsearach le Gaeilge i bhfeighil cúrsaí Gaeltachta.

Deir Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile gur mhíbhuntáiste mór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é nach raibh aire sinsearach ag plé leo ó 2011.

Tá a leithéid ráite go minic chomh maith ag iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus polaiteoirí eile de chuid Fhianna Fáil.

Cé gur gheall Fianna Fáil aireacht shinsearach don Ghaeltacht go soiléir ina bhforógra toghcháin in 2016, dúirt urlabhraí ón bpáirtí le Tuairisc.ie roimh thoghchán na bliana seo go mbeadh sé “unprecedented” a leithéid de gheallúint a thabhairt.

Ní raibh a leithéid d’aire ann ó bhí Pat Carey ina aire Gaeltachta ag Fianna Fáil roimh thoghchán 2011. Ó shin i leith, cheap Fine Gael triúr airí sóisearacha chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Dinny McGinley, Joe McHugh agus Seán Kyne.

Bhain conspóid mhór le ceapadh Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014 toisc nach raibh sé líofa sa teanga.

De réir pobalbhreith a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge in 2017 dúirt 81% den phobal gur chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag aon aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air nó uirthi.

Fág freagra ar 'Cás na Gaeilge agus na Gaeltachta le plé inniu sna cainteanna faoi bhunú rialtais'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá sé tráthúil gur inniu a bheas ‘Cás na Gaeilge agus na Gaeltachta’ le plé sna cainteanna faoi bhunú rialtais, mar is inniu chomh maith a bheas litir á fháil i dTeach Laighean ag Ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, ó Chumann Forbartha Chois Fharraige, ag meabhrú dhó gur thug sé le fios i litir a shínigh sé roimh an toghchán, go mbeadh Fianna Fáil ag athbhunú toghchán an Údaráis le deis a thabhairt arís do phobail na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a thoghadh ar Bhord an Údarás na Gaeltachta.